Cork Irish

February 14, 2010

Maitiú 24

Filed under: An Soisgéal do réir Mhaitiú — admin @ 12:26 am

CAIBIDIOL 24.

An íde a bhí le teacht ar an dteampul; agus na cómharthaí a bhí le teacht roimis; agus roime lá an bhreitheamhantais. Ní foláir dúinn bheith ag faire i gcómhnuighe.

Agus do chuaidh Íosa amach as an dteampul, agus bhí sé ag imtheacht; agus tháinigh a dheisgiobuil chuige ag taisbeáint oibreacha an teampail dó. Agus dubhairt seisean leó ’ghá bhfreagra: An bhfeiceann sibh na neithe sin go léir? Go deimhin adeirim libh, ní fágfar anso cloch ar muin chloiche gan raobadh.
Agus do shuidh sé ar chnoc Olibhet, agus tháinig a dheisgiobuil chuige a gan fhios, agus dubhradar: Innis dúinn cathain a thuitfidh na neithe seo amach, agus cad a bheidh mar chómhartha ar do theacht-sa, agus ar dheir an tsaoghail. Agus dubhairt Íosa leó ’ghá bhfreagra: Seachnaidh agus ná cuireadh aoinne amú’ sibh.
Óir tiocfaidh a lán am’ ainim-se agus déarfaid siad, Is mise Críost; agus meallfaid siad a lán. Agus aireóchaidh sibh cogaí agus ráflaí ar chogaíbh. Seachnaidh agus ná bíodh buaireamh oraibh; mar ní foláir na neithe sin do theacht, ach ní h-é an deire fós é. Óir eireóchaidh cine i n-aghaidh cine, agus rígheacht i n-aghaidh rígheachta; agus beidh galair, agus gorta, agus luasgadh talmhan, ar fuid áiteana. Tosach na dtrioblóidí, ámhthach, iad san go léir. Ansan cuirfid siad sibh-se i gcruadhtan, agus cuirfid siad chun báis sibh; agus beith fuath ag na geintibh go léir daoibh mar gheall ar m’ainim-se. Ansan glacfaidh a lán daoine sgannal, agus déanfaidh siad feall ar a chéile, agus beidh fuath acu d’á chéile. Agus eireóchaid a lán fáidhí fallsa, agus meallfaid siad a lán. Agus toisg an mhalluightheacht a bheith iomarcach fuarfaidh an charthanacht i n-a lán. Ach an t-é a bheith seasamhach amach go deire, raghaidh sé saor. Agus craobhsgaoilfar an soisgéal so na rígheachta tríd an ndomhan go léir mar fhiadhnaise do sna geintibh go léir; agus ansan tiocfaidh an críochnú.
D’á bhrígh sin, nuair a chífidh sibh gráin an léirsgriosa, ar ar labhair Daniel fáidh, ’n-a seasamh sa n-áit naomhtha: an t-é a léighfidh, tuigheadh: Ansan an mhuintir atá i n-Iúdéa teithidís chun na gcnoc; Agus an duine ar bhuaic an tighe, ná téigheadh sé síos chun aon rud a bhreith as a thigh leis; Agus an duine sa pháirc ná filleadh sé a d’iarraidh a bhrait. Is mairg do lucht clainne dh’iompar, ámhthach, agus do lucht oileamhna, ins na laethibh sin. Ach guídhidh gan bhúr dteithe bheith sa gheimhreadh ná ar an sabbóid. Óir beidh buaireamh mór an uair sin, ná raibh a leithéid ó thosach an domhain go dtí so, agus ná beidh. Agus mura gciorruighthí na laethanta san ní bheadh dul as ag feóil ar bith; Ach ciorrófar na laethanta san ar son an bhfíoraon. An uair sin má deir aoinne libh: Féach, tá Críost anso, nó ansúd; ná creididh. Mar eireóchaid Críostana fallsa agus fáidhí fallsa, agus tabharfaid siad cómharthaí móra uatha agus iongnaí, i dtreó go seólfaí amú’ na fíoraoin féin (dá mb’ fhéidir é). Féach, tá innste agam daoibh roim ré. D’á bhrígh sin má deirid siad libh: Féach, tá sé sa bhfásach: ná téighidh amach; Féach, tá sé ins na seómraíbh; ná creididh. Óir, mar an splanc a thagann as an dtaobh thoir agus a chítear go dtí an taobh thiar, sin mar a bheidh teacht Mhic an Duine. Pé áit ’n-a mbeidh an corp, is ann a chruinneóchaid na fiolair.
Agus láithreach tar éis trioblóide na laethanta san doircheófar an ghrian, agus ní thabharfaidh an ghealach a solus, agus tuitfid na réalta as an spéir, agus beid cómhachta na bhflathas d’á suathadh; Agus ansan chífar cómhartha Mhic an Duine sa spéir; agus ansan caoifid treabha an domhain go léir, agus chífid siad Mac an Duine ag teacht i sgamallaibh neimhe le mór-chómhacht agus le gradam. Agus cuirfidh sé a aingil amach, le trúmpa agus le guth árd: agus cruinneóchaid siad a fhíoraoin ós na cheithre gaoithibh, ó uachtar na bhflathas go dtí a n-íochtar. Foghlumuighidh soluíd ó’n gcrann fíge. Nuair a bhíonn a ghéag bog, agus a dhuilleabhar tagaithe amach, tá fhios agaibh an samhradh bheith i n-achmaireacht. Mar sin daoibh-se, nuair a chífidh sibh na neithe seo uile, bíodh a fhios agaibh go bhfuil sé i n-aice libh, ins na dóirsibh. Go deimhin adeirim libh, ní imtheóchaidh an tsliocht so go dtiocfaid na neithe seo to léir chun cinn. Raghaidh an spéir agus an talamh ar neamhnídh, ach ní raghaid mo bhréithre-se ar neamhnídh.
I dtaobh an lae sin, ámhthach, agus na h-uaire sin, ní’l fios ag aoinne, dá mb’iad aingil na bhflathas féin iad, ach ag an Athair amháin. Óir mar a bhí i laethibh Nóe iseadh bheidh teacht Mhic an Duine. Mar a bhíodar ins na laethanta roimis an ndílinn ag ithe agus ag ól, ag pósadh agus ag tabhairt le pósadh, díreach go dtí an lá ’na ndeaghaidh Nóe isteach sa n-arc, Agus ní raibh fhios acu go dtí go dtáinig an díle, agus gur rug sí chun siúbhail iad go léir; sin mar a bheidh teacht Mhic an Duine. Ansan beidh beirt i bpáirc: Tógfar duine agus fágfar duine. Beidh beirt bhan ag meilt le muileann: Tógfar bean agus fágfar bean. Deinidh faire, d’á bhrígh sin; mar ní fios daoibh cad é an uair a thiocfaidh bhúr dTighearna. Ach bíodh fhios an méid seo agaibh, dá mbeadh fhios ag fear an tighe cad é an uair a bheadh an bitheamhnach le teacht, go deimhin do dhéanfadh sé faire, agus ní leigfeadh sé a thigh do bhriseadh isteach. D’á bhrígh sin, bídhidh-se, leis, ollamh, mar an uair nách eól daoibh iseadh atá Mac an Duine le teacht.
Cé h-é, is dóigh leat, an seirbhíseach dílis, ciallmhar, a chuir a thighearna os cionn a mhuintire, chun bídh a thabhairt dóíbh do réir aimsire? Is aoibhinn do’n tseirbhíseach san, nuair a thiocfaidh a thighearna, má gheibheann sé é ag déanamh na h-oibre sin. Go deimhin adeirim libh, cuirfidh sé os cionn a choda go léir é. Ach má deir an droch-sheirbhíseach san ’n-a chroidhe féin: Tá mo thighearna ag déanamh ríghnis de theacht; Agus má dhírígheann sé ar a chómh-sheirbhíseacha do bhualadh, agus ar bheith ag ithe ag ól i bhfochair lucht meisge; Tiocfaidh tighearna an tseirbhísigh sin an lá nách dóigh leis, agus an uair nách eól dó; Agus deighilfidh sé é, agus ceapfaidh sé a chuid ameasg lucht fill; beidh sa n-áit sin gol agus díoscán fiacal.

Maitiú 23

Filed under: An Soisgéal do réir Mhaitiú — admin @ 12:24 am

CAIBIDIOL 23.

Do chómhairligh Críost deagh-theagasg na Sgríbhneóirí agus na bhFarisíneach do ghlacadh agus a ndroch-shampla do sheachnadh. Fógrann sé ar a dheisgiobulaibh gan aithris do dhéanamh ar a n-uaillmhian. A lán mairgí aige d’á bhagairt ortha mar gheall ar an gceilg a bhí ionta agus mar gheall ar a ndaille.

Ansan do labhair Íosa leis an bpobul agus le n-a dheisgiobuil.
Agus dubhairt sé: Táid na Sgríbhneóirí agus na Fairisínigh suidhte i gcathair Mhaoise. D’á bhrígh sin pé rud a déarfaid siad libh a choimeád, coimeádaidh é agus deinidh é; ach ná deinidh do réir a n-oibreacha; óir deirid siad, agus ní dheinid siad. Óir ceangalaid siad ualaí troma do-iompuir, agus cuirid siad ar ghuailnibh na ndaoine iad; ach ní h-áil leó féin oiread agus méar a chur ’ghá gcoruighe. Deinid siad gach obair leó, ámhthach, ionus go bhfeicfeadh na daoine iad; leathnuighidh siad a bhfilachtéirí agus méáduighid siad fabhraí a mbrat. Is maith leó ceann cláir ag suidhe chun bídh dóibh, agus na suidhcháin uachtaracha ins na sinagógaibh. Agus fáiltiú dhóibh i n-áit an mhargaidh, agus go dtabharfadh na daoine Rabbí ortha. Ach ná tugtar Rabbí oraibh-se: óir is aoinne amháin atá ’n-a Mháighistir oraibh, agus is bráithre sibh go léir. Agus ná tugaidh bhúr n-athair ar aoinne ar an dtalamh so: óir is aoinne amáin is Athair agaibh, an t-é atá ins na flathais. Agus ná tugtar máighistirí oraibh: óir is aoinne amháin is Máighistir agaibh, .i. Críost. An t-é is fearr oraibh, beidh sé ’n-a sheirbhíseach agaibh. Óir an t-é a dh’árdóchaidh é féin, ísleófar é; agus an t-é a dh’ísleóchaidh é féin, árdófar é.
Ach is mairg daoibh-se, a Sgríbheóirí agus a Fhairisíneacha, a chluanaidhthe: óir do dhúnabhair rígheacht na bhflathas i n-aghaidh na ndaoine; mar, ní théigheann sibh isteach, ná ní leigeann sibh isteach na daoine atá ag dul isteach.
Is mairg daoibh a Sgríbheóirí agus a Fhairisíneacha, a chluanaidhthe: óir itheann sibh tighthe na mbaintreach, ag déanamh úrnuighthe fada; mar gheall air sin is truime-de an bhreith a tabharfar oraibh.
Is mairg daoibh-se, a Sgríbhneóirí agus a Fhairisíneacha, a chluanaidhthe: óir siubhlann sibh muir agus tír chun aoinne amháin a thabhairt chun bhúr gcreidimh; agus nuair a thugann sibh libh é déineann sibh mac ifrinn de níosa dhá mheasa ’ná sibh féin.
Is mairg daoibh-se, a ghiollarí dalla adeir: Pé duine a dhearbhóchaidh dar an teampal, is neamhnídh é; ach an t-é dhearbhóchaidh dar ór an teampail tá an ceangal air. A dhaoine dalla gan chiall: cé’cu is mó le rádh, an t-ór, nó an teampal a bheannuigheann an t-ór? Agus: Pé duine dhearbhóchaidh dar an altóir, is neamhnídh é; ach pé duine a dhearbhóchaidh dar an dtabharthas atá ar an altóir, tá an ceangal air. A dhaoine dalla: Cé’cu is mó, an tabharthas nó an altóir a chuireann an bheannuightheacht ar an dtabharthas? D’á bhrígh sin, an t-é dhearbhuigheann dar an altóir, dearbhuigheann sé dar an altóir agus gach a bhfuil uirthi. Agus an t-é a dhearbhuigheann dar an teampal, dearbhuigheann sé dar an teampal agus dar an t-é atá ’n-a chómhnuidhe ann. Agus an t-é dhearbhuigheann dar neamh, dearbhuigheann sé dar cathaoir ríoga Dé, agus dar an t-é atá ’n-a shuidhe inti.
Is mairg daoibh-se, a Sgríbhneóirí agus a Fhairisíneacha, a chluanaidhthe: óir tugann sibh deachmhadh as an miontais agus as an ainise agus as an gcuimin, agus d’fhágabhair gan cómhlíonadh na neithe is truime sa dlígh, breitheamhantas, agus trócaire, agus creideamh; bhí sé ceart agaibh iad-san do dhéanamh agus gan iad-súd do leigint ar lár. A ghiollaí dalla, sgagann sibh amach an chuil agus sloigeann sibh an camal.
Is mairg daoibh-se, a Sgríbhneóirí agus a Fhairisíneacha, a chluanaidhthe: óir glanann sibh an taobh amuigh de’n chupán agus de’n mhéis; ach táthaoí lán, laistigh, de bhraduíol agus de shailightheacht. A Fhairisínigh dhaill, ghlan ar dtúis an taobh istigh de’n chupán agus de’n mhéis, ionus go mbeadh an taobh amuigh glan.
Is mairg daoibh, a Sgríbhneóirí agus a Fhairisíneacha, a chluanaidhthe: óir is cuma sibh nó uaghna aolta, a fhéachann go h-áluinn lasmuigh, fé shúílibh daoine, ach laistigh táid siad lán de chnámhaibh daoine marbha, agus de’n uile shaghas bréantais. Ar an gcuma gcéadna féachann sibh-se fíoraonta ar an dtaobh amuigh, fé shúilibh daoine; ach laistigh táthaoí lán de’n fheall agus de’n mhalluightheacht.
Is mairg daoibh, a Sgríbhneóirí agus a Fhairisíneacha an fhill: a dheineann tuamaí do chur suas do sna fáidhibh; agus a chuireann na h-órnáidí ar uaghnaibh na bhfíoraon. Agus deireann sibh: Dá mbeimís-ne beó le linn ár sínsear ní bheimís páirteach leó i bhfuil na bhfáidh. D’á bhrígh sin is fínnithe sibh oraibh féin gur sibh sliocht na ndaoine a mhairbh na fáidhe. Líonaidh-se suas, mar sin, tómhas bhúr sínsear. A aithreacha nimhe, a shliocht na n-aithreach nimhe, cad é an dul atá agaibh-se ó bhreith ifrinn? D’á bhrígh sin, féach, cuirim-se chúghaidh fáidhe, agus lucht eagna, agus lucht sgríbhinne; agus marbhóchaidh sibh cuid acu, agus céasfaidh sibh ar chrosaibh cuid acu agus sgiúrsálfaidh sibh cuid acu i nbhúr sinagógaibh, agus ruaigfidh sibh iad ó chathair go cathair. Ionus go dtiocfadh oraibh gach fuil fhíoraonta d’ár doirteadh ar an dtalamh, ó fhuil an fhíoraoin Abel go fuil Shacariais mic Bharachiais a mharbhabhair idir an teampal agus an altóir. Go deimhin adeirim libh, tiocfaidh na neithe sin go léir ar an sliocht so.
A Ierúsalem, a Ierúsalem, a mharbhuigheann na fáidhe, agus a ghabhann do chlochaibh ins na daoine a curtar chúghat, cad é a mhiniceacht dob’ áil liom do chlann a bhailiú chugham mar a bhailigheann an chearc a h-ál fé n-a sgiathánaibh, agus níor bh’áil leat! Féach, fágfar bhúr dtigh i n’uaigneas agaibh. Óir adeirim libh, ní fheicfidh sibh mise feasda go n-abraidh sibh: Moladh leis an t-é atá ag teacht i n-ainim an Tighearna.

Maitiú 22

Filed under: An Soisgéal do réir Mhaitiú — admin @ 12:23 am

CAIBIDIOL 22.

Parabal na bainise. D’órduigh Críost cáin do dhíol le Caesar. Do chlaoidh sé na Sadducínigh. Do thaisbeáin se cad í an chéad aithne sa dlígh. Do chuir sé measgán mearaídhe ar na Fairisíneachaibh.

Agus d’fhreagair Íosa agus do labhair sé airís i soluídibh, agus dubhairt sé: Is cosmhail rígheacht neimhe le fear a bhí ’n-a rí, agus do dhein bainis d’á mhac. Agus chuir sé a sheirbhísigh ag glaodhach ar na daoine a fuair cuireadh chun na bainise; agus níor bh’áil leó teacht. Agus chuir sé seirbhísigh eile uaidh airís. Abraidh, ar seisean, leis an muintir a fuair cuireadh, Féach, tá an féasda ollamh agam; táid mo mhairt marbh agus m’éalta ramhara, agus gach nídh ollamh: Tagaidh chun na bainise. Ach dheineadar-san neamhshuím de, agus d’imthígheadar, duine acu chun a fheirime, agus duine acu chun a cheannaidheachta. Agus do rug an chuid eile acu ar a sheirbhísigh, agus thugadar tarcuisne dhóibh, agus mharbhuigheadar iad. Nuair airigh an rí an nídh sin tháinig fearg air, agus chuir sé a shluaighte armtha uaidh, agus d’ídigh sé na marbhthóirí sin, agus do loisg sé a gcathair. Ansan dubhairt sé le n-a sheirbhíseachaibh: Tá an bhainis ollamh; ach an mhuintir a fuair cuireadh, níor bhfhiú iad é. Imthighidh amach, d’á bhrígh sin, ar na bóithribh agus pé daoine a gheóbhaidh sibh, glaoidhidh isteach ortha chun na bainise. Agus d’imthigh na seirbhísigh amach ar na bóithribh, agus bhailigheadar isteach gach a bhfuaradar de dhaoine, idir old agus maith, agus bhí an bhainis lán de dhaoine ’n-a suidhe chun bídh. Ansan do tháinig an rí isteach go bhfeicfeadh sé an chuideachta, agus chonaic sé ann duine ná raibh culaith na bainise uime. Agus dubhairt sé leis: A chara, conus a thánaís-se anso isteach gan culaith na bainise umat? Ach níor labhair seisean focal. Ansan dubhairt an rí leis an lucht friothálmha. Deinidh a lámha agus a chosa do cheangal, agus caithidh amach é sa doircheacht atá amuigh, áit ’n-a mbeidh gol agus díoscán fiacal. Óir tá glaoidhte ar mhórán, agus ní’l tóghtha ach beagán.
Ansan d’imthigh na Fairisínigh, agus chuadar i gcómhairle go ndéanfaidis búntáiste bhreith air ’n-a chaint. Agus chuireadar chuige deisgiobuil leó féin i n-aonfheacht le muintir Héróid, chun a rádh leis: A Mháighistir, is eól dúinn gur duine fírinneach tu, agus go múineann tú slígh Dé sa bhfírinne, agus ná fuil beann agat ar aoinne; óir ní fhéachann tú chun pearsan aon duine. Innis dúinn, d’á bhrígh sin, cad is dóigh leat? An ceart cáin do dhíol le Caesar nó gan a dhíol? Ach bhí fios a ndroch-aigne ag Íosa agus dubhairt sé: A chluanuidhthe, cad chuige dhaoibh bheith a’m brath? Taisbeánaidh dom píosa d’airgead na cána. Agus thugadar dó pingin. Agus dubhairt Íosa leó: Cé leis an íomháigh seo agus an sgríbhinn seo? Le Caesar, ar siad. Ansan dubhairt seisean leo: D’á bhrígh sin tugaidh do Chaesar na neithe is le Caesar; agus tugaidh do Dhia na neithe is le Dia. Nuair airigheadar an méid sin tháinig iongnadh ortha, agus d’fhágadar ansan é, agus d’imthigheadar.
An lá san tháinig na Sadducínigh chuige, daoine adeir ná fuil aiseirighe ann, agus cheistigheadar é, agus dubhradar. A Mháighistir, dubhairt Maois, Má gheibheann duine bás gan sliocht, pósadh a dhritháir a bhean, ionus go dtógfadh sé sliocht d’á dhritháir. Bhí i n-ár measg-ne mórsheisear drithár, agus do phós an chéad duine acu bean, agus fuair sé bás, agus toisg gan sliocht a bheith air, d’fhág sé a bhean agá dhritháir; Mar an gcéadna an tarna duine acu, agus an trímhadh duine, gur ráinig an seachtmhadh duine. I n-a ndiaidh go léir fuair an bhean bás. Sa n-aiseirighe, ámhthach, cé’cu de’n mhórsheisear gur leis í? mar, bí sí acu go léir. D’fhreagair Íosa, agus dubhairt sé leó: Táthaoi ag dul amú’ toisg gan eólus a bheith agaibh ar an Scriptiúir ná ar chómhachtaibh Dé. Óir sa n-aiseirighe ní pósfar ná ní tabharfar le pósadh, ach beidh siad cosmhail le h-aingealabih Dé ar neamh. Ach, i dtaoibh aiseirighe na marbh, nár léigheabhair an rud adubhairt Dia, mar a ndeir sé libh: Is mise Dia Ábrahaim, agus Dia Ísaaic agus Dia Iácóib? Ní Dia do dhaoinibh marbha Dia, ach do dhaoinibh beó. Agus uair a dh’airigh na daoine é bhíodar ag déanamh iongna d’á theagasg.
Nuair airigh na Fairisínigh nár fhág sé focal le rádh ag na Sadducínigh, thánadar i bhfochair a chéile; Agus cheistigh duine acu é, ollamh sa dlígh, agu baint trialach as, agus dubhairt: A Mháighistir, cad í an aithne mhór sa dlígh? Dubhairt Íosa leis: Grádhfaidh tú do Thighearna Dia ó d’chroidhe go h-iomlán, agus ó t’anam go h-iomlán, agus ó t’aigne go h-iomhlán. Siní an aithne is mó, agus isí an chéad aithne í. Agus tá an tarna h-aithne cosmhail léi: Grádhfaidh tú do chómharsa mar thu féin. Tá an dlígh go léir agus na fáidhe ag seasamh ar an dá aithne sin.
Bhí na Fairisínigh cruinnighthe i bhfochair a chéile, agus do cheisdigh Íosa iad. Agus dubhairt sé: Cad a thuigeann sibh-se i dtaobh Chríost? Cé ’ro mac é? Agus dubhradar leis: Mac Dáibhid. Dubhairt sé leó: Má ’seadh, cad uime go dtugann Dáibhid, sa spioraid, a Thighearna air, mar a ndeir sé: Dubhairt an Tighearna le m’ Thighearna, Suidh ar mo dheis, go gcuiread do namhaid mar fuairmín fé d’chosaibh? D’á bhrígh sin, má thugann Dáibhid a Thighearna air, conus atá sé ’n-a mhac aige? Agus ní raibh oiread agus focal ag aoinne le rádh ’ghá fhreagra; agus ó’n lá san amach níor leómhaidh aoinne é cheisdiú a thuille.

February 13, 2010

Mo Sgéal Féin 10

Filed under: Mo Sgéal Féin — admin @ 9:15 pm

SIUBHAL NA GCNUC
(more…)

February 9, 2010

Mo Sgéal Féin 9

Filed under: Mo Sgéal Féin — admin @ 12:28 am

SGOIL MAGHCHROMTHA AGUS COLÁISDE CHOLMÁIN
(more…)

February 6, 2010

Works in modern Irish

Filed under: Contents — admin @ 12:55 pm

PRE-MODERN
Unknown:
Gabhaltais Shearluis Mhoir, the Conquests of Charlemagne, ca1400. Edited and translated by Douglas Hyde. PDF & HARD COPY

Unknown:
Aibidil Gaoidheilge & Caiticiosma (1571) the first printed book in Irish in Ireland HARD COPY

Other literature categorized according to the origin/place of birth of the writer, where known. Note, eg in the case of Seathrún Céitinn, this is not to imply that the writer necessarily wrote in the local dialect.

ULSTER

Donegal
Ciothruadh Mac Fionnghail
Leabhar Chloinne Suibhne (1514) PDF

Maghnus Ó Domhnaill, Lord of Tír Chonaill (c1500-1563)
Beatha Cholmcille (1532)  PDF

Micheál Ó Cléirigh (1575-1643) born Kilbarron
Annalacha Ríoghachta Éireann (1632–6), edited in 7 volumes by John O’Donovan PDFs:vol 1 vol 2 vol 3 vol 4 vol 5 vol 6 vol 7

Lughaidh Ó Cléirigh (c1580-c1640) cousin of Mícheál
Beatha Aodha Ruaidh Uí Dhomhnaill (c1615)  PDF

Micí Mac Gabhann (1865-1948) from Cloughaneely
Rotha Mór an tSaoíl (1959)

Séamus Ó Grianna/Jimí Fheilimí/Máire (1889-1969) from Ranafast
Nuair a bhí mé óg (1942)

Seosamh Mac Grianna (1900-1990) from Ranafast
Mo Bhealach Féin (1940)
Dá mBíodh Ruball ar an Éan (1942)

Armagh
Tadhg Ó Cianáin (c1575-c1625)
Imtheacht na n-Iarlaí (1609) HARD COPY

Éadhmonn Ó Donnghaile (fl 1680)
Tóraidheacht Gruaidhe Ghrian-sholuis (1679)  PDF
Comhairle Mhic Clamha ó Achadh na Muileann (1680)

Fermanagh
Bonaventura Hussey/Maol Brighde Ó hEodhasa (?-1614) born Diocese of Clogher
An tegasg Críosdaidhe (1611)
Graiméir Ghaeilge na mBráthar Mionúr HARD COPY

Down

Aodh Mac Cathmhaoil/Aodh Mac Aingil (1571-1626) born Saul Co Down
Scathan Shacramuinte na hAithridhe (1618)

unknown
Eachtra cloinne righ na h-Ioruaidhe, edited by Douglas Hyde (1714 manuscript from Co Down) PDF & HARD COPY

Séamas Mac Póilín
Toruidheacht ar Lorg Chríosta  (1762)

Tyrone
Tarlach Ó Mealláin (fl. 1641-1650)
Cinn-Lae Uí Mhealláin (1646)

Cavan
Séamus Ó Gallchobhair (1681-1751) (born Cavan or Leitrim)
Seanmóirí Uí Ghallchobhair, leis an Easbag Séamus Ó Gallchobhair (1735) PDF

Louth (Leinster, but considered part of Ulster dialect area)
Mathew Kennedy
The Spiritual Rose, le Mathew Kennedy agus Brian Callan (1800)

unidentified Ulster:

Ó Luinnín
Mag Uidhir Fhear Manach, c1630, by Ó Luinnín, edited by Patrick Dinneen (story of the Maguire family of Fermanagh)

Maghnus Ó Domhnaill
Corpus Astronomiae (1694) PDF& HARD COPY

Niall Mac Mhuireadhaigh
Leabhar Chloinne Raghnaill, le Niall Mac Mhuireadhaigh (c1700)

Éamonn Óg Mhac Aonghusa (?) (1707–1727)
Eachtra Aodh Mhic Goireachtaigh

MUNSTER

Tipperary
Seathrún Céitinn (1570?-1644?) born near Cahir
Trí bior-ghaoithe an bháis (1631) PDF
Foras feasa ar Éirinn (ca 1634) (history of Ireland) edited by David Comyn

Clare

Mícheál Coimín (1676-1760) Kilfarboy
Torolbh MacStairn (1749) PDF

Brian Merriman/Brian Mac Giolla Meidhre (ca 1749-1805) from Ennistymon
Cúirt An Mheán Oíche (ca 1780) (comic poem)

Riobeárd Ó Catháin (fl. 1858) from Carrigaholt
Updated Dómhaill’s New Testament into Clare Irish (1858) PDF and HARD COPY

Kerry

unknown
Giolla an fhiugha, edited by Douglas Hyde (SW Munster manuscript) PDF

Pierce Ferriter (d1653) Norman-Irish lord of Baile an Fheirtéaraigh in Corca Dhuibhne
Dánta Phiarais Feiritéir (1999) HARD COPY OF ALL EXTANT POEMS

Geoffrey, O’Donoghue (1620-ca. 1685) of Glenfesk
Dánta Shéafraidh Uí Dhonnchadha an ghleanna, edited by Patrick Dinneen HARD COPY]

Aodhagán Ó Rathaille (ca 1670-ca 1727) from Screathan an Mhil in the Sliabh Luachra region
Dánta Aodhagáin Uí Rathaille, edited by Patrick Dinneen PDF

Eibhlín Dubh Ní Chonaill (ca 1743-1800) from Derrynane
Caoineadh Áirt Uí Laoghaire (1773) HARD COPY

Eoghan Rua Ó Súilleabháin (1748?-1784) from Sliabh Luachra
Amhráin Eoghain Ruaidh Uí Shúilleabháin, edited by Patrick Dinneen

Amhlaoibh Ó Súilleabháin (1780-1838) from Killarney:
Cín-lae Amhlaoibh Uí Shúilleabháin (1827-1835) HARD COPY

Pádraig Ó Séaghdha; Conán Maol (1855-1928) from Gort Breac between Kenmare and Killarney
Aodh Ó Néill (1902) (play) PDF

Séamus Ó Dubhghaill (1855-1929):
Beir fhear ó’n dtuaith (1906) (reader put out by the Gaelic League, translation of work by J J Doyle) [was he from Kerry?]

Tomás Ó Criomhthain (1856-1937) from Great Blasket Island
Allagar na hInise (1928) HARD COPY
Dinnsheanchas na mBlascaodaí (1928) HARD COPY OF 1999 EDITION
An tOileánach (1929) PDF & HARD COPY
Allagar II (1999) HARD COPY

Pádraig Ó Shéaghdha (1855-1928) from Gort Breac, known as Conán Maol

Stiana (1930) HARD COPY

Pádraig Ó Duinnín (1860-1934) from near Rathmore
Cormac Ua Conaill (1901) (the first ever novel in Irish) PDF & HARD COPY
Beatha Eoghain Ruaidh Uí Shúilleabháin (1902) PDF & HARD COPY
Muinntear Chiarraidhe roimh an droch-shaoghal (1905) PDF HARD COPY
Faoistin Naomh-Phádraig (1906) (the Confessio of St. Patrick in three languages) PDF & HARD COPY
Irish prose; an essay in Irish, 1902 (prize essay) PDF and HARD COPY
Saoghal in Éirinn (1903) PDF
Comhairle Fithil (1909) (play) PDF
Duan na Nodlag (1903)  (translation of Charles’ Dickens’ Christmas Carol) PDF and HARD COPY

Seán Ó Dálaigh; “Common Noun” (1861-1940):
Timcheall chinn sléibhe (1933)

Muiris Ó Catháin (1870?/1890?-1961) (born Cuas, Corca Dhuibhe, father from the Great Blasket)
Iarann an Tuaiscirt [translation of the Northern Iron by George Birmingham] (1933) HARD  COPY
Annálacha fíora ríoghachta na sidheog le linn Rí Cól (1933)
Lann Fada [translation of Long Lance, autobiography of a Canadian Indian chief] (1941) HARD COPY
Eachtraí Gael [translation of original by P J Dillon] (1955)
Ar muir is ar tír: caibidlí do bheatha Mhuiris Uí Chatháin ón Oileán Tiar d’eachtraigh sé do Risteard Breatnach (1991)

Cúrsaí cleamhnais, 1933 atá bunaithe ar The Proposal le Chekov

Peig Sayers (1873-1958) from Dún Chaoin

Peig (1936) HARD COPY OF MODERN AND SEAN-CHLÓ EDITIONS
Machnamh Seanamhná (1939) HARD COPY OF MODERN AND SEAN-CHLÓ EDITIONS
Beatha Pheig Sayers (1970)
Labharfad le Cách (2010) HARD COPY

Pádraig Ó Siochfhradha (1883- 1964) An Seabhac

An Baile Seo Gainne (1913) HARD COPY
Eachtra Thaidhg Mhic Céin (1914) HARD COPY
Jimín Mháire Thaidhg (1919) HARD COPY
Caibidlí as Leabhar Mhóirín (1934) HARD COPY
Beatha Theobald Wolfe Tone (1937) translation HARD COPY

Seán Ó Criomhthain (1898-1975) from the Great Blasket Island

Lár Dár Saol (1969) HARD COPY

Mícheál Ó Siochfhradha (1900-1986)

Stair-sheanchas Éireann. Cuid 1, Ó thús aimsire go A.D. 1609 (1965)
Stair-sheanchas Éireann : cuid II, ó 1609 go 1933 A.D.

Eibhlín Ní Shúilleabháin (1900-1949) from the Great Blasket Island

Cín Lae Eibhlín Ní Shúilleabháin (2000) HARD COPY

Muiris O Súilleabháin (1904-1950) from the Great Blasket Island, brother of Eibhlín

Fiche Blian ag Fás (1933) HARD COPY OF MODERN AND SEANCHLÓ EDITIONS

Pádraig Ó Maoileoin (1913-) (grandson of Tomás Ó Criomhthain) born Dún Chaoin

Na hAird Ó Thuaidh (1960) (autobiography) HARD COPY
Bríde Bhán (1967) HARD COPY
De Réir Uimhreacha (1969) (detective novel based on his experience in the Garda) HARD COPY
Ó Thuaidh (1983) HARD COPY
An Stát versus Dugdale (2001) HARD COPY

Mícheál Ó Guithín (son of Peig Sayers) (1904-1974) from the Great Blasket Island

Is truagh na fanann an óige (1953) HARD COPY

Máire Ní Ghuithín (1909-1988)

Bean an Oileáin (1986)
An tOileán a Bhí (1978) HARD COPY

Seán Sheáin Í Chearnaigh (1912-) another Blasket islander

An tOileán a tréigeadh (1974) HARD COPY
Iarbhlascaodach ina dheoraí (1978)

Seán Pheats Tom Ó Cearnaigh (1913-) another Blasket islander

Fiolar an eireabaill bháin (1992)

Seán Feailí Ó Catháin, another Blasket islander

Seal (1989)

Cáit Ní Ghuithín (1916-2005), from Dunquin, known as Bab Feiritéar

Ó Bhéal an Bhab (2002) (collection of stories and audio recordings) HARD COPY

Nóra Ní Shéaghdha (I think she was a schoolteacher in the Blaskets from nearby on the mainland)

Thar bealach isteach (1940)

Oisín Ó Siochfhradha
Leathbhliain san Eilbhéis (1952) HARD COPY

Pádraig Ó Ciobháin (1952-present), from Ballyferriter
Ré an Charbaid (2003)
Faightear Gach Laoch In Aisce (2001)
Ar Gach Maoilinn tá Síocháin (1998)
Desiderius a Dó (1996)
An Gealas i Lár Na Léithe (1992)

Muiris Mossie Ó Scanláin, from Baile an Lochaigh, Corca Dhuibhne
An Mám Ó Dheas (2009)

Limerick natives

Seán Ó Tuama (1706-1775) born near Kilmallock
Filidhe na Máighe nó amhráin Sheain Uí Thuama agus Aindriais Mhic Craith, edited by Patrick Dinneeen

Aindrias Mac Craith (1708?-1795) from Kilmallock

Filidhe na Máighe nó amhráin Sheain Uí Thuama agus Aindriais Mhic Craith, edited by Patrick Dinneen

Tadgh “Gaedhealach” Ó Súilliobháin (1715-1795):
Amhráin Thaidhg Ghaedhealaigh Uí Shúilleabháin, edited by Patrick Dinneen
Pious miscellancy PDF

Cork natives

unknown
Parliament Chloinne Thomáis (is this a Cork work?)

Dáibhí Ua Bruadair (1625-1698) from Barrymore
Duanaire Dháibhidh Uí Bhruadair Vol 2 PDF

Domhnall Ó Colmáin
Párliament na mBan (1670s) HARD COPY

Seán Clárach Mac Dómhnaill (1691-1754) from Churchtown
Amhráin Sheagháin Chláraigh Mhic Dhomhnaill, edited by Patrick Dinneen PDF

Máire Bhuí Ní Laoghaire (1774-1849) from Iveleary
Filíocht Mháire Bhuí Ní Laoghaire (1931)

Dómhnaill Ó Súilliobháin (1790-1858) from Kilbarry
Searc-leanmhan Chríost (1822) (translation of Thomas à Kempis’ Imitatio Christi) PDF & HARD COPY

Peadar Ua Laoghaire (1839-1920) from Clondrohid
Suígheamh na Gaedhilge (1895) (18 pages on things like the difference between tá and the copula)
Mion-chaint: an easy Irish phrase book, compiled for the Gaelic League in three parts (1899-1903) PDF and HARD COPY
Bas Dhalláin, play (1900) PDF and HARD COPY
Tadhg Saor, play (1900) PDF and HARD COPY
Aesop a Tháinig go hÉirinn in five parts (1900-03) HARD COPY
An teagasg críosdaidhe, edited by Ua Laoghaire (1901, revised and enlarged in 1919) (the catechism as used in the Diocese of Cloyne)
An sprid, play (1902) PDF
Eólus ar áireamh, arithmetical tables in Irish (1902) PDF; HARD COPY.
An Soísgéal as Leabar an aifrinn, 1902
Irish prose composition: a series of articles, including several upon the Irish autonomous verb (1902) HARD COPY
Sgothbhualadh, a series of articles in Irish reprinted from the “Leader” in two parts (1904 and 1907) PDF HARD COPY, but unclear of which version
Séadna (1904, originally serialized in 1898) HARD COPY
An Craos-Deamhan (1905) PDF & HARD COPY
An Bealach Buidhe, a drama (1906) PDF and HARD COPY
Tóruigheacht Dhiarmuda agus Ghráinne, 1906
Niamh (1907) PDF & hard copy of what appears to a shortened school version; HARD COPY of full version
Seanmóin agus trí fichid, sermons for every Sunday and holy day of the year (1909-10) HARD COPY
Eisirt (1910) PDF & HARD COPY
An Cleasaidhe (1913) HARD COPY
Caitilina (1913) PDF and HARD COPY
Aithris ar Chríost (1914) (a translation into Irish of Thomas à Kempis’ ‘Imitatio Christi’) HARD COPY
Sliabh na mban bhFionn agus Cúan Fithise (1914) HARD COPY
Lughaidh Mac Con (1914) PDF & HARD COPY
Bricriu (1915) PDF
Na Cheithre Soisgéil as an dTiomna Nua, 1915 (a translation into Irish of the Four Gospels) HARD COPY
Mo Sgéal Féin, 1915 PDF & HARD COPY
Guaire (1915) Vol1 and Vol2 PDF and HARD COPY
Táin Bó Cuailnge ‘n-a Dhráma (1916) HARD COPY
Luacht Saothair na Martra (1916) (a translation by Ua Laoghaire of a sermon by Mícheál Ó Ríoghbhardáin)
An Choróinn Mhuire (1917)
Ag Séideadh agus ag ithe (1917) PDF and HARD COPY
Ar nDóithin Araon (1919) PDF; HARD COPY of the leitriú simplí edition
Mo shlíghe chun Dé : leabhar urnaighthe (1921)
Don Cíchóté (1921) (A partial translation of Cervantes’ novel Don Quixote) HARD COPY (also HARD COPY of the leitriú simplí edition of part 1)
Gníomhartha na nAspol, 1922 (a translation into Irish of the Acts of the Apostles)
Irish numerals and how to use them (1922) HARD COPY
Cómhairle ár leasa, articles published in the “Leader” (1923) PDF
Sgéalaidheachta as an mBíobla naomhtha in seven parts (1922-25) (stories from the Bible) HARD COPY
Papers on Irish idiom : together with a translation into Irish of part of the first book of Euclid, by the late canon Peter O’Leary ; edited by Thomas F. O’Rahilly. (1922, expanded 1926) HARD COPY
Lúcián (1924) incl Constantín PDF HARD COPY
Críost Mac Dé (1924-25) HARD COPY
Sgealaidheacht na Macabéach (1925-26) (the stories of the Maccabees from the Apocrypha)
Notes on Irish words and usages (1926) HARD COPY
Leabhar Nua ar Áireamh in three parts (1926) PDF
Cath Ruis na Rí for Boinn (192?) PDF HARD COPY
Aodh Ruadh, an adaptation of the life of Aodh Ruadh Ó Domhnaill originally by Lughaidh O’Clery in the 17th century in two parts (1929-30) HARD COPY

Tadhg Ó Murchadha (1843-1919), “Seandún”, non-native speaker from Macroom, learned Irish as a country tailor
Eachtra Robinson Crúsó (ca 1905) HARD COPY [assisted in the translation by Osborn Bergin] [vol. 1 only - Philip O'Leary's book on Gaelic prose indicated this book was incomplete - there was no volume 2.]
Naomh Éigneachán agus a Chlann Mhac i gCríostin Éirinn 1940
Mícheál Óg Ó Longáin 1940
An cliathan clé 1932

Pádraig Ó Laoghaire (1853-1932)
Cainnt na nDaoine, 1917 (a phrasebook of conversational Irish) HARD COPY

Diarmuid Ó hÉigeartaigh (1856-1934) of Caheragh, Co Cork
Tadhg Ciallmhar (1934) (work eulogising the Gaeltacht native)
Is uasal céird (1968) (autobiography)

Pádraig Ua Cruadhlaoich (1861-1949)
Filidheacht Phádraig Uí Chruadhlaoich (1936)
Cuimhne sean-leinbh (1946)
Seanchas Phádraig Í Chrualaoi (1982) HARD COPY

Máiréad Ní Mhionacháin (1861-1957) of the Bearra Peninsula
Béarrach Mná ag Caint (seanchas) (1999) HARD COPY

Tadhg Ó Buachalla (1863-1945):
Seanchas an Táilliúra

Diarmuid Ó Muimhneacháin (1866-1934) from Ballyvourney
Dhá Chích Danann (1946) [poetry]

Conchobhar Ó Síothcháin (1866-1941) from Cape Clear
Seanchas Chléire (1940) HARD COPY

Conchubhar Ó Muimhneacháin (1870-1945) from Ballingeary
Béaloideas Bhéal Átha an Ghaorthaidh (1934) HARD COPY
Aindréas ar Saoire (translation of Andy takes an outing and The
Captive, short stories by J. Bernard MacCarthy) (1947) HARD COPY
Scéalta o Thiobraid Árainn (translation of The Homes of Tipperary by Kickham) (1953) HARD COPY
Sealgaire Sagairt (translation of work “priest hunters” by James Murphy) (1952)
An t-ollamh Tadhg : dráma trí ngníomh (Professor Tim, drama by George Shiels,
translation) (1944)
Clisiam Charman (translation of Thunder ’n Turf, short stories by Mark
O’Byrne) (1954)

An Bleachtaire Táilliúra, 1947 (The Village Detective le D. O’Riordan)

Fionn agus Lorcán, 1901

An Chéad Oíche Nollag, 1936 (The Manger le Muriel M. Freeman)

Pádraig Ó Laoghaire (1871-1896) from Inches, Eyeries, Bearra Peninsula
The following 7 volumes of Munster stories:
Na trí préacháin 1908
Rí na Bréag 1908
Páidín Ó Dálaigh 1904
An chroch gheal 1905
An fiolar fealltach 1906
Máire Ní Rógáin 1906
Oileán na gcúig mbeann 1906

Diarmuid Ó Laoghaire (1871-1942) of Liscarrigane, second cousin of PUL

Cogar Mogar, 1909

An Bhruinneall Bhán, 1934

Saothar Bliana: aistí ar chuireadóireacht agus ar ghnóthaibh na feirmeach, 1935 (athchló 1945)

Domhnall Bán Ua Céileachair (1872-1950) of Coolea
Sgéal Mo Bheatha (1940) HARD COPY OF MODERN EDITION; HARD COPY OF ORIGINAL
Aodh de Róiste, translation of Hugh Roach the ribbonman, by James Murphy 1933 HARD COPY

Amhlaoibh Ua Loinsigh (1872-1947) of Ballyvourney
Scéalaíocht Amhlaoibh í Luínse (1971)
Seanchas Amhlaoibh Í Luínse (1980) HARD COPY

Pádraig Ó Murchú (1873-1951) from Béarra
Gort Broc: scéalta agus seanchas ó Bhéarra (1996) HARD COPY

Risteárd Ó Foghludha of Youghal “Fiachra Eilgeach” (1871-1957)
Maria Chapdelaine (1933) [a translation of a Québécois novel by Louis Hémon]
An sárúchán (1935) [a translation of The Lifting by John Brandane]

Fíoraon le fiarán,[g.d.] (Tolstoy)

An Béar, 1923 (Chekhov)

An Phíb fé sna bántaibh, 1933 (The Pipe in the fields le T.C. Murray)

Oilibhéar Dubh, 1935 (an dráma Black Oliver le John Guinan)

An Bheidhlín Buadha, 1935 (François Coppée)

Eoinín Bocht, 1942 (El Pobrecito Juan le Gregorio Martinez Sierra).

Ag Suirghe leis an mBaintreach, 1927 (The Courting of the Widow Malone le Constance P. Anderson);
Tiarnaí Deiridh Urmhún (1956) [a translation of the Last Lords of Ormond by Dermot F. Gleeson] HARD COPY

Peadar Ó hAnnracháin (Lorga Liathbhán) of Skibbereen (1873-1965) [son of native speakers, learned Irish during school days]
Fé Bhrat an Chonnartha (1944)
Mar Mhaireas É (1953 and 1955, 2 vols)
Machtnamh Cime (1933)
Mar Chonnac-sa Éire (1937) republished as Nuala de Bharra (1944)

John Michael O’Keefe/Shán Ó Cuív of Macroom (1875-1940) [son of native speakers]
Cúirt na dála agus sgéál eile
Deora athais agus dreachta eile HARD COPY
Niamh chinn oir : comedi aon ghnimh ; (san ”Irish Weekly Independent” a cead-foill sigheadh an drama so) / Shan O Cuiv do sgriobh.
Prós na h-aoise seo / Shán Ó Cuív do sgríbh.
Troid : agus an bhean on dtuaith / Shan O Cuiv do shaothruigh.

Donnchadh Ó Laoghaire (1877-1944) of Doire an Chuilinn, Cúil Aodha
Eachtraí an Ghiolla Mhóir (1936) (translation of Gulliver’s Travels, just the Voyage to Lilliput) HARD COPY

1939 Feoil agus Ceoil (Anderson)
1939 Lios na Sidhe
1939 Eachtra an Impire (Grimm and Anderson – the king’s new clothes)
1936 Eachtraí an ghiolla mhóir
1939 An fainne draoidheachta
1952 An pearla dubh (Sardou)
1940? Eachtra an mhadraidh mhaoil

Pádraig Ua Buachalla (1879-1954), Ballyvourney
Eachtra Phinocchio (1933) HARD COPY OF MODERN  AND ORIGINAL EDITIONS
An Baile (1936) [translation of La Maison by Henri Bordeux] HARD COPY
Idir Croí is Anam (1957) [translation of De Toute son Ame, by René Bazin) HARD COPY
Grádh na hÓige (1948) [El sí de las niñas, by Leandro Fernández de Moratín]

Aindrias Ó Céileachair (1883-1954), Coolea, priest
Quo Vadis? (1936), [translation of a novel by Henryk Sienkiewicz] HARD COPY

Tadhg Ó Scanaill (1883-1967)
Thall is Abhus: eachtra ar oilithre go hÉirinn (1953) PHOTOCOPY

Donnchadh Ó Drisceoil (1912-1984) Cléire
Aistí ó Chléire (1987) HARD COPY

Séamus Ó Céileachair (1916-1988)  An Doirín Álainn, Muskerry

Bláth an bhaile, 1952

Dánta do scoláire, 1954

Coillte an cheoil, 1955

Hup-Hup, 1955 (dánta don naíscoil)

Mil na mbláth, 1956

Grian na gcnoc, 1968

Drúcht an ghleanna, 1986

Seán Ó Ríordáin 1916-1977, An Sliabh Riabhach, Muskerry
Eireaball Spideoige (A Robin’s Tail, book of poetry) (1952, 1986) HARD COPY
Brosna (Kindling) (1964)
Rí na nUile (1964) [from early Irish into modern Irish]
Línte Liombó (Limbo Lines) (1971)
Tar éis mo Bháis (1979, After my Death)

Donnchadh Ó Céileachair (1918-1960) of Cúil Aodha, son of Domhnall Bán
[it is unclear if any of these books is in Cork Irish; Bullaí Mhártain may be the most hopeful]

Dialann Oilithrigh (1953) (diary of his pilgrimages) HARD COPY
Bullaí Mhártain (1955) (short stories written with his sister, Síle Ní Chéilleachair [1924-1985]) HARD COPY
An Duinníneach (1958) (biography written with Prionsias Ó Conluain) HARD COPY
Nótaí de Scéal mo Bheatha [notes on his father's autobiography]
Nuachursa Frainicse
Leabhar Lourdes
Iognáid Loyola

Annraoi Breathnach (Henry N. Walsh, professor of civil engineering at UCC 1921-1957) and Pádraig Ó Dómhnaill
Comhacht Uisge in Éirinn (1919) (pamphlet calling for hydroelectricity in Ireland) PDF (Cork? It was written in Guagán Barra)

Waterford natives

Riobárd Bheldon (1838-1915)
File an Chomaraigh (1903) PDF

Risteard de Hindeberg (1863-1916) born Mount Bolton near Portlaw
Eachtra an Ghobbáin Saoir so PDF

Michael Sheehan (1870-1945)
Cnó coilleadh craobhaighe PDF

Seán Ó Ciarghusa (1873-1961) from Kilthomas, known as Marbhan

Onncail Seárlaí (1930) HARD COPY

Pádraig Ó Cadhla (1875-1948)
Eachtradh Eibhlís i dtír na niongantas (1922) (translation of Alice in Wonderland)

Seáan Ó Cadhla (1884-1918)
Eachtra na mBróg (1917) (a play) PDF

Nioclás Tóibín (1890-1966) born Ring
Roísin Bán an tSléibhe (1922) HARD COPY
An Rábaire Bán (1928) HARD COPY

Oíche ar bharr tuinne (1924)

An Dubh ina Gheal (1924)

Teoiní agus Tighthe Lóistín (1924)

An Cochaillín agus an Cúiteamh (1936) do pháistí

Tigh Leath-slighe (1947)

Ag déanamh glóir agus aistí eile (1954)

Feirín thar fheiríní (1959)

La Belle Nivernaise, 1932

Dinní Ó Fraoighil, 1933

Cú na mBaskerville, 1934

Nuair a d’adhnamar an gleo, 1936 (When Wexford rose, dráma aonghnímh le P. Kehoe);

Éire choidhche ar barr (Ireland first, dráma le P. Kehoe)

Taibhreamh beirte (gearrscéalta aistrithe ón mBéarla)

Sár-eachtraí na gcuardóirí móra, 1936 (Wonder tales of great explorers le Robert Finch)

San Bernadette Lourdes, 1941 (St Bernadette of Lourdes le Bean Riaghalta)

Ór-Ghrádh, 1944 (Sovereign love le T. C. Murray)

Scoth dubh, 1946 (Black Beauty le Anna Sewell)

Mná beaga, 1948 (Little women le Louisa M. Alcott)

Saoghal leanbhaí thar lear, 1948 (Child life in other lands le H. Avis Perdue)

Uilliam Ropaire, 1952 (William the outlaw le Richmal Crompton)

Dachad a hAon, 1955 (Forty-one le Alan Downey)

M’Uncail agus an sagart paróiste, 1955 (Mon oncle et mon curé le Jean de la Brète)

Do theacht na Normánach, 1955 (When the Norman came le Michael O’Hanrahan)

Leanbh mo chroí, 1955 (Hetty Gray le Rosa Mulholland)

Marcaigh an tsléibhe, 1956 (Riders to the mountain le Lorcán Ó Broin)

Éachtaí agus eachtraí, 1960 (Further heroes of modern adventure and epic tales of modern adventure le T. C. Bridges agus H. H. Tiltman).
Deoraidhe Gaedhil ag eachtradh ar bhliain a 1798 (1937) (translation of a work by Myles Byrne) HARD COPY
Domhnaillín (1949) HARD COPY

Seán Tóibín (1882-1971) (born Passage, Co. Cork, but son of Thomas Tóibín, from a breac-Ghaeltacht in Waterford; mother from Co. Cork who gave him a knowledge of Cork Irish)
Iain Áluinn (1936) [translation of Neil Munro's John Splendid, a Highland novel] HARD COPY
Blátha an Bhóithrín (1955) (illustrated book about plants) HARD COPY

Luibh-eolas (1918)

Múin mar seo! (1922)

Irish for all (1922)

Ursa an anama (1923)

Tíreolaí tosaigh (1930)

Tíreolaí ar Éirinn (1934)

Muintir Inis Anaithe (aistriúchán ar Children of Tempest Neil Munro) (1934);

Tonn Clíodna (1936 – dráma do pháistí bunaithe ar na tableaux Gaelacha i gColáiste Uí Chomhraí)

Lincoln (aistriúchán ar Abraham Lincoln John Drinkwater) (1944)

Adré na coille (aistriúchán ar Audrey le Mary Johnston) (1956)

Oileán an anró (1958)

Ag baint lae as (aistriúchán ar The Passing Day le George Shiels)

Troscán na mbánta (an dara cló 1973)

Cúig cúigí Éireann: tíreolas dúchais na Gaeilge (1963).

Eibhlín, Bean Uí Churraoin (1895-1983)
Smaointe fáin an tsuarthamáin (1938) (translation of work by Jerome K Jerome) HARD COPY
Fir mhóra an tSean-Phobail (1941) HARD COPY

CONNAUGHT

Mayo

Antoine Ó Reachtabhra/Raifteiri (1784-1835) of Kiltimagh
Abhráin agus dánta an Reachtabhraigh, edited by Douglas Hyde PDF

John McHale, Abp of Tuam, 1790-1881, of Tubbernavine
translation of Genesis to Deuteronomy (1859)
translation of Joshua (1861)

Sligo

Tadhg Dall Ó hUiginn (1550-1591)
The Bardic Poems of TDOH Vol 1 and Vol 2 PDFs

Andrew Donlevy (1694-ca 1761), went to schooll near Ballymote
An Teagasg Críoduidhe (1742) (Catechism) PDF

Owen Connellan (1800-1869)
Gospel according to St John, with interlined English translation (1830) PDF and PRINT ON DEMAND COPY
A grammatical praxis of the Gospel according to St Matthew span style=”text-decoration: underline;”in Irish (1830) PDF and PRINT ON DEMAND COPY

Thaddeus Connellan/Tadhg Ó Coindealbhán (d1854)
The first two books of the Pentateuch in Irish (1819)
The Proverbs of Solomon in Hebrew Irish and English (1823)
The Psalms of David in the Irish Language (1836) (commissioned by Ulster Presbyterians of the Scot, Norman McLeod, a speaker of Scottish Gaelic, who enlisted Connellan’s help) PDF Gramadach Dhá-Theangthach PDF

Galway
Colm de Bhailís (1796-1906) from Lettermullen, Connemara
Amhrán Chuilm de Bhailís (1904) edited by J H Lloyd and Douglas Hyde PDF

Máirtín Ó Cadhain (1906-1970) born Cois Fhairrge
Cré na Cille (1949) HARD COPY
Athnuachán (1995)
Barbed Wire (published 2002)

Breandán Ó hEithir (1930-1990) born Galway City, grew up Inishmore

Lig Sinn i gCathú, 1976 (bawdy novel)

Pádraic Ó Conaire (1882-1928)

Deoraidheacht (1910)

Roscommon
Seán Ó’Neachtain (1655-1728) born Roscommon, died Meath
Staire Éamuinn Uí Chléire (1715) a work ridiculing the English language PDF

LEINSTER

Offaly
Muircheartach Ó Cionga br /(d1639)
Irish translation of the Old Testament PDF & HARD COPY (a joint work)

Kilkenny

Uilliam Ó Dómhnaill (1570-1628)
Irish translation of the New Testament (1602) PDF & HARD COPY (a joint work with several others)
Irish translation of the Book of Common Prayer (1608) PDF

Dublin

Seosamh Laoide (1865-1939) born in Dublin
Measgán Músgraidhe (1907) PDF

Non-native speakers
I want to keep my reading of Irish by non-Gaeltacht natives to a minimum, but would like to read these. Myles na gCopaleen, despite being a “neo-native” raised in Irish in Strabane, Co. Tyrone, is classed as a non-native speaker here–as I don’t recognize neo-native status as being a genuine equivalent of being a Gaeltacht native. Similarly, those who learned Irish from children in the neighbourhood are classed here as non-native speakers.

Gearóid Ó Nualláin (1874-1942) born in Omagh Co Tyrone
Dia Diabhail agus Daoine (1922) (translations from Russian) PDF
Beatha dhuine a thoil, 1950 (his autobiography) HARD COPY

Brian Ó Nualláin/Myles na gCopaleen (1911-1966) born Strabane, Co Tyrone, nephew of Gearóid
An Béal Bocht, 1941 (a send-up of Gaeltacht literature)

Douglas Hyde/An Craoibhín Aoibhinn (1860-1949) born Castlerea Co Roscommon

Cois na teineadh, 1892 (stories) PDF
Abhráin grádh chúige Connacht (1893) PDF
Abhráin diadha chúige Connacht
Irish poetry : an essay in Irish, 1902 (prize essay in Irish on Irish poetry) PDF
Righ Sheamus, 1904 (a play about James II)
Mise agus an Connradh, 1931 (autobiographical)
Mo thurus go hAmerice, 1937 (autobiographical)
Casadh an tSúgáin (play) PDF

Maoghnas Ó Dómnnaill, editor of An Claidheamh Soluis, from Annascaul, Co Kerry
Tosach Laidne (Latin textbook) PDF

Cormac Ó Cadhlaigh (1884-1960), non-native speaker from Kinsale who became professor of Irish
Gnás na Gaedhilge (1940) HARD COPY

Tadhg Ó br /Murchadha (1843-1919), “Seandún”, non-native speaker from Macroom, learned Irish as a country tailor
Eachtra Robinson Crúsó (ca 1905) HARD COPY [assisted in the translation by Osborn Bergin] [vol. 1 only - unclear if there ever was a vol. 2]
Naomh Éigneachán agus a Chlann Mhac i gCríostin Éirinn 1940
Mícheál Óg Ó Longáin 1940
An cliathan clé 1932

Micheál Ó Gríobhtha (1869-1946), Co Clare, not a full native speaker, known as Cos Obann

Go mbeannuighthear dhuit (1925) HARD COPY

Eachtra Robinson Crúsó (ca 1905) HARD COPY [assisted in the translation by Osborn Bergin] [vol. 1 only - unclear if there ever was a vol. 2]

February 5, 2010

Waking the Dragon: Western handling of China

Filed under: conservative politics — admin @ 4:40 am

Integrating a rapidly developing China into the global political system was always going to be a challenge. China’s cultural assumptions led to conflict with the Western nations early in the modern period. In the late 18th century, when Lord Macartney led a trade mission to the Celestial Kingdom, he was commanded to kowtow before the Emperor: the Western version of the tale tells how he refused to kowtow before a non-Christian, but China’s own annals save national face by claiming that the kowtow was performed. Throughout the 19th century, China found it hard to adjust to the reality that the people they viewed as the “Western Barbarians” were more advanced and more powerful. Even today, the ruling Communist Party carefully nurtures the story of China’s humiliation at the hand of the Western powers. As a result, China comes across as an angry power at times, giving rise to valid questions about the impact that a resurgent China will have on the world as a whole, particularly later in the 21st century.
(more…)

« Newer Posts

Powered by WordPress