Cork Irish

October 10, 2009

Maitiú 8

Filed under: An Soisgéal do réir Mhaitiú — admin @ 10:04 pm

CAIBIDIOL 8.

An lobhar d’á ghlanadh ag Críost; seirbhíseach an taoisigh céad, & máthair céile Pheadair, & a lán eile aige ’á leigheas. An stoirm ar an bhfaraige ’á chiúnú aige. Na deamhain dá gcur amach as an mbeirt a bhí sealbhuighthe acu, & cead uaidh dos na deamhnaibh dul isteach ins na mucaibh.

Ansan nuair a tháinig sé anuas ó’n gcnoc do lean sluaighte móra é. Agus féach, tháinig lobhar, agus do shléacht sé dhó agus dubhairt sé: A Thighearna, tá ar do chumas mé ghlanadh má’s áil leat. Agus do shín Íosa a lámh agus chuir sé air í, agus dubhairt sé; Is áil liom é: glantar thú. Agus do glanadh láithreach é ó n-a lobhra. Agus dubhairt Íosa leis: Féach, ná h-innis d’aoinne é; ach imthigh agus taisbeáin tu féin do’n tsagart, agus tabhair an ofráil a dh’órduigh Maoís, mar fiadhnaise dhóibh-sin.

Ansan nuair a bhí sé tar éis dul isteach i gCapharnaum tháinig chuige taoiseach céad, ’ghá ghuidhe, Agus dubhairt sé: A Thighearna, tá mo bhuachaill sa bhaile ’n-a luighe gan lúth a ghéag, agus tá pianta móra air. Agus dubhairt Íosa leis: Tiocfad-sa agus leighisfead é. Agus dubhairt an taoiseach céad: A Thighearna, ní fiú mise go dtiocfá fé m’ dhíon; ach abair an focal amháin agus beidh mo bhuachaill slán. Mar is duie mise atá fé smacht, agus tá saighdiúirí fúm; agus deirim leis an bhear so, Imthigh, agus imthigheann sé; agus le fear eile, Tar, agus tagann sé, agus le m’ sheirbhíseach, Dein so; agus deineann sé é. Agus nuair airigh Íosa san do dhein sé iongna dhe; agus dúbhairt se leis an muíntir a bhí ’ghá leanmhaint: Go deimhin adeirim libh, ní bhfuaras a leithéid sin de chreideamh i n-Israél. Agus deirim libh go dtiocfaidh a lán daoine ó’n ndomhan toir agus ó’n ndomhan tiar, agus go luighfid siad i bhfochair Ábrahaim agus Isaaic agus Iácóib, Agus caithfar clann na rígheachta amach sa dorchadas atá amuigh, mar a mbeidh gol agus díosgán fiacal. Agus dubhairt Íosa leis an dtaoiseach céad: Imthigh ort, agus fé mar a chreidis deintear duit. Agus tháinig a shláinte do’n bhuachaill an uair sin.

Agus nuair a tháinig Íosa isteach i dtigh Pheadair chonaic sé máthair a chéile ’n-a luighe agus éagcruas uirthi; Agus do rug sé ar láimh uirthi, agus d’imthigh an t-éagcruas di, agus d’eirigh sí, agus dhein sí friothálamh ortha.

Ansan, nuair a tháinig an tráthnóna, thugadar ag triall air a lán daoine go raibh deamhain ionta; agus bhí sé ag díbirt na ndeamhan le n-a fhocal, agus ag leigheas na ndaoine a bhí as a sláinte; Ionus go bhfíorfaí an chaint a dubhairt Isáias Fáidh, mar a ndubhairt sé: Do ghlac sé chuige féin ár n-easláintí agus d’fhuiling sé ár ngalara.

Agus nuair a chonaic Íosa na sluaighte móra ’n-a thímpal, d’órduigh sé dul thar uisge. Agus tháinig fear sgríbhinne chuige agus dubhairt sé leis: A Mháighistir, leanfad thú pé áit ’n-a ngeóbhair. Agus deir Íosa leis: Táid pluaiseana ag na sionachaibh agus neadacha ag éanlaithibh an aéir, agus ní’l ag Mac an Duine áit ar a leigfeadh sé a cheann. Dubhairt deisgiobul eile leis, A Thighearna, leig dom dul ar dtúis agus m’athair d’adhlacadh. Dubhairt Íosa leis, ámhthach: Lean mise, agus leig dos na mairbh a mairbh d’adhlacadh.

Agus nuair a chuaidh sé ar bórd na luinge bige, do lean a dheisgiobuil é. Agus féach, d’eirigh suathadh mór sa bhfaraige, i dtreó go raibh an long d’á múchadh leis na tonnaibh. Ach bhí seisean ’n-a chodla. Agus tháinig a dheisgiobuil chuige agus dhúisigheadar é. A Thighearna, ar said, saor sinn; tá an bás againn. Agus dubhairt Íosa leó: Cad is eagal daoibh, a dhaoine gan puinn creidimh? Ansan d’eirigh sé agus dubhairt sé leis an ngaoith agus leis an bhfaraige fanmhaint socair, agus tháinig ciúnas mór. De sin do ghlac iongnadh na daoine agus dubhradar: Cad é mar duine é seo go bhfuil gaoth agus faraige úmhal dó? Agus nuair a chuadar treasna an uisge, isteach i dtír na nGerasénach, do bhuail uime beirt go raibh deamhain ionta, agus iad ag teacht amach as na h-uaghnaibh agus iad ana-mhillteach, i dtreó nár bh’fhéidir d’aoinne gabháil an tslígh sin acu. Agus féach, do liúghadar agus dubhradar: Cad é sin dúinne thusa, a Íosa, a Mhic Dé? Ar tháinis anso roim an aimsir chun pionóis a chur orainn? Bhí tréad mór muc ar fosaidheacht i ngar dóibh. Agus d’iarr na deamhain achainighe air: Má chuireann tú as so sinn, ar siad, cuir ins na mucaibh sinn. Agus dubhairt sé leó: Imthighidh. Agus d’imthigheadar isteach ins na mucaibh, agus féach, do rith an tréad muc ar buile le fánaidh isteach sa bhfaraige, agus do báthadh iad. Agus do rith na h-aodhairí; agus thánadar isteach sa chathair, agus d’innseadar gach nídh, agus i dtaobh na beirte go raibh na deamhain ionta. Agus féach, do ghluais muintir na catharach go léir amach i gcoinnibh Íosa; agus nuair a chonacadar é d’iarradar air imtheacht as a dtír.

Maitiú 7

Filed under: An Soisgéal do réir Mhaitiú — admin @ 10:04 pm

CAIBIDIOL 7.

An trímhadh cuid de’n tseanmóin ar an gcnoc.

Ná beiridh breith, ionus na béarfaí breith oraibh. Mar is do réir na breithe a thabharfaidh sibh a thabharfar breith oraibh; agus an tómhas le n-a dtómhaisfidh síbh, is leis a tómhasfar chúghaibh. Cad chuige dhuit an dúradán d’fheisgint i súil do bhráthar, agus ná feiceann tu an tsail atá ad’ shúil féin? Nó cad chuige dhuit a rádh led’ bhráthair: Leig dom an dúradán a bhaint as do shúil; agus sin sail ad’ shúil féin? A chluanaire, bain an tsail as do shúil féin ar dtúis, agus ansan chífir conus an dúradán a bhaint a’ súil do bhráthar.

Ná tugaidh an nídh naomhtha dos na madraíbh; agus na caithidh bhúr bpéarlaí chun na muc, le h-eagla go ngeóbhaidís do chosaibh ionta, agus ansan go n-iompóchaidís oraibh agus go stracfaidís sibh.

Iarraidh, agus tabharfar daoibh; loirgidh, agus gheóbhaidh sibh; buailidh, agus osgalófar daoibh. Óir gach aoinne a iarrann tugtar dó; agus gach aoinne a loirgeann gheibheann sé, agus gach aoinne a bhuaileann osgaltar dó. Nó cé h-é an duine agaibh-se go n-iarrfaidh a mhac arán air agus gur cloch a thabharfaidh sé dhó? Nó má iarrann sé iasg air a’ dtabharfaidh sé athair nimhe dhó? Má’s eól, d’á bhrígh sin, daoibh-se atá go h-olc, conus neithe fóghanta thabhairt d’bhúr gclainn, nách dóichíghe go mór go dtabharfaidh bhúr n-Athair atá ins na flathais neithe fóghanta dhaoibh-se ach iad d’iarraidh air?

Gach nídh, d’á bhrígh sin, ba mhaith libh a dhéanfadh daoine dhaoibh-se deinidh-se dhóibh-sin. Siné agaibh an dlígh agus na fáidhe.

Téighidh isteach an dorus cumhang, óir is fairsing an dorus agus is leathan an bóthar a sheólann chun díthe, agus tá a lán a leanann é. Is ana-chumhang an dorus agus is ana-chaol an bóthar a sheólann chun na beatha, agus ní mór a gheibheann eólus air.

Seachanaidh na fáidhe fallsa, a thagann chúghaibh i gclúid na gcaorach agus gur faolchoin chraosacha laistigh iad. Ó n-a dtorthaíbh iseadh dh’aithneóchaidh sibh iad. An mbaintear caora fíneamhna de dhriseach nó fígí d’fheóchadánaibh? Mar sin tugann gach crann fóghanta toradh fóghanta uaidh, agus tugann an droch-chrann droch-thoradh uaidh. Ní féidir do’n chrann fhóghanta droch-thoradh thabhairt ná do’n droch-chrann toradh fóghanta thabhairt. Gach crann ná tugann toradh fóghanta, gearrfar é agus curfar sa teine é. D’á bhrígh sin, as a dtorthaíbh iseadh dh’ aithneóchaidh sibh iad.

Ni h-é gach aoinne adeir liom-sa, a Thighearna, a Thighearna, do raghaidh isteach í rígheacht na bhflathas; ach an t-é a dhéanfaidh toil m’Athar atá ins na flathais, siné a raghaidh isteach i rígheacht na bhflathas. Déarfaid a lán daoine liom-sa an lá san; A Thighearna, a Thighearna, nách ad’ ainim-se a dheineamair targaireacht, agus nách ad’ ainim-se a dheineamair na deamhain do chur amach, agus nách ad’ ainim-se dheineamair mórán mírbhuiltí? Agus ansan admhóchaidh mé dhóibh: Níor chuireas-sa aithne riamh oraibh; Imthighidh uaim, a lucht an uilc a dhéanamh. Gach duine, d’á bhrígh sin, a chloiseann an chaint seo adeirim-se agus do dheineann beart d’á réir, samhlófar é le duine ciallmhar a dhein a thigh ar an gcaraig. Agus do thuit an fhearthainn, agus do tháinig na h-aibhní, agus d’eirigh an ghaoth, agus do ghluaiseadar i gcoinnibh an tighe sin; agus níor thuit sé; mar bhí sé ’n-a sheasamh ar an gcaraig. Agus gach duine a chloiseann na focail seo uaim-se agus ná deineann beart d’á réir, beidh sé ar nós an amadáin a dhein a thigh ar an ngainimh; Agus do thuit an fhearthainn, agus do tháinig na h-aibhní, agus d’eirigh an ghaoth, agus ghluaiseadar i gcoinnibh an tighe sin, agus do thuit sé; agus ba thiubaisteach é a thuitim.

Agus do thárla nuair a bhí an chaint sin críochnuighthe ag Íosa go raibh na daoine ag déanamh iongna d’á theagasg. Óir do dhein sé an teagasg mar a dhéanfadh duine go raibh cómhacht aige, murar bh’ionan agus na Sgríbhneóirí agus na Fairisínigh.

Maitiú 6

Filed under: An Soisgéal do réir Mhaitiú — admin @ 10:03 pm

CAIBIDIOL 6.
(more…)

Maitiú 5

Filed under: An Soisgéal do réir Mhaitiú — admin @ 10:02 pm

CAIBIDIOL 5.
(more…)

Preface to Maitiú

Filed under: An Soisgéal do réir Mhaitiú — admin @ 10:02 pm

NA CHEITHRE SOISGÉIL AS AN DTIOMNA NUA

Soisgéal Naomhtha Íosa Críost do réir Mhaitiú

Maitiú Naomhtha, aon den dáréag asbol ab eadh é. Puibliocánach ab eadh é .i. fear cánach do bhailiú, sar ar ghlaoidh ár Slánuightheóir é chun na h-Asbolachta. Leuí ab ainim dó nuair a bhí sé n-a phuibliocánach. B’é céad duine é, des na Soisgéalaidhthibh, a sgríbh an Soisgéal, agus sa n-Eabhrais, nú sa t-Suro-Chaildaiach, a sgríbh sé é, an teanga a bhí d’á labhairt ag na Iúdaígh an uair sin, i gcrích Phaileistín. Ní’l an sgríbhinn sin ar bith anois, ach do h-aistirígheadh i nGréigis é i n-aimsir na n-asbol, agus, d’á bhrígh sin, tá an t-aistiriú san chómh maith úghdarás leis an gcéad sgríbhinn féin. Timpal sé bliana tar éis deasghabhála ár dTighearna iseadh do sgríbh sé.

Maitiú 4

Filed under: An Soisgéal do réir Mhaitiú — admin @ 10:01 pm

CAIBIDIOL 4.
(more…)

Maitiú 3

Filed under: An Soisgéal do réir Mhaitiú — admin @ 10:00 pm

CAIBIDIOL 3.
(more…)

Maitiú 2

Filed under: An Soisgéal do réir Mhaitiú — admin @ 9:58 pm

CAIBIDIOL 2.
(more…)

Maitiú 1

Filed under: An Soisgéal do réir Mhaitiú — admin @ 9:50 pm

CAIBIDIOL 1.
(more…)

« Newer Posts

Powered by WordPress