Cork Irish

January 25, 2010

Maitiú 18

Filed under: An Soisgéal do réir Mhaitiú — admin @ 2:47 am

CAIBIDIOL 18.

Críost ghá theagasg dóibh an umhluigheacht do chleachtadh; sgannal do sheachaint; teithe ó ócáidíbh peactha; peacacha leanamhnacha do ghearán leis an Eaglais, agus a thuisgint gur cuma nú págánaigh an mhuíntir ná h-éisteann leis an Eaglais. É ’á gheallamhaint d’á dheisgiobulaibh cumas an cheangal agus ar sgaoíle do thabhairt dóibh, agus go mbeidh sé féin ’n-a gcómhthíonólaibh. Ná maithfar do’n t-é ná maithfidh.

An uair sin tháinig na deisgiobuil chun Íosa agus dubhradar: Cé h-é, dar leat, an duine is mó i rígheacht na bhflathas? Agus do ghlaoidh Íosa chuige leanbh beag, agus chuir sé ’n-a sheasamh ’n-a lár é. Agus dubhairt sé: Go deimhin adeirim libh, mura n-iompuighidh sibh agus bheith ar nós na leanbh, ní raghaidh sibh isteach i rígheacht na bhflathas. An t-é d’á bhrígh sin d’ísleóchaidh é féin ar nós an leinbh bhig sin, siné is mó i rígheacht na bhflathas. Agus an t-é a ghlacann aon leanbh beag amháin de’n tsórd san am’ ainim-se, glacann sé mise. Ach an t-é thabharfaidh sgannal do dhuine de’n mhuintir bheag so a chreideann ionam-sa, b’fhearra dhó go gcurfaí bró muilinn ar a mhuineál agus é chaitheamh isteach i ndoimhneacht na faraige.
Is mairg do’n domhan mar gheall ar na sgannalaibh. Ní foláir na sgannail do theacht: ach sa n-am gcéadna is mairg an t-é go dtagann an sgannal d’á dhruím. Má dheineann do lámh nó do chos sgannal duit, gearr anuas díot í, agus caith uait í; is fearra dhuit dul isteach sa bheatha ar leath-láimh nó ar leath-chois ’ná dhá láimh nó dhá chois a bheith agat agus tu chur i dteine shíoruidhe. Agus má dheineann do shúil sgannal duit, strac amach í agus caith uait í; is fearra dhuit dul isteach ’sa bheatha ar leath-shúil ’ná dul i n-ifreann na teine agus do dhá shúil agat.
Tugaidh aire gan neamhshuím a dhéanamh d’aoinne de’n mhuintir bheag san, mar deirim libh go bhfuil radharc do shíor agá n-aingealaibh sin ins na flathais, ar ghnúis m’Athar-sa, atá ins na flathais.
Óir do thánig Mac an Duine chun go sábhálfadh sé an nídh a bhí caillte. Cad is dóigh libh? Má bhíonn céad caora ag duine, agus go raghaidh caora acu amú, ná fágfaidh sé na naoi gcinn déag agus cheithre fichid ar na cnocaibh, agus ná h-imtheóchaidh sé ag lorg an cinn a chuaidh amú? Agus má ráinigheann dó í dh’fhághail, deirim libh, go deimhin, gur mó an t-áthas atá air mar gheall uirthi sin ’ná mar gheall ar na naoi gcinn déag agus cheithre fichid nár chuaidh amú. Mar an gcéadna ní toil le nbhúr n-Athair atá ins na flathais go gcaillfí duine de’n mhuíntir bheag san. Ach ma dheineann do bhráthair beart ad’ choinnibh, imthigh agus cómhairligh é idir tú féin agus é féin amháin. Má éisteann sé leat, tá do bhráthair buaidhte agat. Mura n-éistidh sé leat, tabhair leat duine nó beirt eile, i dtreó go seasóchaidh gach focal i mbéal beirte nó trír fínnithe. Agus mura n-éistidh sé leó san, innis do’n eaglais é; agus mura n-éistidh sé leis an eaglais, bíodh sé ’n-a phágánach nó ’n-a puibliocánach agat. Go deimhin adeirim libh, pé neithe a cheangalóchaidh sibh ar talamh, beid siad ceangailte ar neamh; agus pé neithe a sgaoilfidh sibh ar talamh, beid siad sgaoilte ar neamh.
Agus deirim libh ’n-a theannta san, má bhíonn beirt agaibh ar aon aigne ar talamh i dtaobh aon ruda ar bith a bheidh acu d’á iarraidh, go bhfaghaid siad an rud san a dhéanamh dóibh ó m’ Athair-se atá ins na flathais. Óir, an áit ’n-a bhfuil beirt nó triúr cruinnighthe am’ ainm-se, táim-se ansan ’n-a measg.
Ansan do tháinig Peadar chuige agus dubhairt. A Thighearna, an ’mó uair a dhéanfaidh mo bhráthair beart am’ choinnibh agus go maithfead dó? Chómh fada le seacht n-uaire, an eadh? Dubhairt Íosa leis: Ní deirim leat chómh fada le seacht n-uaire, ach chómh fada le seacht n-uaire fó sheacht ndeich.
D’á bhrígh sin, is cosmhail rígheacht na bhflathas le fear a bhí ’n-a rí, agus gur mhian leis cúntas a shocarú le n-a sheirbhíseachaibh. Agus nuair a thosnuig shé ar an gcúntas do shocarú do tugadh chuige duine go raibh deich míle talant aige air. Agus nuair ná raibh aon rud aige chun na bhfiach a dhíol, d’órduigh an tighearna é féin agus a bhean, agus a chlann, agus a raibh aige, do dhíol amach agus díolfiach a dhéanamh. Ansan do chaith an seirbhíseach san é féin ar an dtalamh, ag guidhe an tighearna, agus dubhairt sé: Dein foidhne liom, agus díolfad an iomláine leat. Agus do ghlac truagh an máighistir do’n tseirbhíseach san, agus do sgaoil sé chun siubhail é, agus do mhaith sé na fiacha dhó. D’imthigh an seirbhíseach san amach, ámhthach agus do casadh air chómh-sheirbhíseach dó féin go raibh céad pingin aige air; agus do rug sé air, agus bhí sé ’ghá thachtadh, agus ’ghá rádh leis: Díol liom na fiacha atá agam ort. Agus do chaith an cómh-sheirbhíseach é féin ar an dtalamh, agus dubhairt sé: Dein foidhne liom, agus díolfad leat an iomláine. Ní dhéanfadh, ámhthach; ach d’imthigh sé agus chuir sé sa phríosún é, go ndíolfadh sé na fiaca. Ach nuair a chonaic a chómh-sheirbhíseach-sin cad a bhí déanta, tháinig buairt ana-mhór ortha, agus thánadar agus d’innseadar do’n tighearna gach nídh fé mar a thuit amach. Ansan do ghlaoidh a thighearna ar an bhfear san, agus dubhairt sé leis: A sheirbhísigh mhalluighthe, do mhaitheas-sa na fiacha go léir duit-se, toisg tu ’ghá iarraidh orm; Nár chóir, d’á bhrígh sin, duit-se truagh agam-sa dhuit-se? Agus bhí fearg ar an dtighearna agus thug sé suas do na céasdóiríbh é, go ndíolfadh sé na fiacha go léir. Agus sin mar a dhéanfaidh m’Athair-se atá ins na flathais libh-se é mura maithfidh gach duine agaibh d’á bhráthair ó chróidhe.

Maitiú 17

Filed under: An Soisgéal do réir Mhaitiú — admin @ 2:44 am

CAIBIDIOL 17.

An t-Atharú gné ar Chríost. An leanbh a bhí n-a gheilt d’á leigheas aige. D’innis sé a pháis a bheith ag teacht, agus dhíol sé an didrachma.

Agus sé lá ’na dhiaidh san do thóg Íosa leis Peadar agus Séamus agus Eóin, a dhritháir-sin, agus do rug sé suas iad go bárr cnuic aoírd, fé leith, Agus tháinig atharú cló air ós a gcómhair. Agus tháinig taithneamh ’n-a ghnúis ar nós na gréine, agus d’iompuigh a chuid éadaigh chómh geal le sneachta. Agus féach, do chonacadar Maois agus Elias agus iad ag caint leis, Agus d’fhreagair Peadar agus dubhairt sé le h-Íosa: A Thighearna, is maith an bhail orainne bheith anso; má’s áil leat deinimís anso trí puible, pubal duit-se, agus pubal do Mhaois, agus pubal d’Elias. Le linn na cainte sin do rádh dhó, féach, do chlúdaigh sgamall soillseach iad; agus féach, guth ar an sgamall, agus dubhairt: Sidé mo Mhac dhílis ar a bhfuil mo ghreann: éistidh leis. Agus nuair airigh na deisgiobuil an guth, do thuitheadar ar a n-aghaidh, agus eagla mór ortha. Agus tháinig Íosa agus chuir sé a lámh ortha, agus dubhairt sé leó: Eiríghidh, agus ná bíodh eagal oraibh. Agus d’fhéachadar suas, agus ní fheacadar aoinne ach Íosa féin. Agus ag teacht anuas ó’n gcnoc dóibh dubhairt Íosa leo: Ná h-innsidh d’aoinne an radharc go n-eirighidh Mac an Duine ós na mairbh.
Agus d’fhiafraigh na deisgiobuil dé: Agus cad chuige go ndeir na Sgríbhneóirí nách foláir Elias do theacht ar dtúis? Agus dubhairt sé leó ’ghá bhfreagra Tiocfaidh Elias, agus ceartóchaidh sé gach nídh. Ach deirim-se libh go dtáinigh Elias cheana, agus níor aithnigheadar é, ach d’imireadar a dtoil air. Agus sin mar atá le fulang ag Mac an Duine uatha. Ansan do thuig na deisgiobuil gur ar Eóin Baiste a bhí sé ag trácht leó.
Agus nuair a thánadar go dtí an sluagh, do tháinig chuige duine agus chaith sé é féin ar a ghlúinibh ’n-a láthair: A Thighearna, ar seisean, dein trócaire ar mo mhac; mar tá sé ’n-a gheilt, agus tá mórán pionóis air; agus tuiteann sé sa teine go minic, agus sa n-uisge go minic. Agus thugas chun do dheisgiobul é, agus níor fhéadadar é leigheas. Agus d’fhreagair Íosa agus dubhairt: Ó, a shliocht dhíth-chreidimh dho-theagasgtha, an fada a bheidh mé i n-bhúr measg? an fada a chuirfead suas libh? Tugaidh chúgham anso é. Agus do smachtuigh Íosa an deamhan, agus d’imthigh sé as, agus bhí an mac leighiste as san amach. Ansan tháinig na deisgiobuil ag triall ar Íosa, a gan fhios, agus dubhradar, Cad ’n-a thaobh nár fhéadamairne é chur amach? Agus dubhairt Íosa leó: Mar gheall ar bhúr n-easba creidimh. Go deimhin adeirim libh, má bhíonn fiú oiread gráinne de shíol mustáird de chreideamh agaibh, déarfaidh sibh leis an gcnoc so, Aistirigh as so ansúd anonn, agus aistireóchaidh sé; agus ní bheidh aon rud ná beidh ar bhúr gcumas a dhéanamh. Ach ní curtar amach an sórd so ach le h-úrnuighthe agus le trósgadh.
Agus nuair a bhíodar ’n-a gcómhnuidhe i nGaililí, dubhairt Íosa leó: Tá Mac an Duine le tabhairt i lámhaibh daoine; Agus cuirfid siad chun báis é, agus aiseireóchaidh sé an trímhadh lá. Agus tháinig buairt ana mhór ortha.
Agus nuair a thánadar go Capharnaum tháinig lucht na ndidrachma do ghlacadh ag triall ar Pheadar, agus dubhradar leis: Ná díolann bhúr máighistir-se an didrachma? Dubhairt seisean: Díolann. Agus nuair a chuadar isteach sa tigh do labhair Íosa leis ar dtúis agus dubhairt: Cad a chítear duit-se, a Shímóin? righthe na talmhan, cé uatha go nglacaid siad cíos nó cáin? an ó n-a gclainn féin, nó ó dhaoinibh iasachta? Agus dubhairt seisean: Ó dhaoinibh iasachta. Dubhairt Íosa leis: D’á bhrígh sin tá an chlann saor. Ach i dtreó ná tabharfaimís sgannal dóibh, imthigh chun na fairaige agus caith dubhán; agus an chéad iasg a thiocfaidh aníos, tóg é; agus osgail a bhéal, agus gheobhair statér ann; tóg é sin agus tabhair dóibh sin é agam-sa agus asat féin.

Maitiú 16

Filed under: An Soisgéal do réir Mhaitiú — admin @ 2:44 am

CAIBIDIOL 16.

Críost ghá dhiúltú cómhartha ó neamh a thaisbheáint dos na Fairisínigh. Admháil Pheadair agus a thoradh dhó; a imdheargadh mar gheall ar chur i n-aghaidh páise Chríost. Ní foláir do chualacht Chríost uile iad féin do shéanadh.

Ansan do tháinig chuige na Fairisínigh agus na Sadducínigh chun triail a bhaint as; agus d’iarradar air cómhartha ó neamh do thaisbeáint dóibh. Ach d’fhreagair seisean agus dubhairt sé leó: Deirtí-se um thráthnóna, Beidh soineann ann, mar tá an spéir dearg; Agus ar maidin, Beidh stoirm ann, mar tá an spéir ag deargadh do dorcha. Tá fhios agaibh conas gnúis na spéire do bhreithniú; agus nách féidir libh cómharthaí na h-aimsire dh’aithint? Tá sliocht an uilc agus an adhaltranais ag lorg cómhartha; ach ní tabharfar de chómhartha dhóibh ach cómhartha Iónais Fáidh. Agus d’fhág sé ansan iad agus d’imthigh sé.
Agus nuair a tháinig a dheisgiobuil treasna na faraige, dhearmhadadar arán a thabhairt leó. Agus dubhairt sé leó: Féachaidh agus seachnaidh giost na bhFairisíneach agus na Sadducíneach. Agus dheineadar-san machtnamh ’n-a n-aigne, ’ghá rádh, Níor thugamar arán linn. Agus bhí a fhios san ag Íosa agus dubhairt sé: A dhaoine gan puínn creidimh, cad é an machtnamh so oraibh toisg gan arán a bheith agaibh? Ná fuil tuisgint agaibh fó, nó nách cuimhin libh na chúig bhulóga do’n chúig mhíle duine, agus an mó ciseán a thógabhair? Ná na seacht mbulóga dó’n cheithre mhíle duine, agus an mó ciseán a thógabhair? Cad ’n-a thaobh ná tuigeann sibh nách i dtaobh aráin adubhart, Seachnaidh giost na bhFairisíneach agus na Sadducíneach? Ansan do thuigeadar ná dubhairt sé gur bh’é giost an aráin a bhí le seachaint, ach teagasg na bhFairisíneach agus na Sadducíneach.
Agus tháinig Íosa isteach i gcríochaibh Chaesaréa Philippí; agus do cheistigh sé a dheisgiobuil, agus dubhairt: Cé h-é, dar le daoine, Mac an Duine? Agus dubhradar: Deir cuid acu gur b’é Eóin Baiste é; agus deir cuid acu gur b’é Elias é; agus deir cuid acu gur b’é Ieremias é, nó duine des na fáidhibh. Agus dubhairt Íosa leó: Ach dar libh-se cé h-é mé? Agus d’fhreagair Símón Peadar agus dubhairt: Is tú Críost Mac Dé Bhí. Agus d’fhreagair Íosa agus dubhairt sé leis: Is aoibhinn duit, a Shímóin mhic Ióna, óir ní feóil agus fuil a dh’fhoillosigh duit-se sin, ach m’Athair-se atá ins na flathais. Agus deirim-se leat-sa gur Peadar tu, agus is ar an gcaraig seo a chuirfead-sa suas m’eaglais, agus ní bhuadhfaid geataí ifrinn uirthi. Agus tabharfad duit eochracha rígheachta na bhflathas; agus pé rud a cheangalóchair ar talamh, beidh sé ceangailte ins na flathais; agus pé rud a sgaoilfir ar talamh, beidh sé sgaoilte ins na flathais. Ansan d’órduigh sé d’á dheisgiobulaibh gan a dh’innsint d’aoinne gur bh’é féin Íosa Críost.
Ansan do thosnuigh Íosa ar a thaisbeáint d’á dheisgiobuil nár bhfoláir é fein a dhul go Ierúsalem agus mórán d’fhulag ós na sínsearaibh agus ós na Sgríbhneóiribh agus ó uachtaránaibh na sagart, agus a chur chun báis, agus a aiseirighe an trímhadh lá. Agus do thóg Peadar é, agus chrom sé ar aighneas leis, agus dubhairt sé: Abhfad uait-se sin, a Thighearna. Ní thiocfaidh san ort-sa. Agus d’iompuigh seisean agus dubhairt sé le Peadar: Imthigh lastiar díom a Shátain; cuireann tu seirbhthean orm; mar ní h-iad na neithe a bhaineann le Dia a thaithneann leat-sa ach na neithe a bhaineann le daoine.
Ansan dubhairt Íosa le n-a dheisgiobuil: Ma’s áil le h-aoinne teacht am’ dhiadh-se, séanadh sé é féin, agus tógadh sé a chros, agus leanadh sé mé. Mar, an t-é gur mian leis a anam do shábháil, caillfidh sé é; ach an t-é a chaillfidh a anam ar mo shon-sa, gheóbhaidh sé é. Mar, cad é an tairbhe do duine an domhan go léir a bhuachtaint, má dheineann sé a anam féin a chailleamhaint? nó cad í an mhalairt a dhéanfaidh duine ar a anam féin? Óir tá Mac an Duine chun teacht i nglóire a Athar mar aon le n-a aingealaibh; agus ansan tabhairfaidh sé do gach duine do réir a ghníomhartha. Go deimhin adeirim libh, tá cuid d’á bhfuil ’n-a seasamh anso agus ní bhlaisfid siad bás go bhfeicfid siad Mac an Duine ag teacht ’n-a rígheacht.

Maitiú 15

Filed under: An Soisgéal do réir Mhaitiú — admin @ 2:42 am

CAIBIDIOL 15.

Na Sgríbhneóirí d’á n-imdheargadh ag Críost. Inghean na mná ó Chanaan, agus a lán eile d’á leigheas aige agus bia aige ’á thabhairt do cheithre mhíle duine le seacht mbológaibh.

Ansan do tháinig Sgríbhneóirí agus Fairisínigh ag triall air ó Ierúsalem, agus dubhradar: Cad chuige go mbrisid do dheisgiobhuil-se nósa na sean? Óir ní níghid siad a lámha nuair a chaithid siad bia. Agus d’fhreagair sé iad, agus dubhairt: Cad chuige go mbriseann sibh-se dlígh Dé ar son bhúr sean-nós? Óir deir Dia: Tabhair do t’ athair agus do d’ mháthair onóir; agus, An t-é dhéanfaidh easgaine ar a athair nó ar a mháthair curtar chun báis é. Deir sibh-se, ámhthach, Pé duine adeir le n-a athair nó le n-a mháthair, Gach tabharthas d’á dtugaim-se uaim, beidh a thairbhe agat-sa; Agus ní onórfaidh sé a athair ná a mháthair; agus tá aithne Dé curtha agaibh ar neamhnídh ar son bhur sean-nós. A chluanaidhthe, is maith a thargair Isáias i nbhúr dtaobh nuair adubhairt sé: Onóraid na daoine seo mé le n-a mbéal, ach is fada uaim atá a gcroidhe. Agus is onóir gan bhunús a thugaid siad dom, ag múineadh teagaisg agus aitheanta daoine.
Agus do ghlaoidh sé chuige an pobul, agus dubhairt sé leó: Cloisidh agus tuigidh: Ní h-é an rud a théigheann isteach sa bhéal a shailigheann an duine, ach an rud a thagann amach as an mbéal, siné a shailigheann an duine. Ansan do tháinig a dheisgiobuil chuige, agus dubhradar leis. An eol duit go bhfuil sgannal glacaithe ag na Fairisínigh ó airigheadar an focal san? Ach d’fhreagair seisean: Gach curadóireacht nár chuir m’Athair neamhdha-sa, stracfar as a phréachaibh é. Sgaoilidh leó san; giollaí dalla ag dallaibh iseadh iad; agus má dheineann dall giollacht ar dhall, tuitfidh siad araon sa díg. Agus d’fhreagair Peadar agus dubhairt: Mínig dúinn an tsoluíd úd. Agus dubhairt seisean: Agus an bhfuil sibh-se féin gan tuisgint fós? Ná tuigeann sibh, gach nídh a théigheann isteach sa bhéal, go dtéigheann sé síos sa bholg, agus go n-imthigheann sé sa bhfiailteach? Ach na neithe a thagann as a mbéal, is ó’n gcroidhe a thagaid siad; agus isiad a shailigheann an duine. Óir is amach as an gcroidhe a thagaid droch-smuínte, dúnmharbhadh, adhaltranas, striapachas, gadaidheacht, leabhair éithigh, diamhasla; Siniad a shailigheann an duine; Agus ní bia a dh’ithe gan lámha do níghe a shailigheann an duine.
Agus d’imthig Íosa as an áit sin, agus chuaidh sé go críochaibh Tuíre agus Sídóin. Agus féach, tháinig bean ó Chanaan amach as na críochaibh sin, agus do ghlaoidh sí: A Thighearna, a Mhic Dáibhid, fóir orm! ar sisi; Tá m’inghean d’á ciapadh go cruaidh ag deamhan. Agus níor thug sé aon fhreagra uirthi. Agus tháinig a dheisgiobuil chuige, agus d’iarradar air í leigint chun siúbhail. Leig chun siúbhail í, ar siad; tá sí ag glaodhach i n-ár ndiaidh. Ansan dubhairt sé léi: Níor cuireadh mé ach chun na gcaorach a cailleadh ó theaghlach Israéil. Ach do tháinig sisi agus do shléacht sí dhó, agus, Fóir orm, a Thighearna, ar sisi. Agus d’fhreagair sé: Ní maith an rud bia na leanbh a thabhairt dos na coileánaibh. Ach, a Thighearna, ar sisi, ithid na coileáin na brúscar a thuiteann ó bhórd a dtighearnaí. Ansan d’fhreagair Íosa agus dubhairt sé léi: A bhean, is mór é do chreideamh. Deintear duit mar is mian leat. Agus do slánuigheadh a h-inghean ó’n uair sin.
Agus d’imthigh Íosa ó’n áit, agus tháinig sé go bruach mara Ghaililí; agus chuaidh sé suas ar chnoc, agus shuidh sé ann. Agus tháinig sluaighte móra chuige, agus daoine balbha acu, agus daill, agus bacaigh, agus daoine leicthe, agus mórán eile; agus chaitheadar agá chosaibh iad, agus do leighis sé iad; I dtreó go raibh iongnadh ar na sluaighte nuair a chonacadar na daoine a bhí balbh ag caint, agus na daoine a bhí bacach ag siúbhal, agus radharc ag na dallaibh; agus do mholadar Dia Israéil.
Ansan do ghlaoidh Íosa chuige a dheisgiobuil agus dubhairt sé: Tá truagh agam do’n tsluagh, óir táid said ar éis fanmhaint trí lá am’ fhochair agus ní’l aon nídh le n-ithe acu; agus ní maith liom iad do chur uaim ’n-a dtrosgadh, le h-eagla go dtuitfidís ar an slígh. Agus dubhairt a dheisgiobuil leis: Ach cá bhfaighmíd-ne, i bhfásach, oiread aráin agus shásóchaidh a leithéid de shluagh? Agus dubhairt Íosa leó: An ’mó bulóg agaibh? Agus dubhradar-san, Seach mbulóga, agus raint d’iasgaibh beaga. Agus d’órduigh sé do’n tsluagh suidhe ar an dtalamh. Agus thóg sé na seacht mbulóga agus na h-iasga, agus ghaibh sé buidheachas, agus do bhris sé iad, agus thug sé dos na deisgiobuil iad, agus thugadar-san do’n tsluagh iad. Agus d’itheadar go léir, agus bhí a ndóithin acu; Agus an bia briste do fágadh, do thógadar é i seacht gciseánaibh lána. Agus isé méid daoine a chaith bia ann ná cheithre mhíle duine. Lasmuigh de miondaoinibh agus de mhnáibh.
Ansan do chuir sé uaidh an tsluagh, agus chuaidh sé ar bórd na luinge bige, agus tháinig sé i gcríochaibh Magedan.

October 24, 2009

Maitiú 14

Filed under: An Soisgéal do réir Mhaitiú — admin @ 9:43 am

CAIBIDIOL 14.

Eóin baiste d’á chur chun báis ag Héród. Bia d’á thabhairt ag Críost do chúig mhíle duine sa bhfásach. É ag siubhal ar an bhfaraige, agus an uile shaghas lucht galair d’á leigheas aige, gan ach iad do bhaint le n-a chuid éadaigh.

Sa n-am san do chualaidh Héród, an tetrarc, cáil Íosa. Agus dubhairt sé le n-a mhuintir thighe: Sidé Eóin Baiste; d’eirigh sé órna mairbh, agus is uime sin atáid na mírbhuiltí d’á ndéanamh tríd.
Óir bhí Héród tar éis Eóin do ghabháil agus do cheangal agus do chur i mbraighdineas mar gheall ar Héródias, bean a dhrithár. Mar dubhairt Eóin leis: Ní dleaghthach duit í sin a bheith agat. Agus ba mhian leis é chur chun báis, ach bhí eagla na ndaoine air, óir do thuigeadar gur bh’fháidh Eóin Baiste. Ach lá beirthe Héróid dhein inghean Héródias rinnce ’n-a láthair, rinnce a thaithn le Héród. Mar gheall air sin do dhearbhuigh sé go dtabharfadh sé dhi pé rud d’iarrfadh sí air. Dubhairt sise, óir do chuir a máthair suas chuige í: Tabhair dhom ar mhéis ceann Eóin Baiste. Tháinig buairt ar an rí; ach mar gheall ar an ndearbhú, agus mar gheall ar an gcuideachtain a bhí láithreach, d’órduigh sé é thabhairt di. Agus chuir sé daoine uaidh agus bhain sé an ceann d’Eóin sa phríosún. Agus do tugadh a cheann i láthair, ar mhéis; agus do tugadh do’n cailín é, agus do rug sise ag triall ar a máthair é. Agus tháinig a dheisgiobuil agus do rugadar leó a chorp, agus d’adhlacadar é; agus thánadar agus d’innseadar é d’Íosa.
Agus nuair airigh Íosa é, d’imthigh sé ó’n áit sin, i luing bhig, isteach i bhfásach uaigneach; agus nuair a dh’airigh na daoine san, do leanadar é ’n-a gcuis as na catharachaibh.
Agus tháinig sé amach agus chonaic sé an tsluagh mhór, agus tháinig truagh aige dhóibh, agus do leighis sé na daoine gan sláinte a bhí ortha. Agus nuair a tháinig an tráthnóna tháinig a dheisgiobuil chuige, agus dubhradar: Fásach iseadh an áit seo, agus tá an aimsir imthighthe. Leig uait na daoine, go dtéighid siad isteach ins na sráidibh agus go gceannaighid siad bia dhóibh féin. Agus dubhairt Íosa leó: Ní gádh dhóibh imtheacht; Tugaidh-se rud le n-ithe dhóibh. Agus d’fhreagradar é: Ní’l anso againn ach chúig bhulóga agus dhá iasg. Agus dubhairt sé: Tugaidh chúgham anso iad san. Agus dubhairt sé leis na daoine suidhe ar an bhféar; agus thóg sé na chúig bhulóga agus an dá iasg, agus d’fhéach sé suas chun neimhe agus bheannuigh sé iad, agus bhris sé iad, agus thug sé dos na deisgiobuil iad, agus thugadar-san dos na sluaightibh iad; Agus d’itheadar go léir, agus bhí a ndóithin acu. Agus do tógadh an fuighleach, dhá chiseán déag lán d’arán bhriste. Agus isé méid daoine a dh’ith bia ann, chúig mhíle fear, gan bac do mhnáibh agus do mhion-daoine.
Agus láithreach ’n-a dhiaidh san do chuir Íosa dh’fhiachaibh ar a dheisgiobulaibh dul ar bórd na luinge bige agus dul roimis féin go dtí an taobh thall de’n uisge, chun go gcuirfeadh sé na daoine chun siúbhail. Agus chuir sé uaidh na daoine, agus d’imthigh sé an cnoc suas i n-a aonar chun úrnuighthe dhéanamh. Agus tháinig an tráthnóna, agus bhí sé ann i n-a aonar. Ach bhí an long bheag i lár na faraige d’á cáible ag na tonnaibh, mar bhí an ghaoth ’n-a coinnibh. Agus sa cheathramhadh faire de’n oidhche tháinig sé g triall ortha agus é ag siúbhal ar an bhfaraige. Agus nuair a chonacadar é ag siúbhal ar an bhfaraige, tháinig sgannra ortha. Samhail iseadh é, ar siad; agus bhíodar ag sgreadaigh le sgannra. Agus do labhair Íosa leó láithreach: Glacaidh misneach, ar seisean: Is mise atá ann. Ná bíodh eagla oraibh. Agus d’fhreagair Peadar: A Thighearna, ar seisean: má’s tusa atá ann, órduigh dómh-sa teacht ag triall ort ar bhárr an uisge. Agus dubhairt seisean: Tar chúgham. Agus tháinig Peadar anuas as an luing, agus bhí sé ag siúbhal ar bárr uisge, ag teacht chun Íosa. Ach chonaic sé an ghaoth láidir agus tháinig eagal air; agus nuair a thusnuigh sé ar dhul fé uisge do liúigh sé: A Thíghearna, ar seisean: saor mé. Agus do shín Íosa a lámh, agus do rug sé láithreach air, agus dubhairt sé: Ó a fhir gan puínn creidimh, cad chuige dhuit mearbhall a theacht ort? Agus nuair a thánadar ar an luing do stad an ghaoth. Agus tháinig na daoine a bhí ar an luing agus d’adhradar é, agus dubhradar, Is tu Mac Dé go fíor.
Agus chuadar treasna na faraige, agus thánadar isteach i dtír Genésaret. Agus nuair a dh’aithin muintir na h-áite sin é, chuireadar teachtairí tríd an ndúthaigh, agus thugadar ag triall air na daoine go léir a bhí as a sláinte; Agus d’iarradar air leigint dóibh baint amháin le fabhra a bhrait; agus an méid a bhain, do slánuigheadh iad.

October 23, 2009

Maitiú 13

Filed under: An Soisgéal do réir Mhaitiú — admin @ 8:26 pm

CAIBIDIOL 13.

Parabal churadóra an chogail, agus parabal an tsílmhustáird, 7rl.

Sa lá san chuaidh Íosa amach as an dtigh, agus bhí sé n-a shuidhe ar bruach na faraige. Agus do chruinnigh sluaighte móra, i dtreó go ndeaghaidh sé ar bórd na luinge bige agus gur shuidh sé inti, agus gur sheasaimh an tsluagh go léir ar an dtráigh. Agus do dhein sé a lán cainte leó i bhfuirm soluídí, agus dubhairt sé: Féach, do chuaidh síoladóir amach ag cur síl. Agus nuair a bhí sé ag cur an tsíl do thuit cuid acu i n-aice an bhóthair; agus tháinig éanlaithe an aeir agus d’itheadar iad. Agus do thuit cuid eile acu i n-áit i n-a raibh clocha agus ithir shuarach; agus d’fhásadar go luath, toisg gan doimhneas ithreach a bheith acu. Agus d’eirigh an ghrian agus do ghoill an teas ortha; agus toisg gan an phréamh a bheith acu d’fheóchadar. Agus do thuit cuid eile acu ameasg na sgeach; agus d’fhás na sgeacha agus mhúchadar iad. Thuit cuid eile acu, ámhthach, ar thalamh fhóghanta; agus thugadar toradh, cuid acu fó chéad, cuid acu fó thrí fichid, cuid acu fó thríochad. An t-é go bhfuil cluasa air chun éisteachta, éisteadh sé.
Agus tháinig na deisgiobuil chuige agus dubhradar: Cad fá gur i soluídíbh a labhrann tú leó? Agus d’fhreagair sé agus dubhairt: Mar do tugadh daoibh-se eólus do chur ar rú ndiamhraibh rígheachta na bhflathas; do’n chuid eile, ámhthach, níor tugadh san. Óir an t-é go bhfuil aige tabharfar dó, agus beidh flúirse aige; agus an t-é ná fuil aige tógfar uaidh a bhfuil aige. Labhraim leó i soluídíbh mar tá radharc acu agus ní fheicid siad, agus tá éisteacht acu agus ní chloisid siad, ná ní thuigid siad. Agus cómhlíontar ionta targaireacht Isáiais, mar a ndeir sé: Le cloisint cloisfidh sibh agus ní thuigfidh sibh, agus ag féachaint chífidh sibh agus ní fheicfidh sibh. Óir tá croidhe an phobuil seo tromaídhe, agus le n-a gcluasaibh cloisid siad go bodhar, agus tá a súile dúnta acu; le h-eagla, luath ná mall, go bhfeicfidís le n-a súilibh, agus go gcloisfidís le n-a gcluasaibh, agus go dtuigfidís i n-a gcroidhe, agus go n-iompóchaidís agus go slánóchainn iad. Ach is aoibhinn d’bhúr shúilibh-se, óir chíd; agus d’bhúr gcluasaibh, óir cloisid. Óir go deimhin adeirim libh gur ’mó fáidh agus fíoraon gur mhian leó na neithe a dh’fheisgint a chíonn sibh-se, agus ní fheacadar iad; agus na neithe do chlos a chloiseann sibh-se agus níor chloiseadar iad. Éistidh-se anois le soluíd an tsíoladóra.
Gach duine a chloiseann briathar na rígheachta agus ná tuigeann é, tagann an droch-spioraid agus tógann sé an síol a cuireadh ’n-a chroidhe sin. Siné an síol a cuireadh i n-aice an bhóthair. An t-é a ghlac an síol mar a raibh na clocha, siné an t-é a chloiseann an briathar agus do ghlacann láithreach é le h-áthas; Ach ní’l an phréamh aige; ní leanann sé ach tamall; agus nuair a thagann an trioblóid agus an ghéarleanmhaint mar gheall ar an mbriathar, glacann sé sgannal. Agus an t-é a ghlac an síol ins na sgeachaibh, siné an t-é a chloiseann an briathar, agus go ndeineann cúram an tsaoghail seo agus mealladh saidhbhris an briathar do mhúchadh, agus bíonn sé gan toradh. Ach an t-é a ghlac an síol isteach sa talamh fóghanta, siné an t-é a chloiseann an briathar agus do thuigeann é, agus a thugann toradh uaidh, agus tugann sé cuid de’n toradh fó chéad, agus cuid eile dhe fó thrí fichid, agus cuid eile dhe fó thríochad.
Thug sé soluíd eile dhóibh, agus dubhairt sé: Is cosmhail rígheacht na bhflathas le duine a chuir síol fóghanta ’n-a chuid tailimh; Ach nuair a bhí na daoine ’n-a gcodladh tháinig an namhaid agus do chuir sé cogal i lár na cruithneachtan, agus d’imthigh sé. Agus nuair a bhí an geamhar ag fás, agus an toradh ag teacht, do chonacthas an cogal leis. Ansan tháinig na seirbhísigh chun fir na tighe, agus dubhradar leis: A Thighearna, nách síol fóghanta a chuiris ad’ chuid tailimh? Cá bhfuair sé an cogal mar sin? Agus dubhairt sé leó: Namhaid a dhein an nídh sin. Agus dubhairt na seirbhísigh leis: An toil leat sinn do dhul agus an cogal a bhaint? Agus dubhairt sé: Ní toil; le h-eagla, ag stathadh an chogail daoibh, go stathfadh sibh an chruithneacht leis. Leigtear dóibh araon fás go dtagaidh an fóghmhar, agus nuair a thiocfaidh an fóghmhar déarfad leis na buanaidhthibh: Bailighidh an cogal ar dtúis, agus ceangalaidh é ’n-a phunanaibh le dóghadh, ach deinidh an cruithneacht do bhailiú isteach am’ sgioból.
Agus chuir sé soluíd eile os a gcómhair, agus dubhairt sé: Is cosmhail rígheacht na bhflathas le gráinne de shíol mustáird a thóg duin le cur ’na gharaidhe. Ní’l síol ar bith is lúgha ’ná é; ach nuair fhásann sé ní’l glasra ar bith is mó ’ná é, agus deineann crann de, i dtreó go dtagaid éanlaithe an aéir agus go neaduighid siad ’n-a ghéagaibh.
Do labhair sé soluíd eile leó: Is cosmhail rígheacht na bhflathas leis an ngiost a ghlac an bhean agus a chuir sí i bhflolach i dtrí tómhasaibh plúir, go dtí gur ghlac an plúr go léir an giost.
Do labhair Íosa na neithe seo go léir leis na daoine i bhfuirm soluídí; agus níor labhair sé leó ach i soluídíbh; Ionus go gcómhlíonfaí an focal a labhair an fáidh nuair adubhairt sé: Osgalóchad mo bhéal i soluídíbh; nochtfad neithe atá foluighthe ó chruithniú an domhain.
Ansan do chuir sé chun siubhail an pobul, agus tháinig sé isteach sa tigh, agus tháinig a dheisgiobuil chuige agus dubhradar: Mínigh dúinn soluíd an chogail sa ghort. Agus d’fhreagair sé agus dubhairt: Isé Mac an Duine a chuireann an síol fóghanta. Agus isé an domhan an gort. Agus clann na rígheachta, siniad an síol fóghanta. Agus clann an uilc, siniad an cogal. Agus an namhaid a chuir an cogal, siné an diabhal. Agus isé deire an tsaoghail an fóghmhar; agus isiad na h-aingil na buanaidhthe. D’á bhrígh sin, mar a bailightear an cogal agus a dóightear é sa teine, sin mar a bheidh i ndeire an tsaoghail. Chuirfidh Mac an Duine a aingil amach agus baileóchaid siad as a rígheacht gach sgannal agus lucht déanta an uilc. Agus cuirfid siad sa lasair theine iad. Beidh sa n-áit sin gol agus díosgán fiacal. Ansan beid na fíoraoin ag taithneamh ar nós na gréine i rígheacht a n-Athar. An t-é go bhfuil cluasa air chun éisteachta, éisteadh sé.
Is cosmhail rígheacht na bhflathas le stór a bheadh i bhfolach i bpáirc; agus an t-é a gheibheann sé coimeádann sé rún air, agus tré mhéid a áthais imthigheann sé agus díolann sé amach a chuid go léir, agus ceannuigheann sé an pháirc sin.
Agus airís, is cosmhail rígheacht na bhflathas le ceannaidhe a bheadh ag lorg péarlaí fóghanta. Agus nuair a fuair sé aon phéarla amháin ana-luachmhar, do dhíol sé a raibh aige, agus do cheannaigh sé an péarla san. Airís, is cosmhail rígheacht na bhflathas le líon a curfaí amach sa bhfaraige, agus do bhaileóch’ an uile shaghas éisg; Agus nuair a bhí sé lán, gur taraingeadh amach é, agus gur shuidh na daoine ar an dtráigh, agus gur thógadar na h-iasga maithe i n-árthaíbh agus gur chaitheadar amach na droch-iasga. Sin mar a bheidh i ndeire an tsaoghail. Imtheóchaid na h-aingil amach, agus deighilfid siad na droch-dhaoine a’ lár na bhfíoraon. Agus cuirfid siad sa lasair theine iad. Beidh gol agus díosgán fiacal sa n-áit sin.
Ar thuigeabhair na neithe sin go léir? Do thuigeamair, ar siad. Dubhairt sé leó: D’á bhrígh sin, gach sgríbhneóir atá muínte i dtaobh rígheachta na bhflathas, is cosmhail é le fear tighe a thugann amach as a stór neithe nua agus sean-neithe.
Agus do thárla, nuair a bhí na solíúidí sin críochnuighthe ag Íosa, gur fhág sé an áit sin. Agus tháinig sé isteach ’n-a dhúthaigh féin, agus bhí sé ag múineadh na ndaoine ins na sinagógaibh, i dtreó go mbíodh iongnadh ortha, gaus go ndeiridís: Cá bhfuair sé seo an eagna so, agus na cómhachta? Nách é seo mac an cheardaidhe? Nách ar a mháthair a tugtar Muire, agus ar a bhráithribh Séamus agus Ióseph agus Símón agus Iúdás? Agus ná fuil a shiúracha go léir i n-ár measg? Agus cá bhuair sé sin na neithe seo go léir? Agus do ghlacadar sgannal d’á dhruim. Dubhairt Íosa leó, ámhthach: Ní’l fáidh gan onóir ach ’n-a dhúthaigh féin agus ’n-a theaghlach féin. Agus níor dhein sé puínn mírbhuiltí sa n-áit sin, mar gheall ar dhíthchreideamh na ndaoine sin.

October 13, 2009

Maitiú 12

Filed under: An Soisgéal do réir Mhaitiú — admin @ 12:48 pm

CAIBIDIOL 12.

Daille na bhFairisíneach dá cáineadh ag Críost, 7 iad á mbréagnú aige nuair a deirid siad gur le cómhacht Shátain a dheineann sé na mírbhuiltí.

Sa n-am san do ghluais Íosa tré ghortaibh arbhair, lá na sabbóide; agus bhí ocras ar a dheisgiobuil, agus chromadar ar na diasaibh do stathadh agus d’ithe. Agus chonaic na Fairisínigh iad, agus dubhradar: Féach, táid do dheisgiobuil ag déanamh ruda nach dleaghthach a dhéanamh lá na sabbóide. Ach dubhairt seisean leó: An amhlaidh nár léigheabhair cad a dhein Dáibhid nuair a bhí ocras air féin agus ar an muintir a bhí i n-aonfheacht leis? Conus mar a chuaidh sé isteach i dtigh Dé agus d’ith sé na bulóga a bhí curtha i láthair Dé, nídh nár cheaduighthe dhó a dh’ithe, ná do’n mhuintir a bhí le n-a chois, ná d’aoinne ach dos na sagairt amháin? Nó an amhlaidh nár léigheabhair sa dlígh conus mar a dheinid na sagairt sa teampall an tsabbóid do bhriseadh agus ná deinid siad peacadh? Ach deirim-se libh go bhfuil anso aon is mó ’ná an teampall. Ach dá dtuigeadh sibh cad é an nídh, Trócaire is áil liom, agus ní h-ídhbirt, ní dhaorfadh sibh choídhche na neamhchiontacha. Óir isé Tíghearna na sabbóide féin Mac an Duine.
Ansan d’fhág sé an áit sin, agus tháinig sé isteach i n-a sinagóig chúcha. Agus féach, bhí duine ann agus a lámh gan tapadh. Agus d’fhiafraigheadar de, An dleaghthach leigheas a dhéanamh sa tsabbóid? ionus go bhféadfaidís rud a chur ’n-a leith. Agus dubhairt seisean leo: Cé h-é an duine agaibh-se, dá mbeadh aon chaora amháin aige, agus go dtuitfeadh sí i bpoll lá sabbóide, ná béarfadh uirthi agus í tharang amach? Nách mó le rádh go mór duine ’ná caora? D’á bhrígh sin is dleaghthach tairbhe dhéanamh sa tsabbóid. Ansan dubhairt sé leis an nduine: Sín amach do lámh. Agus do shín; agus bhí sí chómh slán leis an láimh eile.
D’imthigh na Fairisínigh amach, ámhthach, agus chuadar i gcómhairle ’n-a choinnibh chun a mhairbhthe. Ach bhí a fhios san ag Íosa, agus d’imthigh sé ar an áit sin; agus do lean mórán daoine é, agus do leighis sé iad go léir. Agus d’órduigh sé dhóibh gan é chur i n-iúil. Ionus go gcómhlíonfaí an nídh adubhradh tré Isáias fáidh mar a ndeir sé: Féach, mo sheirbhíseach, an t-é a thoghas, an t-é is ionmhuin liom, an t-é ar a bhfuil greann ó m’anam. Cuirfead mo spioraid air, agus fógróchaidh sé breitheamhantas dos na geintibh. Ní dhéanfaidh sé aighneas, agus ní dhéanfaidh sé collóid; agus ní cloisfar a ghuth ins na sráidibh. Ní bhrisfidh sé an cuaile leóinte, agus ní mhúchfaidh sé an líon go bhfuil an deatach as, go dtí go gcuirfidh sé amach breitheamhanas chun buaidhte. Agus is as a ainim a bheidh a mainighin ag na geintibh.
Ansan do tugadh chuige duine go raibh deamhan ann, agus bhí sé dall agus balbh; agus do leighis sé é, i dtreó go raibh radharc agus urlabhra aige. Agus tháinig uathbhás ar na sluaightibh go léir, agus deiridís: An féidir gur b’é seo mac Dáibhid? D’airigh na Fairisínigh an caint sin, agus dubhradar: Ní chuireann sé seo na deamhain amach ach le cómhacht Bheelsebub, rí na ndeamhan. Ach do chonaic Íosa a smuínte, agus dubhairt sé leó: Gach rígheacht a bheidh deighilte ’n-a choinnibh féin déanfaidh fásach de; agus gach cathair, nó gach teighleach, a bheidh deighilte i gcoinnibh a chéile, ní sheasóchaidh sé; Agus má ’sé Sátan a chuireann amach Sátan, siné deighilte ’n-a choinnibh féin é; agus d’á bhrígh sin conus a sheasóchaidh a rígheacht? Agus má’s le cómhacht Bheelsebub a chuirim-se amach na deamhain, cad leis go gcuirid bhúr gclann féin amach iad? Fágaim, d’á bhrígh sin, fé bhreith bhur gclainne féin sibh. Ach má’s le Spioraid Dé a chuirim-se na deamhain amach, siné rígheacht Dé tagaithe i nbhúr measg. Nó conus is féidir do dhuine dul isteach i dtigh an fhir láidir agus a sheóide dh’fhuadach, mura ndeinidh sé an fear láidir do cheangal ar dtúis? Ansan sgartálfaidh sé a thigh. An t-é ná fuil liom, tá sé am’ aghaidh; agus an t-é ná cnuasaigheann am’ theannta, sgaipeann sé.
Deirim libh, d’á bhrígh sin: Maithfar do dhaoine gach peacadh agus gach diamhasla, ach diamhasla i n-aghaidh an Spioraid ní maithfar do dhaoine é. Agus an t-é a déarfaidh focal i n-aghaidh Mhic an Duine, maithfar dó é; ach an t-é a déarfaidh i n-aghaidh an Spioraid Naoimh é, ní maithfar dó é, ar an saoghal so ná ar an saoghal atá le teacht.
Deinidh an crann a bheith go maith agus a thoradh fóghanta air; nó deinidh an crann go h-olc agus an toradh go h-olc air; óir is as a thoradh do h-aithnightear an crann. A shliocht na naithreach nimhe, conus is féidir daoíbh-se neithe fóghanta do labhairt agus sibh go h-olc? óir is a’ líonmhaireacht an chroidhe do labhrann an béal. Tugann an fear fóghanta neithe fóghanta uaidh, amach a’ stór fóghanta; agus tugann an droch-dhuine droch-neithe uaidh amach a’ droch-stór. Agus deirim libh, an uile fhocal díomhaoin d’á labhraid daoine, do dtabharfaid siad cúntas ann lá an breitheamhantais. Óir is de bhárr do bhréithre féin a saorfar thu, agus is de bhárr do bhreithre féin a daorfar thu.
Ansan d’fhreagair cuid des na Sgríbhneóiríbh agus des na Fairisínigh agus dubhradar: A Mháighistir, is mian linn cómhartha dh’fheisgint uait. Agus d’fhreagair sé iad: Tá droch-shliocht adhaltranach ag lorg cómhartha; agus ní tabharfar de chómhartha dhóibh ach cómhartha Iónais an fáidh. Óir, fé mar a bhí Iónas trí lá agus trí oidhche i mbolg an mhíolmhóir, beidh Mac an Duine trí lá agus trí oidhche i gcroidhe na talmhan. Eireóchaid muintir Ninebhe i mbreitheamhantas i n-aghaidh an tsleachta so, agus daorfaid said iad; óir do dheineadar-san aithrighe nuair a theagaisg Iónas iad. Agus féach duine is mó ’ná Iónas anso. Eireóchaidh banríghin na tíre theas i mbreitheamhantas i n-aghaidh an tsleachta so, agus daorfaidh sí iad; óir do tháinig sí ó imeall an tsaoghail chun éisteacht le h-eagna Shalomóin. Agus féach duine is mó ’na Salomón anso.
Agus nuair a théigheann an spioraid neamhghlan amach as an nduine, siúbhlann sé tré áiteana feóchta ag lorg suaimhnis, agus ní fhaghann sé é. Agus deir sé, Raghad tar n-ais chun mo thighe féin as a dtánag amach. Agus tagann sé agus gheibheann sé an tigh folamh agus é sguabtha, glan, órnáideach. Ansan imthigheann sé, agus tugann sé leis seacht spioraidí eile is measa ’ná é féin, agus téighid siad isteach, agus cómhnuighid siad sa tigh sin. Agus is measa an cor atá ar an nduine sin sa deire ’ná mar a bhí ar dtúis air. Sin mar a bheidh an sgéal ag an sliocht so atá chómh fíor-olc.
An fhaid a bhí sé ag caint leis an bpobul, tháinig a mháthair agus a bhráithre amuigh agus iad a d’iarraidh labhairt leis. Agus dubhairt duine leis, Féach, tá do mháthair agus do bhráithre amuigh, agus iad a d’iarraidh labhartha leat. Ach d’fhreagair seisean agus dubhairt: Cia h-í mo mháthair, agus cé h-iad mo bhráithre? Agus do shín sé a lámh chun a dheisgiobul agus dubhairt sé: Féach, siniad mo mháthair-se agus mo bhráithre. Óir pé duine a dhéanfaidh toil m’Athar-sa ins na flathais, siné is bráthair agus siúr agus máthair agam-sa.

October 11, 2009

Maitiú 11

Filed under: An Soisgéal do réir Mhaitiú — admin @ 9:13 pm

CAIBIDIOL 11.

A dheisgiobuil ag Eóin dhá gcur ag triall ar Chríost. Na Iúdaigh dh’á gcáineadh ag Críost mar gheall ar ná creidfidís, agus na daoine d’á nglaodhach chuige a mhothuighid ualaí troma bheith ortha.

Agus do thárla, nuair a bhí na h-órduighthe tabhartha ag Íosa d’á dháréag deisgiobul, gur imthigh sé as an áit sin chun teagasg agus craobhsgaoileadh dhéanamh i n-a mbailtibh-sin.
Agus nuair a dh’airigh Eóin, agus é gabhtha, oibreacha Chríost, chuir sé beirt d’á dheisgiobulaibh féin ag triall air, agus dubhairt sé leis: An tusa an t-é atá le teacht, nó an bhfuil orainn feitheamh le duine eile? Agus dubhairt Íosa leó ’ghá bhfreagradh: Imthíghidh agus ínnsidh d’Eóin na neithe d’aireabhair agus do chonacabhair; Tá radharc ag daill; tá siúbhal ag bacaigh; glantar na lobhair; tá éisteacht ag daoine a bhí bodhar; Eirighid na mairbh; Tá an Soisgéal d’á theagasg dos na bochtaibh. Agus is aoibhinn do’n t-é ná glacfaidh sganall umam-sa.
Agus nuair a bhí an bheirt imthighthe do chrom Íosa ar labhairt leis na daoine i dtaobh Eóin: Cad a bhí uaibh le feisgint nuair a thánabhair amach sa bhfásach? Slat d’á suathadh le gaoith? Ach cad a bhí uaibh le feisgint nuair a thánabhair amach? Fear i n-éadaighibh míne? Féach, i dtighthibh na rí atá lucht an éadaigh mhín. Ach cad a bhí uaibh le feisgint nuair a thánabhair amach? Fáidh, an eadh? Ach deirim-sé libh gur duine é is mó ’ná fáidh. Óir is air seo atá sgríobhtha: Féach, táim-se ag cur m’aingil rómhat amach cun na slíghe d’ollamhú rómhat. Go deimhin adeirim libh, níor eirigh, ar ar rugadh ó mhnáibh, duine ba mhó ’ná Eóin Baiste; ach an t-é is lúgha i rígheacht na bhflathas is mó é ’ná eisean. Ach ó aimsir Eóin Baiste go dtí anois tá éigean ’á dhéanamh ar rígheacht na bhflathas, agus isiad lucht an éigin a bheireann leó é. Óir targaireacht iseadh dhein na fáidhe go léir agus an dlígh, go dtí Eóin. Agus má’s áil libh a ghlacadh, isé Elias é atá le teacht. An t-é ar a bhfuil cluasa chun éisteachta, éisteadh sé.
Ach cé leis go samhlóchad an tsliocht so? Is cosmhail iad le h-aos óg ’n-a suidhe ar an macha ag glaodhach ar a gcomrádaithibh: Agus ’ghá rádh: Dheineamair ceól daoibh ar phíbibh, agus níor dheineabhair rinnce; do chaoineamair, agus níor dheineabhair gol. Óir do tháinig Eóin gan ithe gan ól, agus deirid siad: Tá deamhan ann. Tháinig Mac an Duine ag ithe agus ag ól, agus deirid siad: Féach, an duine craosach agus an fear fíona dh’ól, cara na bpuibliocánach agus na bpeacach. Agus gheibheann an eagna a ceart ó n-a clainn féin.
Ansan do chrom sé ar mhilleán do chur ar na cathrachaibh ionar h-oibrígheadh an chuid ba mhó d’á chómhachtaibh, toisg nár dheineadar aithrighe: Mairg duit, a Chorosain! Mairg duit, a Bhetsáida! óir dá ndeintí i dTuíre agus i Sídón na fearta atá déanta ionaibh-se, is fadó a dhéanfaidís aithrighe fé éadach gharbh agus fé luaithrigh. Ach deirim libh, ámhthach, Beidh an sgéal níós saoire lá an bhreitheamhantais ag Tuíre agus ag Sídón ’ná agaibh-se. Agus tusa, a Chapharnaum, an suas go flathas Dé a tógfar thú? Síos go h-ifreann iseadh a churfar thú; óir dá mba i Sodomaibh a déanfaí na fearta a deineadh ionat-sa, b’fhéidir go mbeadh an chathair sin ann go dtí an lá so. Ach deirim libh, ámhthach, go mbeidh an sgéal níor saoire lá an bhreitheamhantais ag muintir Shodom ’ná agat-sa. Sa n-am san d’fhreagair Íosa agus dubhairt: Admhuighim ad’ láthair-se, a Athair, a Thighearna neimhe agus talmhan, mar gur cheilis na neithe seo ar lucht eagna agus tuisgiona, agus gur nochtais iad do naoidheanaibh. Iseadh, a Athair; óir sin mar a bhí taithneamhach ad’ láthair-se. Tá gach uile nídh tabhartha dhómh-sa ag m’Athair. Agus ní’l aithne ag aoinne ar an Mac ach ag an Athair; ná ar an Athair ach ag an Mac, agus ag an t-é gur toil leis an Mac a dh’foillsiú dhó. Tagaidh go léir ag triall orm-sa, gach duine go bhfuil cruadhtan agus tromualach air, agus tabharfad-sa faoiseamh oraibh. Tógaidh mo chuing-se oraibh, agus foghlumaidh uaim, óir táim ceannsa agus úmhal ó chroidhe; agus gheóbhaidh sibh suaimhneas d’bhúr gcroidhthibh. Óir is suairc mo chuing-se agus is éadtrom m’ualach.

October 10, 2009

Maitiú 10

Filed under: An Soisgéal do réir Mhaitiú — admin @ 10:06 pm

CAIBIDIOL 10.

An dá asbol déag dá gcur amach ag Críost agus cómhacht acu chun mírbhúiltí dhéanamh. Teagasg aige á thabhairt dóibh.

Agus do ghlaoidh sé chuige a dháréag deisgiobul, agus thug sé dhóibh cómhacht ar na h-annspridíbh, chun iad do chur amach, agus chun gach galair agus breóiteachta do leigheas. Agus sidiad ainimneacha an dáréag aspol: Símón an chéad duine, agus Peadar a tugtar air; agus Aindrias a dhritháir. Séamus mac Sebedé, agus Eóin a dhritháir, Pilib agus Partholán, Tomás, agus Maitiú an puibliocánach, Séamus mac Alphéis, agus Taddeus, Símón ó Chanaan, agus Iúdás Iscariót, an fear a dhíol é.

Chuir Íosa uaidh an dáréag san, agus thug sé órdú dhóibh mar seo: Ná h-imthighidh i slígh na ngeinte agus na téighidh isteach i gcatharachaibh na Samaritánach; Ac téighidh fé dhéin na gcaorach de theighleach Israéil atá imthighthe amú’. Imthíghidh, agus deinidh craobhsgaoileadh, agus abraidh, Tá rígheacht na bhflathas tagaithe i n-achmaireacht. Leighfidh daoine breóite; tógaidh na mairbh ó’n mbás; glanaid na lobhair; cuiridh amach na deamhain. Is í n-aisge do fuarabhair; tugaidh uaidh i n-aisge.

Ná bíodh ór ná airgead ná saidhbhreas i dtaisge agaibh i nbhúr gcrios. Ná bíodh mála chun lóin bhóthair agaibh, ná dhá chasóig, ná bróga, ná cleith; óir is fiú an fear oibre é chothú. Agus pé cathair nó dún n-a raghaidh sibh isteach ann, fiafraíghidh cé is creideamhnach ann, agus fanaidh ansan go dtí go mbeidh sibh ag imtheacht. Agus nuair a bheidh sibh ag dul isteach i dtigh, beannuighidh do’n tigh sin agus abraidh; Síothcháin do’n tigh seo. Agus má’s fiú an tigh sin é, tiocfidh bhúr síothcháin air; mura fiú, ámh, fillfidh bhúr síothcháin oraibh féin. Agus pé duine ná glacfaidh sibh agus ná h-éistfidh le nbhúr mbréithribh, téighidh amach as an dtigh sin, nó as an gcathair sin, agus caithidh an ceó d’bhúr gcosaibh ann. Go deimhin adeirim libh, is saoire a bheidh an sgéal ag tír Shodom nó ag tír Ghomorra lá an bhreitheamhantais ’ná ag an gcathair sin.

Féach, táim ag bhúr gcur amach ar nós caorach ameasg faolchon. Bídhidh, d’á bhrígh sin, chómh glic leis na h-aithreachaibh nimhe agus chómh símplídhe leis na colúraibh. Ach seachnaibh sibh féin ar na daoine. Óir, tabharfid siad ar láimh sibh, ins na cómhairlíbh agus sgiúrsálfaid siad sibh i n-a sinagógaibh; Agus béarfaid siad i láthair ríghthe agus uachtarán sibh mar gheall orm-sa mar fhiadhnaise dhóibh-sin agus dos na geintibh. Nuair a thabharfid siad ar láimh sibh, ámhthach, ná bídhidh ag machtnamh féachaint cad’ déarfaidh sibh, ná conus; óir tabharfar daoibh an uair sin an nídh a labharfaidh sibh. Óir ní sibh-se do labhrann ach Spioraid bhur n-Athar a labhrann ionaibh. Agus tabharfaidh an dritháir a dhritháir le cur chun báis, agus an t-athair a mhac; agus eireóchaid an chlann i gcoinnibh a n-athar agus a máthar agus básóchaid siad iad. Agus beidh fuath ag gach duine dhaoibh-se mar gheall ar m’ainim-se; Ach an t-é sheasóchaidh amach go deire isé a slánófar. Ach nuair a déanfar géar-leanmhaint oraibh sa chathair sin, imthighidh go cathair eile: Go deimhin adeirim libh, ní bheidh catharacha Israéil siúbhalta agaibh sar a dtiocfidh Mac an Duine.

Ní’l an deisgiobul níos fearr ’ná a mháighistir, agus ní’l an seirbíseach níos fearr ná a thighearna. Is leór do’n deisgiobuil bheith mar a mháighistir, agus do’n tseirbhíseach bheith mar a thighearna. Má thugadar Beelsebub ar fhear an tighe, nách mó ’ná san a thabharfaid siad ar mhuintir a thighe é? Ná bíodh eagla agaibh rómpa de’n bhrígh sin. Óir ní’l aon rud fé chlúid ná nochtfar, agus ní’l rud i bhfolach na h-aithneófar. An rud adeirim libh sa doircheacht abraidh sa tsolus é; agus an rud a dh’airigheann sibh [mar chogar] sa chluais deinidh é chraobhsgaoileadh ar bharraíbh na dtighthe. Agus ná bíodh eagla agaibh roimis an muintir a mharbhuigheann an corp, agus nách féidir dóibh an t-anam a mharbhú; ach bíodh eagla agaibh roimis an t-é gur féidir dó idir anam agus corp do chur go h-ifreann. Ná díoltar dhá ghealbhún ar fheóirling? Agus ní féidir do ghealbhún acu tuitim chun tailimh gan bhúr n-Athair. Ní’l ruibe d’bhúr ngruaig ná fuil cómhrighthe. Ná bíodh eagla oraibh, d’á bhrígh sin. Is mó le rádh sibh-se ’ná mórán des na gealbhúnaibh. Gach duine, d’á bhrígh sin, a dh’admhóchaidh mise os cómhair daoine, admhóchad-sa eisean os cómhair m’Athar atá ins na flathais. Ach an t-é a shéanfaidh mise os cómhair daoine, séanfad-sa eisean os cómhair m’Athar atá ins na flathais.

Ná measaidh gur chun na síothchána chur ar an dtalamh a thánag; ní chun na síothchána chur ann a thánag, ach chun an chlaidhimh a chur ann. Óir do thánag chun an duine chur i n-earaid le n-a athair, agus chun na h-inghine chur i n-aghaidh a máthar, agus chun mná an mhic do chur i n-aghaidh máthar a céile. Agus namhaid duine a lucht aontíghis féin. An t-é gur measa leis a athair nó a mháthair ’ná mise, ní’l sé maith a dhóithin dom; agus an t-é gur measa leis a mhac nó a inghean ’ná mé, ní’l sé maith a dhóithin dom. Agus an t-é ná glacfaidh a chros agus mise do leanmhaint, ní’l sé maith a dhóithin dom. An t-é a gheóbhaidh a anam féin caillfidh sé é; agus an t-é a chaillfidh a anam féin ar mo shon-sa, gheobhaidh sé é. An t-é a ghlacann sibh-se, glacann sé mise; agus an t-é a ghlacann mise, glacann sé an t-é a chuir uaidh me.

An t-é a ghlacann fáidh i n-ainim fáidhe, gheóbhaidh sé tuarasdal fáidhe; agus an t-é a ghlacann fíoraon i n-ainim fíoraoin, gheóbhaidh sé tuarasdal fíoraoin. Agus an t-é a thabharfaidh le n-ól do dhuine de’n chuid is suaraíghe dhíobh san fiú cupán uisge fhuair, i n-ainim deisgiobuil, go deimhin adeirim libh, ní chaillfidh sé a luacht saothair.

Maitiú 9

Filed under: An Soisgéal do réir Mhaitiú — admin @ 10:05 pm

CAIBIDIOL 9.

Duine gan lúth a ghéag dá leigheas ag Críost. Maitiú d’á ghlaodhach chuige. An galar fola dá leigheas. Inghean Iaíruis á tógaint ón mbás aige. Radharc á thabhairt aige do bheirt dall agus duine balbh, go raibh deamhan ann, d’á leigheas aige.

Agus chuaidh sé ar bórd na luinge bige, agus tháinig sé thar uisge iseach ’n-a chathair féin. Agus féach, do thugadar ag triall air, sínte ar thocht, fear a bhí gan lúth. Agus nuair a chonaic Íosa an creideamh a bhí acu dubhairt sé leis an bhfear gan lúth: Glac misneach, a mhic, táid do pheacaí maithte dhuit. Agus féach, dubhairt cuid des na sgríbhneóiríbh, ’n-a n-aigne féin: Tá diamhasladh ag an bhfear so d’á dhéanamh. Agus ó chonaic Íosa na smuínte a bhí acu, dubhairt sé: Cad chuige dhaoibh na droch-smuínte bheith i nbhúr gcroidhthibh agaibh? Cé ’cu is usa a rádh, Tá do pheacaí maithte dhuit; nó a rádh, Eirigh agus siúbhluigh? Ach ionas go mbeadh fhios agaibh go bhfuil ag Mac an Duine cómhacht ar an dtalamh so chun peacaí a mhaitheamh (dubhairt sé leis an bhfear a bhí gan lúth) Eirigh-se, agus tóg suas do leabaidh, agus imthigh chun do thighe féin. Agus d’eirigh sé, agus d’imthigh sé chun a thighe féin. Agus tháinig eagla ar an sluagh nuair a chonacadar an nídh sin, agus do mholadar Dia a thug a leithéid sin de chómacht do dhaoinibh.

Agus nuair a dh’imthigh Íosa ó’n áit sin chonaic sé duine dár bh’ainim Maitiú ’n-a shuidhe i n-áit an chustuim, agus dubhairt sé leis: Lean mise. Agus d’eirigh sé agus do lean sé é.

Agus do thárla, agus é ag suidhe chun bídh sa tigh, go dtáinig a lán puibliocánach agus a lán peacach agus gur shuidheadar i bhfochair Íosa agus a dheisgiobul. Nuair a chonaic na Fairisínigh an nídh sin dubhradar le na dheisgiobuil: Cad chuige go n-itheann bhúr máighistir bia i bhfochair na bpuibliocánach agus na bpeacach? Ach d’airigh Íosa an focal, agus dubhairt sé: Ní h-ag daoine slána atá gádh le liaigh ach ag daoine breóite. Imthighidh agus foghlumuighidh a bhrígh siúd: Trócaire is toil liom, agus ní h-ídhbirt. Óir ní chun na bhfíoraon do ghlaodhach a thánag, ach chun na bpeacach do ghlaodhach.

Ansan do tháinig deisgiobuil le h-Eóin ag triall air, agus dubhradar: Cad chuige go ndeinimíd-ne agus na Fairisínigh trosgadh go minic agus ná deinid do dheisgiobuil-se trosgadh? Agus dubhairt Íosa leó: An féidir do chlainn an Chéile bheith duairc an fhaid atá an Céile ’n-a bhfochair? Ach tiocfaidh an t-am i n-a dtógfar uatha an Céile, agus ansan déánfaid siad trosgadh. Ní chuireann aoinne preabán d’éadach nua ar sheana-bhalcais éadaigh; óir baineann sé a lán féin as an mbalcais éadaigh, agus bíonn an stracadh níosa mheasa. Ná ní curtar fíon nua i sean’-árthaíbh leathair; nó má deintear bristear na h-árthaí agus doirtear an fíon, agus imthighid na h-árthaí gan tairbhe. Ach curtar an fíon nua i n-árthaíbh nua agus coimeádtar iad araon. An fhaid a bhí sé ag rádh na cainte sin leó, féach tháinig priúnsa áirighthe chuige, agus do shléacht sé dhó, agus dubhairt sé: A Thighearna, do fuair m’inghean bás anois; ach tar agus cuir do lám uirthi, agus beidh sí beó. Agus d’eirigh Íosa agus do lean sé é, mar aon le n-a dheisgiobulaibh.

Agus féach, tháinig lastiar dé bean a bhí ag tabhairt a cod’ fola ar feadh dhá bhliain déag, agus chuir sí a lám ar fhabhra a bhrait. Mar, dubhairt sí ’n-a h-aigne féin, Mura ndeinead ach baint le n-a bhrat beidh mé slán. D’iompuigh Íosa, ámhthach, agus chonaic sé í, agus dubhairt sé: Glac misneach, a ’ghnín ó; do shlánuigh do chreideamh thu. Agus bhí an bhean leighiste ó’n uair sin amach.

Agus nuair a tháinig Íosa chun tighe an phriúnsa, agus nuair a chonaic sé na ceóltóirí agus an tsluagh ag déanamh fothraim, Dubhairt sé leó: Druididh siar; ní marbh atá an cailín, ach ’n-a codladh. Agus bhíodar ag fonamhaid uime. Agus nuair a cuireadh na daoine amach, do chuaidh sé isteach, agus do rug sé ar láimh uirthi. Agus d’eirigh an cailín. Agus do leath an sgéal san ar fuid na tíre sin go léir.

Agus nuair a bhí Íosa ag imtheacht as an áit sin do lean beirt dall é agus iad ag liúirigh, agus deiridís, Dein trócaire orainne a Mhic Dáibhid. Agus nuair a tháinig sé chun an tighe tháinig na daill chuige. Agus dubhairt Íosa leó: An gcreideann sibh gur féidir dom an nídh seoa dhéanamh daoibh? Dubhradar leis: Creidimíd, a Thighearna. Ansan do chuir sé a lámh ar a súilibh, agus dubhairt sé: Deintear libh do réir bhúr gcreidimh. Agus do h-osgaladh a súile, agus thug Íosa foláramh dóibh: Tugaidh aire, ar seisean, ná beidh a fhios san ag aoinne. Ach nuair a chuadar-san amach, do leathadar a chlú ar fuid na tíre sin go léir.

Agus tar éis dul amach dóibh, do tugadh chuige duine a bhí balbh, agus bhí deamhan ann. Agus nuair a cuireadh amach an deamhan do labhair an duine balbh; agus bhí iongna ar na daoine, agus deiridís: Ní feacathas a leithéid sin riamh i n-Israél. Ach deireadh na Fairisínigh: Is le cómhacht rí na ndeamhan a chuireann sé amach na deamhain.

Agus do ghluais Íosa mór-thímpal, ins na cathrachaibh agus ins na bailtibh, ag teagasg ins na sinagógaibh, agus ag craobhsgaoileadh soisgéilna rígheachta, agus ag leigheas gach galair agus gach breóiteachta. Agus chonaic sé na sluaighte daoine agus tháinig truagh aige dhóibh, mar go rabhadar go mí-ádhbharach, caithte mar bheadh caoire gan aodhaire. Ansan dubhairt sé le n-a dheisgiobulaibh: Tá an fóghmhar mór ach tá an lucht oibre suarach. Iarraidh, d’á bhrígh sin, ar an dTighearna gur leis an fóghmhar, lucht oibre do chur ag baint an fhóghmhair dó.

« Newer PostsOlder Posts »

Powered by WordPress