Cork Irish

February 15, 2012

Críost Mac Dé 4

Filed under: Contents,Críost Mac Dé — admin @ 12:27 am

Caibideal a Ceathair.

Rún An Rí Dá Chimeád.

Má fhan Muire Mháthair i bhfochair Elisabeit theas i dtigh Shacariais, go dtí go rugadh Eóin Baiste níor fhan sí ann i bhfad ’na dhiaidh san. Tháinig sí abhaile go Nasaret ag triall ar a céile N. Ióseph. Bhí trí mhí curtha dhi aici an uair sin ón lá aduairt sí leis an Árdaingeal an focal úd “Mise cailín an Tiarna. Deintear liom de réir T’fhocail.” Bhí Críost Mac Dé ’na broínn aici ón lá aduairt sí an focal san leis an aingeal. Duairt sí an focal lena toil, agus nuair aduairt sí an focal do ghlac Mac Dé colann daonna istigh ’na broínn.

Do fíoradh ’na taobh an focal úd aduairt an tÁrdaingeal Raphaél le Tobias óg, “Bonum est sacramentum regis abscondere”—“Is maith an rud rún an rí do chimeád.” Do chimeád Muire “run an Rí.” Níor innis sí dá fear, do Ióseph, aon fhocal i dtaobh na cainnte aduairt an tÁrdaingeal léi. Níor ghá dhi a ínsint do go nduairt sí féin go raibh sí gan aithne fir aici. Bhí ’ fhios ag Ióseph go raibh sí gan aithne fir aici chómh maith agus ’ bhí ’ fhios aige go raibh sé féinig gan aithne mná aige. Thuigeadar féin a chéile i dtaobh na haithne sin.

B’fhéidir go bhfiafródh duine, má bhí socair ag Ióseph a shaol do chaitheamh gan aithne mná agus ag an maighdin a saol do chaitheamh gan aithne fir, cad é an bac a bhí orthu an socrú san do chimeád, agus leanúint air, gan pósadh?

Bhí dhá chúis le hiad a bheith i gcuíng phósta. Deir cuid de lucht an tseanchais go raibh cúis den dá chúis sin ag baint le dlí na ríochta. Bhíodar dealbh ar gach taobh. Ní raibh puínn saoltais ag Ióachim agus ag Anna. Ní raibh ag Ióseph ach a cheárd, nú má bhí aon fháltas eile saoltais aige ní raibh ann ach fíorbheagán. Bhí gaol ag Muire agus ag Ióseph lena chéile agus dá bpósaidís d’fhéadfaidís, le pé púnc dlí a bhí sa scéal, an fáltas beag saoltais a bhí acu do chimeád i dteannta ’ chéile. Bhí an urraim acu dhá chéile, agus bhí an iontaoibh acu as a chéile, agus ó bhíodar araon ceapaithe ar a saol do chaitheamh i ngeanmnaíocht ba mhór an sólás leó bheith geanmnaí i gcuíng phósta i gcaitheamh a dtréimhse ar an saol so. Bheadh cómhluadar a chéile acu, agus cúnamh a chéile, agus bhí ’ fhios acu araon go raibh beannacht áirithe ó Dhia ar an lánúin a bheadh i gcuíng phósta ar an gcuma san, agus gan aon phioc dá fhios ag éinne ach ag Dia agus ag aingealaibh agus ag an mbeirt acu féin.

Bhí an chúis sin acu féin leis an socrú san do dhéanamh, ach bhí cúis eile ag Dia na Glóire le grásta fé leith a thabhairt dóibh i dtreó go ndéanfaidís an socrú san eatarthu féin. Bhí Muire ceapaithe ón síoraíocht ag Dia na Glóire chun í ’ bheith ’na máthair ag an Slánaitheóir. Chuige sin níorbh fholáir í ’ bheith, mar aduairt Isáias, ’na maighdin agus ’na máthair in éineacht. Gan an socrú úd a bheith idir í féin agus Naomh Ióseph níorbh fhéidir í ’ bheith ’na maighdin agus ’na máthair in éineacht. Mar, chómh luath agus ’ chífeadh na Iúdaígh go raibh sí ’na máthair ní chreidfidís í ’ bheith ’na maighdin agus chuirfidís chun báis í, fé dhlí Mhaoise dar leó. Dá bhrí sin fé mar a bhí Muire Mháthair ceapaithe ón síoraíocht chun í ’ bheith ’na máthair ag an Slánaitheóir, bhí Naomh Ióseph ceapaithe ag Dia na Glóire, ón síoraíocht, chun é ’ bheith ’na chéile, i gcuíng phósta, ag an maighdin i dtreó ná beadh ’ fhios ag na Iúdaígh ná gurbh é Naomh Ióseph athair an linbh; agus i dtreó, leis, go mbeadh Ióseph ann chun an chúraim a bhí riachtanach a dhéanamh den leanbh agus den mháthair. Ní baol ná gur thug Dia na Glóire do Ióseph naofa go hiomadúil agus go saibhir, na grásta a bhí riachtanach do chun an chúraim sin a dhéanamh mar ba chóir.

Do fíoradh arís, sa ghnó san, an focal úd aduairt an tÁrdaingeal Raphaél. Do cimeádadh “rún an Rí” fé cheilt ó sna Iúdaígh.

Deir duine de sna naoimh gurbh é toil Dé, leis, an rún do chimeád ón áirseóir. Gur chimeád an pósadh an rún ón áirseóir díreach mar a chimeád an pósadh an rún ó sna Iúdaígh. Bhí ’ fhios ag an áirseóir, ó sna targaireachtaíbh go léir, go raibh an t-am ann chun a namhad féin do theacht “ar shliocht na mná.” Bhí ’ fhios aige, as na targaireachtaíbh go mbeadh an Slánaitheóir, an namhaid sin do bhrúfadh a cheann féin féna chois, ’na mhac ag maighdin. Is lú d’amadán an t-áirseóir ná cuid de lucht léinn agus de lucht eólais na haimsire seo. Bhí ’ fhios ag an áirseóir go dianmhaith cad é an brí a bhí le cainnt Isáiais, “Béarfaidh Maighdean Mac.” Déarfadh fear léannta na haimsire seo: “Ach, níl sa chainnt sin ach mar adéarfadh duine ‘Béarfaidh óigbhean mac.’” Déarfadh an t-áirseóir leis an bhfear léinn sin: “Tá breall ort féin agus ar do chuid léinn agus ar do chuid eólais! An amhlaidh is dó’ leat ná cuirfeadh Achab sceartadh gáire as dá mba ná déarfadh Isáias ach amháin ‘Béarfaidh óigbhean mac!’ Níor chuir Achab aon gháire as, áfach, nuair aduairt Isáias, ‘Béarfaidh Maighdean Mac.’”

Ní raibh aon phioc dá fhios ag Ióseph go raibh an tÁrdaingeal tar éis na teachtaireachta úd a thabhairt leis chun na Maighdine Muire. Go luath tar éis na Maighdine do theacht abhaile ón gcuaird a thug sí ó dheas go tigh Elisabeit do thosnaigh gach éinne ar a thabhairt fé ndeara go raibh sí ag iompar clainne. Níor chuir san aon iúnadh ar éinne ach ar an éinne amháin, ar Ióseph naofa. Bhí iúnadh agus alltacht air sin. Do chonaic an Mhaighdean an t-uathás agus an scannradh agus an bhuairt, agus an briseadh croí a bhí air. Cad ’na thaobh nár labhair sí agus an scéal go léir a dh’ínsint do? Níor labhair. Do chimeád sí a béal dúnta. Do chimeád sí “rún an Rí fé cheilt.” Do chimeád sí a béal dúnta agus d’úmhlaigh sí í féin i láthair na Tríonóide agus d’fhuilig sí an náire. Bhí ’ fhios aici cé ar a shon go raibh an náire aici dá fholag. Chonaic sí an fhéachaint a bhí i súilibh Ióseiph agus d’fhuilig sí an náire, agus níor oscail sí a béal. D’fhuilig sí an náire agus do dhein sí an fhoighne. D’fhág sí an scéal go léir fé Dhia.

Bhí Ióseph i gcruachás. Níor chruachás go dtí é. Bhí ’ fhios aige cad é an saghas mná Muire. Bhí ’ fhios aige go raibh sí go fíorgheanmnaí má bhí bean riamh fíorgheanmnaí. Ach conas ’ fhéadfadh sé radharc a shúl do bhréagnú! Fé dheireadh do shocraigh sé in’ aigne nárbh fholáir do scarúint léi. Ba bhriseadh croí scarúint léi, ach níorbh fholáir é ’ dhéanamh. Deir an Soíscéalaí focal ’na thaobh agus ní foláir machnamh ar an bhfocal. Deir sé gurbh fhear ceart Ióseph agus dá bhrí sin, ó nár mhaith leis masla poiblí ’ thabhairt di gur mhian leis í ’ chur uaidh i ganfhios. Deir lucht scrúdaithe na scríbhinne diaga do dtaispeánann an chainnt sin go raibh Ióseph deimhnitheach ná raibh aon ghníomh mígheanmnaí déanta ag Muire agus dá bhrí sin go mbeadh éagóir aige á dhéanamh uirthi dá gcuireadh sé uaidh í go poiblí; gur thuig sé go raibh rud éigin a bhí os cionn a thuisceana féin sa scéal agus ná raibh ar a chumas aon rud a dhéanamh ach í ’ chur uaidh i ganfhios don tsaol.

Nuair a bhí socair ar an méid sin aige tháinig aingeal an Tiarna chuige agus é ’na chodladh agus duairt sé leis; “A Ióseiph, a mhic Dháibhid, ná bíodh aon eagla ort do bhanchéile Muire do ghlacadh chút mar is ón Sprid Naomh an ghin atá ar iompar aici, agus béarfaidh sí mac agus tabhairse Íosa mar ainm air, óir slánóidh sé a dhaoine óna bpeacaíbh.” Agus do thit an méid sin go léir amach i dtreó go gcómhlíonfí an focal aduairt an fáidh nuair aduairt sé “Beidh gin ’na broínn ag maighdin, agus béarfaidh sí mac, agus tabharfaid siad Emanuel mar ainm air” [agus ciallaíonn an ainm sin ‘Dia linn’].

Ansan do dhúisigh Ióseph as a chodladh agus bhí an bhuairt go léir agus an t-uathás go léir imithe. Ansan do thuig sé an scéal go léir. Do thuig sé gurbh é Críost Mac Dé, Slánaitheóir an domhain, an leanbh a bhí ar iompar ag Muire. Do thuig sé an gnó a bhí ceapaithe dho féin le déanamh. Do thuig sé go hálainn ansan conas mar a bhí Dia na Glóire tar éis a chur mar chúram air féinig, thar a raibh d’fhearaibh sa domhan aire ’ thabhairt do Mháthair Mic Dé, agus aire ’ thabhairt do Mhac Dé féin, agus “D’éirigh sé agus do dhein sé mar aduairt an t-aingeal leis.” Ansan cá bhfuil an té ’ fhéádfadh a dh’ínsint, agus do chur síos i bhfoclaibh cainnte cad é an t-áthas, agus cad é an t-aoibhneas, agus cad é an suairceas croí, agus cad é an suaimhneas aigne, a bhí ar an mbeirt sin, ar Mhuire Mháthair agus ar Ióseph naofa, ón lá san amach! Bhí an urraim uasal acu dá chéile agus an grá naofa acu dá chéile, agus an meas árd acu ar a chéile, i gcaitheamh na haimsire sara dtáinig an ócáid a chuir an t-uathás agus an scannradh ar Ióseph. Ansan nuair a tháinig an t-aingeal agus d’innis sé “Rún an Rí” do Ióseph, do hoscladh a shúile do Ióseph. Do baineadh an t-uathás de glan. Do baineadh an scannradh as a chroí. “Ná bíodh aon eagla ort, a mhic Dháibhid,” arsan t-aingeal. D’imigh an scannradh. Do dhíbir focal an aingil an scannradh. “Glac chút í,” arsan t-aingeal. Thug an focal san thar n-ais do í, stór a chléibh. Bhí a chroí briste, bhí a chroí folamh. Thug an focal san thar n-ais do an saibhreas a mheas sé a bhí scartha leis go deó deó. Ní hea ach thug an focal san thar n-ais do saibhreas a bhí míle míle uair ní b’uaisle ná an saibhreas a mheas sé a bhí imithe uaidh. “Gin a ghoibh sí ón Sprid Naomh is ea an ghin sin atá ar iompar aici,” arsan t-aingeal. Chómh luath agus d’airigh Ióseph an focal san do thuig sé an gnó go léir. Do las solas an eólais istigh in’ aigne mar a lasfadh splannc. “Geóbhaidh Maighdean gin ’na broínn agus béarfaidh sí mac, agus tabharfar Emanuel mar ainm air.” Bhí eólas maith ag Ióseph ar an gcainnt sin. Bhí eólas ag an uile Iúdach an uair sin ar an gcainnt sin. Chómh luath agus ’ duairt an t-aingeal an focal do thuig Ióseph go raibh cainnt an fháidh cómhlíonta. Do thuig sé go raibh, in inead an tsaibhris a mheas sé a bheith scartha leis, saibhreas ná raibh aon choinne aige leis tabhartha dho, an saibhreas go raibh clann Israéil ag tnúth leis i gcaitheamh na gcéadta blian go léir. Do thuig sé an gnó a bhí le déanamh aige feasta agus d’éirigh sé as a chodladh agus thug sé aghaidh ar an ngnó san.

Gan amhras do chonaic an Mhaighdean an t-athrú a bhí tagaithe ’na ghnúis agus ’na shúilibh agus ’na dhriuch ar fad. Gan amhras do thuig sí go raibh an Rí féinig tar éis an rúin do nochtadh dho. Gan amhras d’innis sé dhi an focal aduairt an t-aingeal leis. Agus gan amhras do ghoibh sé a leathscéal léi mar gheall ar an ndrochamhras a bhí in’ aigne ’na taobh, go dtí gur innis an t-aingeal an rún do. Agus ansan, gan amhras, d’innis sise dho conas mar a tháinig an tÁrdaingeal Gabriél ag triall uirthi féinig, agus an cómhrá do thárla eatarthu. Ansan do thuig an bheirt an gnó a bhí ceapaithe ag Dia dhóibh ón síoraíocht, i dtaobh an tSlánaitheóra, agus thug an bheirt aghaidh ar an ngnó san.

Do ghluais an méid dá haimsir a bhí gan caitheamh do Mhuire Mháthair agus tháinig an tráth chun an tSlánaitheóra do theacht ar an saol. Bhíodar ’na gcónaí i Nasaret. I mBetlehem aduairt na targaireachtaí a béarfí an Slánaitheóir. Tá Nasaret tímpall céad míle ó thuaidh ó chathair Ierúsaleim, agus tá Betlehem suas le sé mhíle ó dheas ó chathair Ierúsaleim. Níorbh fholáir, áfach, an targaireacht do chómhlíonadh, ’sé sin, gur i mBetlehem a béarfí an Slánaitheóir. Bhí ímpire sa Róimh an uair sin, agus Augustus ab ainm do, agus dhein Dia úsáid den ímpire sin, bíodh gur phágánach é, chun na targaireachta do chur chun cínn. Bhí an domhan go léir fé smacht an ímpire agus theastaigh ón ímpire áireamh a dhéanamh ar na daoine. Chuir sé reacht amach dhá órdú go ndéanfí an t-áireamh. D’órdaigh an reacht san do gach duine dul agus a ainm a thabhairt le cur síos sa chómhaireamh, ’na bhaile dúchais féinig. B’éigean do Ióseph agus do Mhuire, dá bhrí sin, dul ó Nasaret ó dheas go Betlehem, go cathair Dháibhid, mar de shliocht Dháibhid ab ea iad.

Bhí an cúrsa fada, agus in aimsir gheímhridh ab ea é, agus níorbh fhuiriste don lánúin an cúrsa fada san do chur díobh mar daoine dealbha ab ea iad, agus ní raibh cóir iompair ná cóir aistir acu mar ’ bheadh ag daoine go mbeadh saibhreas saolta acu. Chuireadar díobh an tslí agus thánadar go Betlehem. Bhí an baile beag lán de dhaoinibh iasachta, mar gheall ar an reacht. An mhuíntir ba thúisce ’ tháinig bhí na tithe ósta go léir tógtha acu. Níor fhéad Muire agus Ióseph teacht rómhear. B’éigean dóibh teacht go réidh toisc Muire Mháthair a bheith chómh hachomair dá ham. Ní raibh sí chómh héasca ná chómh seólta chun na slí ’ chur di agus a bhí sí naoi mí roimhe sin nuair a shiúlaigh sí an bóthar céanna ó dheas agus í ag dul ag féachaint Elisabeit. Do tháinig as gur theip orthu lóistín ’ fháil in aon tigh i mBetlehem.

Tá cuid de chnucánaibh Iúdéa agus is cnapóga móra cailce iad. Bíonn pluaiseanna leathana doimhinne in sna cnapógaibh cailce sin uaireanta, chómh doimhinn chómh leathan san gur cuma iad, geall leis, nú tithe. Bhí pluais acu san ná raibh i bhfad ó cheann de sna tithibh ósta agus do curtí isteach sa phluais sin go minic cuid de sna beithígh ná bíodh slí dhóibh i stáblaíbh an tí ósta. Isteach sa phluais sin, i dteannta na mbeithíoch is ea ’ chaith Muire Mháthair agus Naomh Ióseph dul i gcómhair na hoíche nuair a theip orthu slí ’ fháil sa tigh ósta. Agus istigh sa phluais sin, an oíche sin, i lár an gheímhrigh, i measc na mbeithíoch allta, míle naoi gcéad a seacht déag de bhlianaibh ó shin, is ea do rugadh Críost Mac Dé, Slánaitheóir an domhain, an tAon a gealladh don chine daonna i ngáirdín Parathais, tímpall cheithre mhíle blian roimis sin. Bhí an chine daonna ag feitheamh leis ar feadh cheithre mhíle blian. Do cimeádadh cuímhne ar an ngeallúint i gcaitheamh na haimsire sin. Do hathnuadh an gheallúint ó am go ham. Tar éis aimsire dúradh gur ar shliocht Ábrahaim a thiocfadh an tAon. Tar éis tuilleadh aimsire, gur ar shliocht Iúda do thiocfadh sé. Do hínseadh arís agus arís eile, go bhfuiliceódh sé pianta agus easonóir agus tarcaisne agus bás. Ach in ainneóin a ndúradh den tsórd san cainnte bhí sé daingean i n-aigne na nIúdach gur ’na rí uasal a thiocfadh sé; go mbeadh sé ’na cheann ar shlóitibh líonmhara armála; go gcuirfeadh sé an domhan go léir féna smacht, agus ansan go gcuirfeadh sé suas na Iúdaígh os cionn na cine daonna go léir. In inead na huaisleachta agus in inead an ghradaim sin go léir, b’é toil an tSlánaitheóra, moladh go deó leis, teacht ar an saol, i bhfíoruirísleacht, gan aon ghradam saolta, gan aon tsaibhreas saolta, gan aon uasileacht shaolta. Ní dócha go raibh i mBetlehem an oíche sin lánú eile a bhí níba dhealbha, ní b’uirísle, ná Muire Mháthair agus Naomh Ióseph. B’fhéidir gur rugadh a lán eile leanbh i mBetlehem an oíche sin. Má rugadh tá gach aon deallramh nár cuireadh aon leanbh acu i gcliabhán chómh huiríseal le mainséar an asail. Cad ’na thaobh gur thoil le Críost Mac Dé teacht ar an saol ’na leithéid de dhealús agus d’uirísleacht? Tuigeann an Eaglais an chúis go dianmhaith. Do chaith peaca an uabhair an tÁrdaingeal agus a chuallacht, árdaingeal an tsolais agus a chuallacht, anuas as an solas glórmhar, a solas glórmhar na bhflaitheas, síos isteach i bpoll dorcha tínteach, gráinniúil ifrinn. Do gheall Dia na Glóire don annsprid sin go dtiocfadh Aon ar shliocht na mná agus go mbrisfeadh an tAon san ceann namhad na mná san, ’sé sin go ngeóbhadh an tAon san de chosaibh i gceann an namhad san, ’sé sin in uabhar an namhad san. Chun gabháil de chosaibh san uabhar, in uabhar an áirseóra agus in uabhar na ndaoine, is ea ba thoil leis an Slánaitheóir teacht ar an saol ’na leithéid de dhealús agus d’uirísleacht.

Ach má bhí dealús agus uirísleacht shaolta, agus bochtaineacht, tímpall ar an mainséar úd, istigh sa phluais úd, níor fágadh teacht an tSlánaitheóra ar an saol gan uaisleacht agus gradam nár bhain leis an saol.

Tá, lastoir de Bhetlehem, ar bruach an locha ar a dtugtar an Mhuir Mharbh, gleann breá glas féarmhar. I bhfad siar, san aimsir roimis sin, bhí sa ghleann san túr éigin ar a dtugtí “Túr na n-aeirí,” mar ba ghnáth le haeiríbh bheith sa ghleann ag aeireacht tréad caeireach, toisc an fhosaíocht a bheith go maith ann. Sa ghleann san is ea ’ chuir Iácób suas a chábán nuair a bhí sé ag déanamh buartha tar éis bháis a mhná Rachel. Nuair a bhí Dáibhid óg bhíodh sé ag aeireacht tréad a athar sa ghleann san. Tá an gleann ann fós, ní nách iúnadh, agus é go breá féarmhar glas, agus tá cuasán áirithe i gcúinne den ghleann, cuasán uaigneach, agus craínn ola ag fás os a chionn, agus cuasán na n-aingeal a tugtar air agus deirtear go bhfuil sé fé choimirce na n-aingeal naofa.

An oíche gheímhrigh úd fadó, nuair a chuir Muire Mháthair an leanbh ’na luí i mainséar an asail agus é fíllte in éadaíbh aici, bhí na haeirí lastoir sa ghleann úd agus iad, fé mar adeir Lúcás an Soíscéalaí, “ag faire na dtráth san oíche ar a dtréad. Agus féach, tháinig aingeal ón dTiarna agus sheasaimh sé ’na n-aice, agus do las solas ’na dtímpall, agus tháinig eagla mór orthu. Agus duairt an t-aingeal leó: Ná bíodh eagla oraibh, mar féach, tugaim scéala dhíbh ar lúgháir mhór atá le teacht chun na ndaoine go léir; mar go bhfuil Slánaitheóir beirthe dhíbh inniu, ’sé sin Críost an Tiarna, i gcathair Dháibhid. Agus seo cómhartha dhíbh: Gheóbhaidh sibh an leanbh fíllte in éadaíbh ’na luí i mainséar.” Agus láithreach do bhí i bhfochair an aingil sin mórshlua na bhflaitheas agus iad ag moladh Dé, agus deiridís: Glóire do Dhia in sna flaithis go hárd, agus ar talamh síocháin do lucht dea-mhéinne.

Tar éis tamaill d’imigh an mhórshlua aingeal uathu suas arís in sna flaithis, agus chromadar san ar chainnt lena chéile. Sa chainnt dóibh do chuímhníodar ar an gcómhartha úd a thug an t-aingeal dóibh. Thuigeadar gur chun iad do stiúrú i dtreó na háite ’na raibh an leanbh a tugadh an cómhartha dhóibh. “Téimís go Betlehem,” ar siad, “agus feicimís an briathar so do thárla ann.” Dob ionann “Betlehem” agus “cathair Dháibhid.”

Ghluaiseadar láithreach. Thánadar go Betlehem. Fuaradar Muire Mháthair agus Ióseph agus an leanbh ansúd, ’na luí sa mhainséar agus na héadaí tímpall air. Ansan d’ínseadar do Mhuire Mháthair agus do Ióseph an radharc a taispeánadh dóibh thoir sa ghleann.

Ní raibh Muire Mháthair agus Ióseph ’na n-aonar nuair a bhí na haeirí ag ínsint an scéil a bhí acu féin le hínsint. Deir an Soíscéalaí gur dhein “gach ar airigh iad” iúnadh den scéal a dh’ínseadar i dtaobh na n-aingeal. Thaispeánadh san go rabhadar roinnt éigin aimsire ag lorg na háite ’na raibh an mainséar, agus go rabhadar ag cur tuairisce na háite agus go rabhadar ag ínsint an chómhartha do sna daoine a bhuail úmpu. Gan amhras gach éinne gur ínseadar do an radharc aingeal a taispeánadh dóibh agus an cómhartha a tugadh dóibh, do ghluais sé leó sa chuardach agus bhí mórán daoine lena gcois nuair a fuaradar an phluais agus an mainséar agus an leanbh.

Gan amhras bhí i mBetleheim an uair sin a lán daoine léannta go raibh eólas maith acu ar na scríbhinníbh diaga. Do bhí ’ fhios acu san go maith gur i mBetlehem a béarfí an Slánaitheóir a bhí le teacht, an rí uasal a bhí chun clainne Israéil do thógaint as an ndaorbhruid ’na rabhadar agus iad a chur ’na n-uachtaránaibh os cionn cineacha an domhain go léir. Gan amhras ba mhinic an uair sin, daoine léannta den tsórd san dhá rá ’na n-aigne féin, nú lena chéile: “Táimíd cráite ciapaithe ag an Héród so. Ní féidir d’éinne againn an oíche ’ chodladh ar a shuaimhneas gan eagla ’ bheith air go mb’fhéidir gur i lár na hoíche ’ thiocfadh lucht airm an ropaire agus é ’ thógaint as a leabaidh agus é ’ chur chun báis mar gheall ar dhrochamhras éigin. Agus sin iad na Rómhánaigh dhá chimeád go daingean os ár gcionn le corp lámh láidir!” Gan amhras d’airigh cuid de sna daoine léannta san na haeirí agus an cruinniú daoine ’na dtímpall agus iad ag ínsint i dtaobh na n-aingeal a taispeánadh dóibh amu’ sa ghleann, agus i dtaobh an tSlánaitheóra a bhí tagaithe ar an saol, agus i dtaobh an chómhartha a thug an t-aingeal dóibh. Gan amhras bhí ’ fhios ag na daoinibh léannta san gur i mBetlehem a béarfí an Slánaitheóir, agus gan amhras do ghluaiseadar sa chuardach in éineacht leis an gcuid eile. Do fuaradh an mainséar. Chonaic na daoine léannta an mainséar. Chonacadar an t-asal. Chonacadar an lánú bhocht dhealbh, an phluais ghránna fhuar chradhscalach. D’iompaíodar agus do theitheadar as an áit. “Preit!” ar siad, ’na n-aigne féin nú lena chéile, “Ní mar sin a thiocfaidh an Slánaitheóir atá geallta dhúinn!”

Táid daoine léannta an tsaeil ag rá na cainnte sin ar an gcuma san riamh ó shin. Agus tá uabhar an tsaeil ag rá na cainnte sin ar an gcuma san riamh ó shin. Agus tá saibhreas an tsaeil agus uaisleacht an tsaeil ag rá na cainnte sin ar an gcuma san riamh ó shin. Ach tá breall ar an léann; agus tá breall ar an uabhar; agus tá breall ar an saibhreas, agus ar an uaisleacht. Is ag an úmhlaíocht, ag na haeiríbh bochta, a bhí an chiall cheart an uair sin. Is ag triall orthu a tháinig na haingil an oíche sin agus ní hag triall ar lucht léinn na nIúdach, ná ar uaislibh cathrach Ierúsaleim, ná ag triall ar an rí Héród. Cad é an beann a bhí ag an Slánaitheóir ar rí ná ar uaislibh ná ar lucht léinn go dtiocfadh sé ag triall orthu? Cad ’ fhéadfadh sé a dh’fháil uathu ach an rud a bhí iontu, an t-uabhar agus an drochaigne agus an mhailís? Nách é fein a chruthnaigh an domhan agus iad san?

Níl aon rud is sia síos i láthair Dé ná an t-uabhar. Agus níl aon rud is aoirde i láthair Dé ná an úmhlaíocht. Bréag is ea an t-uabhar. Fírinne is ea an úmhlaíocht. Do ghoibh an Slánaitheóir de chosaibh in uabhar na nIúdach agus in uabhar an tsaeil an oíche sin a rugadh é sa phluais i mBetlehem; An oíche sin a chonaic na daoine léannta úd é sínte i mainséar an asail agus é fíllte in sna héadaíbh bochta úd a bhí curtha ag Muire Mháthair ’na thímpall. Do theitheadar as an áit. Do dhíbir an úmhlaíocht an t-uabhar, uabhar an léinn, an t-uabhar atá ag cur an duibh ’na gheal ar an saol riamh ó shin agus an neómat so.

“Agus tabharfairse Íosa mar ainm air,” arsan t-aingeal le Ióseph, “óir slánóidh sé a dhaoine óna bpeacaíbh.” Cloch bhuínn na bpeacaí sin an t-uabhar. Do bhuail an Slánaitheóir buille maraitheach ar an uabhar an oíche sin a bhí sé ’na luí ansúd i mainséar an asail agus gur theith uaisle an léinn uaidh. Moladh mór óm chroíse leatsa, a linbh na Mná gan teímheal! Moladh le Dia agus le Muire!

Foclóirín

Achab: this name is an apparent mistake in the original here, as the king of Israel to whom Isaiah prophesied the birth of Emmanuel of a virgin in Isaiah 7 was Achaz, not Achab.
aeire: “shepherd”, or aoire in the CO. Pronounced /e:rʹi/.
ainm: “name”, feminine in WM Irish.
aoraim, aeireacht: “to shepherd, herd”, or aoirím, aoireacht in the CO. Traditionally written aodharaim, aodhaireacht, the spelling change of the mid-twentieth century has produced CO spellings that yield the incorrect pronunciation for speakers of Munster Irish. Pronounced /e:rimʹ, e:rʹəxt/.
athnuaim, athnuachaint: “to renew”, or athnuaim, athnuachan in the CO. Pronounced /ɑnhuəmʹ, ɑnhuəxintʹ/.
Augustus: the Roman Emperor Augustus, who reigned from 27 BC to 14 AD.
beann: “regard”.
bochtaineacht: “poverty, humiliation”.
Bonum est sacramentum regis abscondere: a quotation from the book of Tobit (Tobit 12:7) as given in the Latin Vulgate version. The Douay version has “it is good to hide the secret of a king”.
cailc: “chalk”.
caíora: “sheep”, or caora in the CO. With the genitive plural caeireach. Pronounced /ki:rə, ke:rʹəx/.
ciapaim, ciapadh: “to torment, torture”.
cine: “race, nation”. Note this word is feminine in Cork Irish. The plural here is cineacha, where the CO has ciníocha.
cliabhán: “cradle”.
cloch bhuínn: “foundation stone”, or cloch bhoinn in the CO.
cnucán: “hillock”, or cnocán in the CO.
cóir: “means, equipment”. Cóir iompair, “means of transport”. Cóir aistir would appear to mean the same thing; more research required here. Maybe iompar refers to transportation of effects, and aistear to the journeying of the people?
cradhscalach: “repugnant, distasteful”, possibly pronounced /krəi’sklɑx/.
cruthnaím, cruthnú: “to create”, or cruthaím, cruthú in the CO. Cruthaím, cruthú (and cruithním, cruithniú) are also found in his works, including elsewhere in Críost Mac Dé. The form with a medial -n- seems preferable in Cork Irish.
cuasán: “cavity, cavern, small hole”.
cuíng: “yoke, bond”, pronounced /ki:ŋʹ/. Cuíng phósta is listed in the dictionary as “marriage bond, wedlock”, but it seems rather to mean “engagement to get married”.
daorbhruid: “bondage”. This is daorbhroid in the CO, but the original spelling is retained as it shows the pronunciation.
dea mhéinn: “goodwill”, dea mhéin. Pronounced /dʹa vʹe:ŋʹ/.
driuch: “facial appearance”. This word is found in the CO in the meaning of “sickly appearance”. “Facial appearance” is usually dreach in the CO.
Emanuel: Emmanuel, the child Isaiah foretold would be born of a virgin, identified by the Church as Jesus.
fáltas: “income; a small amount or sum”. Dinneen says this word often refers, probably ironally, to a small amount of money. Aon fháltas saoltais, “any small amount of wealth”.
fíoraim, fíoradh: “to fulfil, come true”, or fíoraím, fíorú in the CO.
fosaíocht: “grazing; grazing land”.
fuiligim, folag: “to suffer, endure”, or fulaingím, fulaingt in the CO. Pronounced /filʹigʹimʹ, foləg~fuləg/. Note the conditional form fuiliceódh, equivalent to fulaingeodh in the CO.
gabhaim, gabháil: “to take; go” and a large range of other meanings. Gabháil de chosaibh i rud, “to kick something in”. Pronounced /goumʹ, gvɑ:lʹ/. Note the conditional geóbhadh, where the CO has gabhfadh: the future and conditional of gabháil is aligned with the future and conditonal of gheibhim, fáil in WM Irish (gabháil has geóbhad, do gheóbhainn; fáil has gheóbhad/geóbhad, do gheóbhainn).
geanmnaí: “chaste, pure”, pronounced /gʹanəm’ni:/.
geanmnaíocht: “chastity, purity”.
go deó deó: this phrase, with reduplication, is not given in dictionaries, but presumably means “for ever and ever”.
gráinniúil: “abhorrent”, or gráiniúl in the CO.
i ganfhios: “in secret”, pronounced /ə’gɑnis/.
inniu: “today”, /i’nʹuv/. The final consonant heard in the pronunciation is left untranscribed, as it was not indicated in the historical orthography and is not indicated in the spelling adopted in the CO. The spelling aniogh was found in the works of Seathrún Céitinn.
Iúda: Judah, one of the tribes of Israel, named after one of the sons of the Jewish patriarch, Jacob.
lámh láidir: “oppression”. Le corp lámh láidir, “by means of oppression”, seems to contain the genitive plural.
leabaidh: “bed”, or leaba in the CO. The traditional dative has replaced the nominative in Cork Irish. Pronounced /lʹabigʹ/.
lúgháir: “gladness, welcoming joy”, or lúcháir in the CO. This word was given as lúthgháir in the original, but IWM shows /lu:’ɣɑ:rʹ/ is the normal pronunciation, with /lu:’xɑ:rʹ/ also heard.
mainséar: “manger”, pronounced /main’ʃe:r/.
maraitheach: “deadly, lethal”, or marfach in the CO, pronounced /mɑrəhəx/.
míle míle: “a million”. PUL gives this phrase as the correct Irish for “a million” in his Mion-Chaint, although he used the word milliún in his funeral oration for the reception of Eugene O’Growney’s coffin in Ireland in September 1903.
Muire: the Virgin Mary, mother of Christ. It is worth noting the phrase Muire Mháthair, where máthair is lenited, as if of adjectival force.
Muir Mharbh (an Mhuir Mharbh): the Dead Sea.
óigbhean: “young woman”, or ógbhean in the CO. The g is slender.
ola: “oil”, but also “olive”. Crann ola, “olive-tree”, usually ológ in the CO.
pluais: “cave”.
preit: an interjection of disgust, “nonsense; tut-tut”.
púnc: “a point”, or ponc in the CO. Pronounced /pu:ŋk/. Púnc dlí, “a point of law”.
Rachel: Rachel, one of the wives of the Jewish patriarch, Jacob, and the mother of two of his sons, Joseph and Benjamin.
Raphaél: the Archangel Raphael, who appeared to Tobias in the deuterocanonical book of Tobit.
reacht: “decree”, pronounced /rɑxt/.
scaraim, scarúint: “to separate”, or scaraim, scaradh in the CO. Scarúint le duine, “to leave someone, part with or give him/her up”. Cf. the CO word for “divorce”, colscaradh.
seólta: “easy, graceful”. Often paired up with éasca.
slua: “army”. Note the plural form here, slóite, where the CO has sluaite. Slua is feminine in PUL’s Irish.
stiúraím, stiúrú: “to guide, direct”, or stiúraim, stiúradh in the CO.
suairceas: “gaiety”.
tabhartha: “given”, the past participle of tugaim, tabhairt. This would be tugtha in the CO.
teímheal: “stain”. Gan teímheal, “immaculate”. Pronounced /tʹi:l/ according to Cnósach Focal ó Bhaile Bhúirne.
tínteach: “fiery”.
Tobias: Tobias, the son of Tobit in the deuterocanonical book of Tobit, which recounts how Tobias is cared for by the Archangel Raphael on a journey.
tráth: “time, occasion”, but also “night watch”. Ag faire na dtráth, “keeping the watches of the night”. Note the genitive plural here, where the CO would use dtráthanna.
uathás: “terror, horror”, or uafás in the CO. Pronounced /uə’hɑ:s/ in WM Irish.

February 6, 2012

Críost Mac Dé 3

Filed under: Contents,Críost Mac Dé — admin @ 12:20 am

Caibideal a Trí.

Cailín an Tiarna.”

Ní chun breis nirt a chur i gcreideamh na Maighdine d’innis an tAingeal di an mhíorúilt a dhein Dia dá siúr Elisabet. D’innis sé dhi é chun áthais a chur uirthi. D’innis sé dhi é mar ní rócheart ab ea é ’ dh’ínsint di. Bhí Mac na Maighdine féin chun an domhain do shaoradh agus bhí Mac Elisabet chun an domhain d’ollmhú i gcómhair an tSlánaitheóra. Gan amhras do thug an t-aingeal mórán eólais do Mhuire Mháthair in éaghmais an eólais a bhí in sna foclaibh a labhair sé léi. Cé ’ déarfaidh ná raibh ’ fhios aici, chómh luath agus a thuig sí go raibh mac ar iompar ag Elisabet, gur uirthi féin a bhí dul láithreach ar chuaird ag triall ar Elisabet i dtreó go nglanfí ó pheaca an tsínsir an mac a bhí an uair sin i mbroínn Elisabet? Tá slí fhada idir Nasaret agus Hebron. Tá an tslí le feiscint ag éinne ’ dh’fhéachfaidh ar an mapa. Tá Nasaret tamall maith ó thuaidh ó chathair Ierúsaleim, agus tá Hebron tamall beag ó dheas ó chathair Ierúsaleim, agus tá an áit ’na raibh Sacarias agus Elisabet ’na gcónaí tamall beag ó dheas ó Hebron. De réir an mhapa tá suas le cheithre fichid míle idir Nasaret agus Iouttah, an baile beag ’na raibh Sacarias agus Elisabet ’na gcónaí. Gan amhras níorbh aon trioblóid mhór do chailín óg láidir anamúil fiche míle sa ló do chur di ag siúl. Do shiúlódh sí an cheithre fichid míle sin in aon cheithre lá amháin. Nuair a bheadh fonn agus flosc chun na slí uirthi dhéanfadh sí é laistigh de thrí lá. Gan amhras bhí an fonn san agus an flosc san ar “Cailín an Tiarna” nuair a thug sí aghaidh ar an aistear san. Bhí scéal aici le hínsint d’Elisabet. Bhí scéal aici le fáil ó Elisabet. Bhí an Mac a bhí ar iompar aici féin agus an mac a bhí ar iompar ag Elisabet le teacht i gcóngar dá chéile. Bhí ’ fhios aici, b’fhéidir, go nglanfadh an Mac a bhí ’na broínn féinig Mac Elisabet ó pheaca an tsínsir chómh luath agus a tabharfí in aice ’ chéile an bheirt mhac. Dá mba ná beadh aon chúis eile chun fonn a bheith uirthi chun gluaiste níor bheag di an méid sin. Mac ar iompar ag Elisabet, an aimrid! A bean mhuínteartha féin, a cara ródhílis, chómh dílis sin gur thuig an t-aingeal an caradas a bhí eatarthu agus gur innis sé do mhnaoi acu an tabharthas mór a bhí bronnta ag an dTiarna ar an mnaoi eile. Mac eile ar iompar aici féinig, “Críost Mac Dé.” Agus É chun an mhic a bhí i mbroínn a carad do ghlanadh ó pheaca an tsínsir! Cé ’ dh’fhéadfaidh a dh’ínsint cad é an leathadh a bhí ’na croí! Cad é an solas ón Sprid Naomh a bhí ’na haigne! Cad é an fuadar agus an fuinneamh agus an dásacht a bhí ’na siúl, agus í ag cur an bhóthair ó dheas di! Deir cuid de sna cúntaisíbh go raibh céad agus fiche de mhíltibh slí sa chuaird a bhí aici le tabhairt ó dheas ó Nasaret go dtí Hebron. Ach ní deirtear gur mhothaigh sí an tslí, ná ní deirtear gur chuir an bóthar aon tuirse uirthi.

Tháinig sí go dtí tigh Shacariais. Chuaigh sí isteach. Ní hí Elisabet do labhair ar dtúis. Deir an soíscéal gurbh í Muire do labhair ar dtúis, gur “bheannaigh sí d’Elisabet.” Ansan is ea do glanadh ó pheaca an tsínsir an leanbh a bhí i mbroínn Elisabet, do léim an leanbh a bhí i mbróinn Elisabet agus do líonadh Elisabet den Sprid Naomh. Ansan is ea do labhair Elisabet. Do labhair sí go hárd. “Is beannaithe thu idir mhnáibh,” ar sise, “agus is beannaithe toradh do bhroinne; agus cad a thug so dhómhsa, Máthair mo Thiarna do theacht ag triall orm! Mar, féach, chómh luath agus ’ chuaigh guth do bheannachta im chluasaibh do léim an leanbh le háthas im broínn. Agus is aoibhinn duitse gur chreidis, mar cómhlíonfar duit na nithe do gealladh duit ón dTiarna.”

Do thaispeáin an Sprid Naomh d’Elisabet gur dhein Muire an bheart níba chiallmhaire ná mar a dhein Sacarias, agus gurbh aoibhinn do Mhuire an ní sin. Ansan duairt Muire:—

“Mórmholadh ó m’anam don Tiarna,
Agus tá mo sprid lán de gháirdeachas i nDia, mo Shlánaitheóir,
Óir d’fhéach sé ar uirísleacht a chailín féin,
Óir féach, déarfaid na sleachta go léir feasta gurb aoibhinn dom,
Óir do dhein an tÉ atá cómhachtach nithe móra dhom,
Agus is naofa a ainm,
Agus tá a thrócaire ó shliocht go sliocht,
Ar an muíntir go bhfuil a eagla orthu,
D’oibrigh sé cómhacht lena chuislinn,
Do scaip sé lucht uabhair a bheith ’na gcroí agus ’na n-aigne acu,
Do leag sé anuas óna gcathaoireachaibh ríoga lucht na gcómhact,
Agus d’árdaigh sé suas lucht na húmhlaíochta,
Do líon sé de nithibh fónta lucht an ocrais,
Agus chuir sé chun siúil folamh lucht an tsaibhris.
Do ghlac sé chuige a sheirbhíseach Israél,
Ag cuímhneamh do ar a thrócaire féinig,
Fé mar a labhair sé lenár n-aithreachaibh,
Le hÁbraham agus lena shliocht go deó.”

Nuair ’ airigh Muire an focal aduairt Elisabet, gur léim an leanbh le háthas istigh ’na broínn chómh luath agus do labhair máthair an tSlánaitheóra, do thuig sí go raibh an gnó san déanta, ’sé sin go raibh an leanbh san glan ó pheaca an tsínsir. Ach duairt Elisabet focal eile. Duairt sí an focal céanna úd aduairt an t-aingeal le Muire féinig. “Is beannaithe thu idir mhnáibh,” ar sise, díreach mar aduairt an t-aingeal. Duairt an t-aingeal an focal toisc Muire ’ bheith saor ó pheaca an tsínsir. Ní fhéadfadh Elisabet an focal do rá mara mbeadh gur thug an Sprid Naomh an t-eólas di an neómat san. Ansan duairt Elisabet, “is beannaithe toradh do bhroinne.” Thaispeáin san gur thug an Sprid Naomh le tuiscint d’Elisabet go raibh an Slánaitheóir ansúd istigh i mbroínn Mhuire an uair sin. Dhein Elisabet an méid sin soiléir go leór nuair aduairt sí “Agus cad a thug dómhsa Máthair mo Shlánaitheóra do theacht ag triall orm!” Bhí an úmhlaíocht i gcroí Mhuire, agus bhí an úmhlaíocht i gcroí Elisabet, leis.

Ansan do las an Sprid Naomh solas iúntach i gcroí agus in aigne na Maighdine Muire agus do labhair sí an channtaic sin thuas, an channtaic ar a dtugtar an Magnificat mar ainm ón bhfocal tosaigh atá inti sa Laidin. Ní raibh sa mhaighdin sin, i súilibh an tsaeil a bhí ’ tímpall ach cailín bocht dealbh, uiríseal, cailín bocht a shíolraigh ó dhaoine bochta dealbha uirísle, gan saibhreas saolta gan aon tsuím ag an saol iontu ach mar a bhíonn ag an saol i gcónaí i ndaoine bochta. Ach do labhair an cailín bocht dealbh san an channtaic sin an uair sin, i láthair na mná boichte Elisabet, agus tá an channtaic sin riamh ó shin i mbéalaibh na gCríostaithe ar fuaid an domhain. Tá an channtaic sin dá labhairt, agus dá canadh leis na míltibh saighseanna ceóil, i dteangthachaibh an domhain ins gach páirt den domhan ’na bhfuil creideamh Chríost dá chimeád beó ag eaglais Críost. Agus dá mhéid a deintear machnamh ar fhoclaibh na canntaice sin is ea is mó a chítear agus a tuigtear an doimhneas atá i mbrí na bhfocal agus an uaisleacht atá in sna smaointibh.

An t-é do léifidh an Bíobla sean chífidh sé conas mar a bhíodh Dia na Glóire, go minic, ag lochtú na nIúdach mar gheall ar a gcroithe ’ bheith i bhfad uaidh nuair a bhídís ag déanamh na n-íbirtí chuige. Dheinidís an íbirt chun na dlí do chómhlíonadh, dar leó, ach ní thabharfaidís do Dhia an moladh ó chroí ba cheart a thabhairt do, san íbirt. Dhein Cailín an Tiarna leórghníomh san easnamh san a bhí in sna seaníbirtíbh. Dhein sí an leórghníomh sa chéad fhocal den channtaic. “Mórmholadh ó m’anamsa don Tiarna!” ar sise, agus chuaigh an moladh san suas chun Dé óna hanam ar chuma ná deigh a leithéid suas chun Dé ó anam ná ó aigne duine riamh roimis sin. Do dhiúltaigh Dia do sna híbirtíbh, ar fad, an uair sin, agus tá an mórmholadh san, i gcanntaic na Maighdine Muire, ag dul suas chun an Tiarna ón Eaglais, riamh ó shin.

“Do ghlac mo sprid gáirdeachas i nDia mo Shlánaitheóir,” arsan Mhaighdean. Thug sí a Slánaitheóir air, agus ba mhór é a gáirdeachas, mar bhí sé istigh ’na broínn aici an uair sin, mar aduairt Elisabet. Do gabhadh í gan peaca an tsínsir a bheith uirthi, ach is trí neart pháise an Aon-Mhic a bhí ar iompar aici do cimeádadh glan í ó pheaca an tsínsir nuair a gabhadh i mbroínn a máthar féinig í. Mar gheall air sin ab ea an gáirdeachas. “D’fhéach sé ar ísleacht a chailín,” ar sise. “Humilitatem” an focal atá sa Laidin, ach tá trí bhrí le Humilitas. Ciallaíonn sé úmlaíocht, nú uirísleacht, nú suaraíocht. Bhí Muire uiríseal, suarach go leór os cómhair daoine, an uair sin. Bhí sí úmhal, leis. Bhí sí lán de ghrástaibh, agus go mór mór de ghrásta na húmhlaíochta. Ach ní baol gur dhein sí aon mhaíomh as a húmhlaíocht. Níorbh fhéidir di é, mar bhí a húmhlaíocht ródhílis. Ní húmhlaíocht in aon chor an úmhlaíocht a dheineann maíomh aisti féinig. “Suaraíocht,” an focal atá sa Ghréigis. Bhí sí suarach os cómhair an tsaeil agus do thóg Dia suas í agus dhein sé bannrín di, an bhannrín is uaisle dár mhair riamh. B’í bannrín na bhflaitheas í nuair aduairt sí an channtaic sin, nuair aduairt sí an focal “dhein sé nithe móra dhom” agus an focal “déarfaid na sleachta go léir gurb aoibhinn dom.” Táid na sleachta go léir, sliocht gach sleachta fé mar a tháinig, ag rá an fhocail sin riamh ó shin, agus beidh sliocht gach sleachta ag rá an fhocail sin go dtí lá an bhreithiúntais. Do chuir solas an Sprid Naoimh os cómhair a súl iad go léir an lá san, istigh i dtigh Shacariais nuair a bhí sí ag gabháil na canntaice beannaithe sin.

“D’oibrigh sé cómhacht lena chuislinn,” ar sise. “Do leag sé ar lár lucht uabhair. . . . agus d’árdaigh sé lucht úmhlaíochta.” “Do líon sé le nithibh fónta lucht an ocrais, agus chuir sé chun siúil folamh lucht an tsaibhris.” Ionann san agus a rá nách cailín éigin uasal, iníon rí nú iníon ímpire, do thoibh sé mar mháthair do féin, ach cailín bocht gan saibhreas saolta, gan uaisleacht os cómhair daoine, bíodh go raibh uaisleacht inti ná feacaigh daoine. Ionann san, leis, agus a rá go mb’éigean do, na Iúdaígh saibhre úd, nár ghlac an saibhreas sprideálta uaidh, do chur chun siúil folamh, agus “lucht an ocrais” na Gínte bochta, na daoine a bhí ag folag gorta trí easpa na ngrást, do líonadh de nithibh fónta.

“Do ghlac sé chuige a sheirbhíseach Israél, &rl,” ar sise. ’Sé sin le rá,“an gheallúint úd a thug sé d’Ábraham, tá sí cómhlíonta aige anois, agus beidh a toradh ag sliocht Ábrahaim, ’sé sin, ag na Críostaithibh, go deó.” Is iúntach an aoirde, agus an doimhneas agus an fórleithead, agus an ghontacht chainnte, agus an solas brí, atá sa channtaic sin. Ní hiúnadh aigne na hEagailse agus aigne na naomh a bheith daingean ar an gcanntaic sin i gcaitheamh na haimsire ó cuireadh an Eaglais ar bun. Is léir ón gcainnt go raibh aigne na Maighdine, agus í ag rá na bhfocal, ag féachaint siar ar a raibh tagaithe de shaol na cine daonna ón lá a deineadh peaca an tsínsir, agus go raibh sí ag féachaint roímpi amach, leis, ar an méid a bhí le teacht de shaol Eaglaise Chríost, ón lá a bhí sé ag rá na bhfocal go dtí an lá a thabharfadh an Mac a bhí ar iompar aici, Aon-Mhac an Athar Síoraí, an bhreith dheirineach ar an gcine daonna.

A Chailín an Tiarna, a ghrá na Tríonóide, a Iníon an Athar Síoraí, a Mháthair an Aon-Mhic, a Chéile an Sprid Naoimh, cuir do ghuí chun na Tríonóide anois ar mo shonsa, dhá iarraidh ar Dhia mo pheacaí ’ mhaitheamh dom, agus bás naofa ’ thabhairt dom, agus aoibhneas na bhflaitheas a thabhairt dom, mar a mbeidh radharc ar Dhia na Glóire agam, agus ortsa féinig a Mháthair, ar feadh na síoraíochta. Amen.

D’fhan Muire Mháthair ar feadh trí mhí i dtigh Elisabet. Do thaispeánfadh san go raibh sí gan imeacht ó thig Elisabet nuair a tháinig an t-am ’nar cheart mac Elisabet do theacht ar an saol. Deir an Soíscéal gur fhan sí i bhfochair Elisabet ar feadh trí mhí agus ansan gur imigh sí abhaile chun a tí féinig. Mheasfadh duine, ó fhan Muire Mháthair i bhfochair Elisabet go dtí go raibh a haimsir tagaithe, go bhfanfadh sí go dtí go mbeadh an mac tagaithe ar an saol. Ní deir an Soíscéal gur fhan. Ní lú ná mar adeir an Soíscéal nár fhan. Is dó’ liom gurb é is dóichí gur fhan. Deir seanchaí áirithe gur thug Muire Mháthair féin do Naomh Lúcás a lán eólais ar chuid de sna nithibh atá curtha síos ’na Shoíscéal aige. Bean chiúin ab ea í. Ní labhradh sí puínn ach do chimeádadh sí ’na croí nithe agus í ag machnamh orthu; b’fhéidir nár innis sí gur fhan sí i bhfochair Elisabet go dtí go dtáinig an mac, mar ná raibh aon ghá le hé ’ dh’ínsint, go dtuigfeadh éinne gur fhan, ní nárbh iúnadh. Ach an ní ba cheart a dh’ínsint ínstear é, ’sé sin, nuair a bhí an trí mhí caite (nuair a bhí an trí ráithe caite ag Elisabet agus a mac tagaithe ar an saol) gur imigh Muire Mháthair abhaile chun a tí féinig, ó thuaidh arís go Nasaret.

Ínstear, ansan, cad a thit amach d’Elisabet agus dá mac. Bhí an aimsir go léir, an trí ráithe, caite ag Sacarias gan aon fhocal do labhairt. Bhí, i dteannta na haimsire sin, ocht lá caite, agus an t-am tagaithe chun tímpallghearradh do dhéanamh ar an mac agus ainm do chur air. Bhí áthas ar na gaoltaibh go léir agus bhíodar cruinnithe i dteannta ’ chéile chun go ndéanfí an obair sin de réir dlí Mhaoise. Bhí an deichniúr fínnithe láithreach. Do fiafraíodh cad é an ainm a tabharfí ar an mac. Ní fhéadfadh Sacarias aon fhreagra ’ thabhairt ar an bhfiafraí sin, mar bhí sé gan úrlabhra. Ní lú ná mar a bhí ar a chumas a dh’ínsint d’Elisabet gur órdaigh an t-aingeal Eóin do thabhairt mar ainm ar an mac. Ach bhí an Sprid Naomh tar éis a dh’ínsint d’Elisabet cad é an ainm a tabharfí air, d’fhreagair sí an cheist agus duairt sí gur Eóin a tabharfí air. Chuir na gaolta go léir ’na coinnibh. “Ní ceart Eóin do thabhairt air,” ar siad. “Níl an ainm sin ar éinne dá chine ar aon taobh.” Bhí Sacarias ag féachaint ar an aighneas agus gan ar a chumas aon fhocal do labhairt. Dhein Elisabet cómharthaí éigin a chuir in úil do cad fé ndeár an t-aighneas. Do thuig sé na cómharthaí sóird. B’éigean d’Elisabet bheith dhá ndéanamh do i gcaitheamh an trí ráithe roimis sin. Do thóg sé cóir scríbhinne agus do scríbh sé síos na focail seo: “Eóin is ainm do.” Bhíodar ag féachaint ar an scríbhinn agus ag déanamh iúnadh dhe, lena línn sin tháinig a chainnt do Shacarias agus do labhair sé amach go hárd ag breith bhaochais leis an dTiarna. Má chuir an scríbhinn iúnadh orthu, do chuir cainnt Shacariais iúnadh ba mhó ná san orthu. Do deineadh an tímpallghearradh de réir na dlí, do tugadh Eóin mar ainm ar an mac. Ansan do leath an scéal go léir ar fuaid na tíre, conas mar a thaispeáin an tÁrdaingeal Gabriél é féin do Shacarias ar dheis altórach na túise; an chainnt do labhair an t-aingeal; an focal aduairt Sacarias i gcoinnibh an aingil; an pionós a cuireadh ar Shacarias mar gheall ar an bhfocal san; agus conas mar a tugadh a chainnt arís do chómh luath agus do scríbh sé síos ainm an linbh de réir mar a dh’órdaigh an t-aingeal. Bhí an scéal go léir i mbéalaibh na ndaoine agus iad ag déanamh iúnadh dhe; agus iad dhá ínsint ó bhéal go béal; agus iad dhá rá lena chéile gur dhócha go raibh ceapaithe ag an dTiarna an leanbh san a bheith ’na dhuine mhór thar bárr chómh luath agus a bheadh sé éirithe suas in’ fhear; gur dhócha nár ní ba lú a thitfeadh amach do ná é ’ bheith ’na rí ar Israél.

Bhí Héród ’na rí ar Israél an uair sin agus rí ana-chúntúrthach ab ea Héród. Bhí ’ fhios ag an ndúthaigh, éinne go dtiocfadh aon drochamhras ag Héród air gur dhuine é ná mairfeadh i bhfad. Go mór mór, aon duine go ndéarfí ’na thaobh go raibh aon tsúil le hé ’ bheith ’na rí ar Israél ná mairfeadh sé ach fíorbheagán aimsire.

Pé cúis a bhí leis, ní raibh an leanbh úd gur tugadh Eóin mar ainm air, ní raibh le feiscint i dtigh Shacariais ach ar feadh fíorbheagán aimsire. Do cuireadh i bhfolach in áit éigin é ó radharc lucht cainnte agus ó radharc an rí. Do stad an chainnt agus bhí an leanbh ó bhaol.

Ach chómh luath agus ’ fuair Sacarias a chainnt dhein sé úsáid mhaith di. Do labhair sé an channtaic seo thíos ag moladh an Tiarna agus ag breith bhaochais leis:

Moladh leis an dTiarna, Dia Israéil,
Óir d’fhéach sé chun a dhaoine agus dhein sé a Slánú.
Agus chuir sé suas adharc chun slánaithe dhúinne,
I dteaghlach a sheirbhísigh Dáibhid.
Fé mar a labhair sé trí bhéal na bhFáidhí naofa,
Na fáidhí atá ann aige ó thosach aimsire;
Saoradh dhúinn ónár namhdaibh,
Agus ó gach n-aon dár thug dúinn fuath.
Ag déanamh trócaire ar ár n-aithreachaibh
Agus ag cimeád cuímhne ar a thiomna bheannaithe.
An dearbhú a dhearbhaigh sé dár n-athair Ábraham,
A thabharfadh sé dhúinn;
Go ndéanfaimís seirbhís do gan eagla,
Agus sinn saor ó láimh ár namhad.
I naofacht agus i bhfíoraontacht ’na láthair,
Gach lá dár saol.
Agus tusa, a linbh, tabharfar ort fáidh an Árd-Dhia,
Óir beir ag gluaiseacht roimis an dTiarna amach,
Ag ollmhú na slí Dho.
Ag tabhairt eólais slánaithe dá phobal,
Ionas go maithfí a bpeacaí dhóibh;
Trí inníbh trócaire ár nDia,
’Nar tháinig sé chúinn dhár bhféachaint, an lóchaint a doimhneas na bhflaitheas;
Chun solais a thabhairt don mhuíntir atá suite
I ndorchadas agus i scáil an bháis;
Chun ár gcosa do sheóladh i slí na síochána.

Sin í canntaic Shacariais, agus tá sí san Eaglais riamh ó shin, agus i mbéalaibh na gCríostaithe, díreach mar atá canntaic Mhuire an “Magnificat,” agus canntaic Shímeóin, “Nunc dimittis.”

Ansan deir an Soíscéal i dtaobh Eóin:—Agus d’fhás an leanbh agus do neartaigh sé i sprid, agus bhí sé in sna háiteannaibh uaigneacha go dtáinig an lá ’na raibh air é féin a thaispeáint i láthair Israéil.

Bhí Héród tar éis bháis nuair a tháinig an lá san; ach bhí Héród eile beó, agus bhí Heródias beó, agus ba mheasa í ná aon Héród den bheirt dá olcas iad araon. Bhí fuil na Macabéach inti, fuil fhónta. Ach níl olc is measa ná an mhaith a dh’iompaíonn chun uilc. “Corruptio optimi pessima.”

Nóta

The hymn of Zechariah is known as the Benedictus.

Foclóirín

aistear: “roundabout journey, trip”.
amen: “Amen”, or áiméan in the CO. This word is one of many whose spelling in the works of PUL indicates an eschewing of an artificial gaelicisation of a non-Irish word. The pronunciation is given in IWM as /amʹenʹ/.
anamúil: “lively, spirited”.
Árd-Dhia: “the Most High God; the Highest”.
baochas: “thanks”, pronounced /be:xəs/; buíochas in the CO. Buidheachas stood in the original.
Bíobla (an Bíobla): “Bible”, possibly with an epenthetic vowel, /bʹi:bələ/. An Bíobla sean, “the Old Testament”.
cainnt: “speech, talk”. Lucht cainnte, possibly “tongue-waggers”.
canntaic: “canticle”, or caintic in the CO. The original was spelt cantic here, so I need to check there is in fact a diphthong here. I presume a pronunciation /kauntikʹ/.
caradas: “friendship”, or cairdeas in the CO.
chím, feiscint: “to see”, or feicim, feiceáil in the CO.
cóir: “means, equipment”. Cóir scríbhinne, “writing materials, something to write with”.
cómhacht: “might, power, authority”, or cumhacht in the CO.
cómhachtach: “powerful”, or cumhachtach in the CO.
Corruptio optimi pessima: a Latin phrase meaning “the corruption of the best is the worst”.
cuaird: “visit”, or cuairt in the CO.
cuisle: “forearm, arm”, with cuislinn in the dative.
cúntas: “account”, or cuntas in the CO. Pronounced /ku:ntəs/. With cúntaisí in the plural, where the CO has cuntais.
dlí: “law”, feminine in WM Irish.
doimhneas: “depth”, or doimhneacht in the CO. Both doimhneas and doimhneacht are used in PUL’s works. Pronounced /deŋʹəs/.
éaghmais: “absence, lack”, éagmais in the CO, pronounced /iamiʃ/.
eaglais: “church”. The genitive here is eagailse, where eaglaise stands in the CO. Eaglaise is also found here, but eagailse seems the more traditional form.
finné: “witness”, with fínnithe in the plural, where the CO has finnéithe.
fíoraontacht: “righteousness”, or fíréantacht in the CO. It is possible PUL had a broad r in this word and in its cognates.
flosc: “eagerness, zest”.
fórleithead: “width, breadth”.
gabhaim, gabháil: “to take; go” and a large range of other meanings, including “to conceive, be conceived”. Canntaic a ghabháil, “to sing a hymn/canticle”. Pronounced /goumʹ, gvɑ:lʹ/.
gach: “every, each”. Relicts of eclipsis after gach remain in some phrases: where aon is a numeral adjective, gach aon duine is correct Irish; where aon is a pronoun, gach n-aon, “everyone”, is right.
gáirdeachas: “joy, rejoicing”, or gairdeas in the CO.
gínte: “nations”. This word is the plural of gin, “birth, foetus”, but is found in the plural in the meaning of “nations, peoples”.
gontacht: “incisiveness, succinctness”. Gontacht chainnte, “succinctness of expression, a way of saying much with a few words”.
Héród Antipas: son of Herod the Great and king of Judaea 4BC-39 AD. This Herod was the king who ordered the killing of St. John the Baptist.
Heródias: Herodias (ca. 15 BC-39 AD), granddaughter of Herod the Great, the king of Judaea. She divorced her husband (and uncle), Herod II, to marry another uncle, Herod Antipas, for which she was criticised by John the Baptist, leading her to encourage her daughter Salome to call for the death of John the Baptist.
i: i becomes ins before the article (in sna), and before gach in WM Irish.
i gcómhair: “for, in store for”. This phrase was uniformly spelt i gcóir in the original, in line with PUL’s view (cf. Notes on Irish Words and Usages) that this phrase derives from cóir, “proper arrangement (among other meanings)” and not cómhair, “presence”. He indicated he did not have a nasal vowel in this phrase, but the issue is complex, as his etymology seems faulty (The Dictionary of the Irish Language has i gcomhair) and it is possible that i gcómhair has become conflated with a separate phrase i gcóir, “ready” in WM Irish. In any case, nasalisation is not a noted feature of modern-day WM Irish, and so the CO form produces the correct pronunciation.
inne: “interior, inner part”. Usually used in the plural: inní trócaire, “bowels of mercy”. Trí inníbh trócaire ár nDia, “through the tender mercy of our God”.
Iouttah: here described as a small town where Zechariah, the father of St. John the Baptist, lived. The Douay version of the Bible refers to “a city of Juda”, i.e., a city in Judaea, and not to a town of any particular name.
iúntach: “wonderful”, or iontach in the CO. Pronounced /u:ntəx/.
leathaim, leathadh: “to spread, widen”. Dinneen’s dictionary shows mo chroí ar leathadh agam le háthas means “my heart full of joy”. An leathadh a bhí ’na croí here has a similar meaning.
lóchaint: “dawning; first appearance of day; the Orient”, or láchan in the CO.
Magnificat: the prayer of the Virgin Mary in Luke 1, traditionally used in the Catholic service of Vespers.
mara: “unless”, or muna in the CO.
mórmholadh: “great praise”, a combination not found in dictionaries.
Nunc Dimittis: the prayer or canticle of Simeon in Luke 2, traditionally used in the Catholic service of Compline.
saghas: “sort, type, kind”, with saighseanna in the plural, where the CO has saghsanna.
saoraim, saoradh: “to save, deliver”.
scrí’m, scrí’: “to write”, or scríobhaim, scríobh in the CO. The preterite has a slender v (or a slender g) in the singular: do scríbh, /ʃkrʹi:vʹ~ʃkrʹi:gʹ/.
Símeón: Simeon, a holy man who saw the baby Jesus when Mary came for the ceremony of purification in the Temple. His canticle Nunc Dimittis is traditionally used in the Catholic service of Compline.
sliocht: “offspring, progency”. Sliocht gach sleachta, possibly “each successive generation”.
soíscéal: “gospel”. Pronounced /si:ʃ’kʹe:l/.
sprid: “spirit”, or spiorad in the CO. In WM Irish spiorad is aligned with the related word sprid, “sprite, ghost”. Spelt spirid in the original.
sprideálta: “spiritual”, or spioradálta in the CO.
suaraíocht: “insignificance, a state of being of low account”.
tabharthas: “gift”, or tabhartas in the CO.
teanga: “language”, with the plural here teangthacha, where the CO has teangacha. The historic -th- is required in Cork Irish, as it forces a diphthong in the previous syllable. Pronounced /tʹaŋə, tʹauŋhəxə/.
téim, dul: “to go”. It is worth noting that the past-tense dependent form, deigh, is not often used in WM Irish. PUL’s usage is mixed; he normally writes gur chuaigh, although go ndeigh /nʹəigʹ/ is also found in this work. In the CO the absolute/dependent contrast is observed, as go ndeachaigh.
tímpallghearradh: “circumcision”, or timpeallghearradh in the CO.
tiomna: “testament, covenant”.
toghaim, toghadh: “I choose, select”. The past would be do thoibh sé, /də hovʹ sʹe:/, but thogh sé in the CO.
trioblóid: “trouble”, pronounced /trʹubə’lo:dʹ/.
tugaim, tabhairt: “to give”. With do, “how come?” Cad a thug so dhómhsa? “how come this is happening to me? What did I do to deserve such an honour?”
uiríseal: “humble, lowly”.
uirísleacht: “lowliness”, or uirísle in the CO.
úrlabhra: “speech”, pronounced /u:rlourə/. Gan úrlabhra, “unable to speak”.

January 29, 2012

Críost Mac Dé 2

Filed under: Contents,Críost Mac Dé — admin @ 2:40 pm

Caibideal a Dó.

Eóin Baiste.

Nuair a tháinig na Iúdaígh abhaile as an mbraighdineas ó Bhabilóin bhí treibh Lébhí, treibh na sagart, suarach go leór. Ach do cuireadh thar n-ais iad chun cónaithe in sna hineadaibh anso agus ansúd, ar fuaid na tíre, mar a raibh an treibh ’na gcónaí, le hórdú dlí Mhaoise, sarar rugadh chun siúil iad. Nuair a roinneadh an tír fé chrannchur, ar chlaínn Israéil, níor tugadh aon talamh do threibh Lébhí. Do tugadh áiteanna cónaithe dhóibh agus ceartanna áirithe, i gcathrachaibh áirithe agus bhí a mbeatha acu a gnó an teampaill agus as na híbirtíbh. Nuair a thánadar abhaile as an mbraighdineas ní raibh puínn acu ann, ach níorbh fhada gur iomadaíodar. Nuair d’iomadaíodar d’imíodar arís amach a cathair Ierúsaleim agus chuaigh gach cine dhíobh thar n-ais chun na háite ’na raibh cónaithe orthu sarar rugadh soir iad.

Do roinn an rí Dáibhid treibh Lébhí agus dhein sé cheithre cuallachta fichead díobh agus chuir sé, le crannchur, duin’uasal áirithe den treibh os cionn gach cuallachta, nú gach buíne, dhíobh san. Abia ab ainm don duin’uasal a cuireadh, leis an gcrannchur, os cionn na hochtú cuallachta de sna cheithre cuallachtaibh fichead sin. Ansan bhí ar gach uasal de sna cheithre huaislibh fichead san teacht, de réir uanaíochta, agus a sheachtain féinig do thabhairt ag déanamh gnótha Dé sa teampall, nú san áit ’na raibh an gnó san le déanamh, go dtí gur deineadh an teampall.

Nuair a bhí Héród ag druidim le deireadh a réime bhí Lebhíteach de shliocht Abia ’na chónaí in áit ná raibh i bhfad ó chathair Hebroin, laisteas de Ierúsalem; Sacarias ab ainm don Lebhíteach san. Bhí sé pósta ag mnaoi gurbh ainm di Elisabet. Lánú naofa ab ea an bheirt, agus de threibh Lébhí ab ea an bheirt. Bhíodar araon aosta go maith agus b’é toil Dé ná raibh aon chlann acu.

Tháinig an t-am do Shacarias, de réir na huanaíochta, chun é ’ dhul suas go dtí cathair Ierúsaleim i gcaitheamh a sheachtaine ag déanamh gnótha sagairt sa teampall i dteannta a chuallachta. Ba ghnáth le gach cuallacht a ngnóthaí do roinnt eatarthu le crannchur. Is é gnó do thit chun Sacariais leis an gcrannchur an uair sin ná bheith ag dó na túise. B’in é gnó dob aoirde agus ba sholmanta de sna gnóthaíbh go léir a bhí ag na sagartaibh le déanamh.

Íbirt ana-sholmanta ab ea íbirt na túise, agus túis ana-naofa is ea do loisctí san íbirt sin. Ar altóir óir a deintí an loscadh, agus bhí an altóir óir sin suite istigh san áit naofa idir an gcoínnleóir seacht mbeann agus an bórd ar a mbíodh arán na fianaise, agus ní raibh ach aon bhrat amháin idir an áit naofa san agus an áit rónaofa, an Sancta Sanctórum. Sara ndeintí íbirt na túise do hollmhaítí an altóir agus gach aon rud a bhain léi go han-aireach. Do glantí na lóchranna agus do glantí an altóir agus do curtí tine nua ar lasadh uirthi. Ansan thagadh an sagart isteach agus do dhruideadh an pobal siar in sna póirsíbh, agus iad ag guí chun Dé go ciúin. Ansan théadh an sagart isteach, in’ aonar, san áit naofa. Ansan do thugadh priúnsa na sagart cómhartha uaidh. Nuair ’ airíodh sagart na híbirte ’ dhéanamh an cómhartha san do chaitheadh sé an túis ar an dtine a bhíodh ar an altóir óir. Ansan do chromadh sé go híseal ar aghaidh na háite rónaofa, an Sancta Sanctórum. Ansan d’imíodh sé amach i ndiaidh a chúil, i dtreó ná hiompódh sé a aghaidh ón altóir. Ansan do buailtí clog agus thugadh an sagart a bheannacht don phobal. Ansan do thosnaíodh na Lebhítigh ar na duanaibh naofa do chanadh, agus deir na scrí’neóirí Raibinacha go mbíodh an ceól agus an ghuthaíocht chómh bínn sin agus chómh láidir sin go n-airítí an foghar i gcathair Iericó.

Bíodh go ndeintí an íbirt sin dhá uair sa ló, ar maidin agus um thráthnóna, agus go mbíodh taithí mhaith ag an bpobal ar an obair, ní fhágadh san gan scáth agus roinnt critheagla ’ bheith ar na daoine le línn na híbirte sin na túise. Óir thar cheann na daoine is ea ’ théadh an sagart isteach san áit naofa, agus figiúir ar ghuí an phobail ab ea an loscadh san na túise. Ansan, bhí an chúntúirt mhór so sa ghnó. Dá mba ná beadh guí na ndaoine taithneamhach i láthair Dé, nú dá mba ná beadh an sagart taithneamhach i láthair Dé, cá bhfios ná go dtitfeadh fearg Dé an uair sin ar an sagart nú ar na daoine, nú ar idir shagart agus daoine! Mar gheall ar an eagla san ní dheineadh an sagart aon ríghneas gan teacht amach láithreach agus a bheannacht do chur ar an bpobal chómh luath agus ’ bhíodh an íbirt déanta aige.

An lá seo a chuaigh Sacarias isteach san áit naofa chun na túise do dhó do dhein sé a ghnó go maith go dtí go bhfuair sé an cómhartha ón bpriúnsa agus gur chaith sé an túis ar an dtine a bhí ar lasadh ar an altóir óir. Do las an túis agus d’éirigh an deatach breá cúmhartha. Lena línn sin do chonaic Sacarias an t-aingeal ’na sheasamh ar dheis na haltórach. Tháinig scannradh ar Shacarias. Do labhair an t-aingeal. “Ná bíodh eagla ort, a Shacariais,” ar seisean, “tá éistithe led ghuí. Geóbhaidh do bhean, Elisabet, mac ’na broínn agus tabharfair Eóin air mar ainm, agus beidh áthas agus gáirdeachas ort, agus beidh áthas ar a lán de bhárr é ’ theacht ar an saol. Óir beidh sé mór i láthair Dé, agus ní ólfaidh sé fíon ná deoch meisciúil, agus beidh sé lán den Sprid Naomh ó bhroínn a mháthar féin. Agus iompóidh sé a lán de chlaínn Israéil ar a dTiarna Dia. Agus gluaiseóidh sé roimis amach i sprid agus i gcómhacht Eliais, chun croithe na n-athar d’iompáil ar an gclaínn, agus chun lucht díchreidimh d’iompáil chun eagna na bhfíoraon, agus pobal fíoraon d’ollmhú don Tiarna.” Agus duairt Sacarias leis an aingeal: “Conas a bheidh ’ fhios san agam? Óir táimse im sheanduine agus tá mo bhean ró-aosta.” Agus d’fhreagair an t-aingeal é agus duairt sé: “Mise Gabriél atá im sheasamh i láthair Dé, agus do cuireadh me chun labhartha leatsa agus na nithe seo do chraobhscaoileadh dhuit. Agus féach, beidh tú gan cainnt agus ní fhéadfair labhairt go dtí an lá ’na gcómhlíonfar na nithe seo, toisc nár chreidis mo chainntse, cainnt a thiocfaidh chun cínn ’na haimsir féinig.”

Bhí an pobal amu’ ag feitheamh. Nuair a fuaradar ná raibh Sacarias ag teacht amach do thosnaigh eagla ar theacht orthu. Nuair a bhí an aimsir ag imeacht agus gan é ag teacht amach do thosnaigh scannradh ar theacht ar na daoine. Fé dheireadh nuair a tháinig sé amach bhí cuid acu i riocht dul i laige leis an scannradh. Do laíodaigh an scannradh nuair ’ chonacadar go raibh sé beó. Ach níor imigh an t-eagla, mar do chonacadar go raibh sé ag crith agus go raibh dath an bháis air. Bhí iúnadh agus alltacht orthu, i dteannta an eagla, nuair a fiafraíodh de cad a chimeád istigh é agus do fuaradar ná raibh ar a chumas aon fhocal do labhairt, nár fhéad sé ach cómharthaí sóird a dhéanamh, agus an creathán ’na bhallaibh beatha. Níor fhéad sé aon chúntas a thabhairt dóibh ar an radharc a taispeánadh do ná ar chainnt an árdaingil leis.

Do chríochnaigh sé a ghnó sa teampall agus d’imigh sé ó dheas abhaile chun a thí féinig in aice Hebroin. Beagán aimsire ’na dhiaidh san do ghoibh Elisabet gin ’na broínn, fé mar aduairt an t-árdaingeal. Gin mhic ab ea an ghin sin, agus Eóin Baiste an mac san.

Sé mhí ’na dhiaidh san chuir Dia an t-árdaingeal céanna ar theachtaireacht eile. Bhí baile beag suarach i nGaililí agus Nasaret ainm an bhaile sin, agus bhí cailín ’na cónaí ann agus Muire ab ainm di, agus bhí gaol gairid aici le hElisabet, bean Shacariais. Bhí an cailín sin luaite le fear óg agus Ióseph ab ainm don fhear óg san. Ón rí Dáibhid is ea do shíolraigh an bheirt, Muire agus Ióseph. Ióacim ab ainm d’athair an chailín agus Anna ab ainm dá máthair. Bíodh gur ón rí uasal a shíolraigh an bheirt bhíodar dealbh go leór. Ceárdaí ab ea Ióseph. Siúinéir ab ea é. As an gcéird a bhaineadh sé a bheatha. A saothar a lámh a bhaineadh Ióacim agus Anna a mbeatha, leis. Ach bhí Muire, an iníon san Ióacim agus Anna, ceapaithe ón síoraíocht ag an Athair Síoraí chun bheith ’na máthair ag Mac Dé, ag Slánaitheóir an domhain. Agus is ag triall uirthi sin a tháinig an t-árdaingeal Gabriél, go dtí Nasaret, sé mhí tar éis an lae úd a tháinig sé agus thaispeáin sé é féin do Shacarias, ar dheis altórach na túise, sa teampall, i gcathair Ierúsaleim.

Tá tobar in aice le Nasaret, ar an dtaobh thiar den bhaile bheag, agus tobar Mhuire an ainm atá ar an dtobar san. Tá eaglais curtha suas ag na Gréagaigh in aice an tobair sin in onóir do theachtaireacht an aingil. Deir na Gréagaigh gur ag an dtobar san a bhí Muire nuair a labhair an t-aingeal léi. Go ndeigh sí chun an tobair sin a d’iarraidh uisce agus gur ag an dtobar a thaispeáin an t-aingeal é féin agus a thug sé a theachtaireacht di. Ach deir lucht eólais ná fuil bunús diongbhálta leis an scéal sin. Gur istigh sa bhaile, ’na seómra féinig a bhí an cailín nuair a tháinig an t-aingeal ag triall uirthi.

Do thaispeáin sé é féin di agus duairt sé na focail seo léi:—“Go mbeannaíthear duit atá lán de ghrástaibh: tá an Tiarna it fhochair: Is beannaithe thu idir mhnáibh.” Agus nuair ’ airigh sí é, do chuir an chainnt buaireamh uirthi agus bhí sí ag machnamh ar cad é an saghas an beannú san, bhí sí ag machnamh ’na haigne féin air. Ach do lean an t-aingeal ar a chainnt: “Ná glac eagla, a Mhuire,” ar seisean, “óir tá grásta fálta agat i láthair Dé. Féach, geóbhair gin id bhroínn agus béarfair mac agus tabharfair Íosa mar ainm air. Beidh an mac san mór agus tabharfar Mac Dé Aoird air, agus tabharfaidh an Tiarna Dia dho an chathaoir rí a bhí ag á athair, ag Dáibhid, agus beidh sé ’na rí i dteaghlach Iácóib go deó agus ní bheidh deireadh lena ríocht.” Agus duairt Muire leis an aingeal: “Conas a bheidh san amhlaidh agus gan aithne fir agamsa?”

Bhí geallta aici do Dhia go bhfanfadh sí ’na maighdin i gcaitheamh a saeil, agus bhí an cheist os cómhair a haigne, conas ’ fhéadfadh sí an mac san a bheith aici agus í ’ bheith ’na máthair aige, agus san am gcéanna, í ’ dh’fhanúint ’na maighdin mar a bhí geallta aici do Dhia. Thug an t-aingeal freagra ar an gceist a chuir sí chuige. D’innis sé di conas ’ fhéadfadh súd a bheith amhlaidh agus gan aithne fir aici. Duairt sé léi:—“Túirliceóidh an Sprid Naomh ort agus clúdóidh cómhacht Dé Aoird tu, agus dá bhrí sin tabharfar ar an nGin Naofa a thiocfaidh uait Mac Dé. Agus féach, sin í Elisabet, do shiúr, tá leanbh mic ar iompar aici, agus í aosta, agus sid é an séú mí aici sin go dtugtar aimrid uirthi, óir ní bheidh rá ar bith nách féidir do Dhia.”

Ansan duairt Muire: “Féach, mise cailín an Tiarna. Deintear liom de réir t’fhocail.” Agus d’imigh an t-aingeal uaithi. Nuair aduairt Muire an focal san “go ndeintear liom de réir t’fhocail,” do ghlac Mac Dé colann daonna istigh ’na broínn. Do ghlac an Tarna Pearsa den Tríonóid rónaofa fuil agus feóil corp agus anam mar atá ag aon duine, agus bhí sé istigh i mbroínn na Maighdine Muire, ’na ghin mhic ar iompar aici, agus í ’na máthair aige, de réir nádúra, go fírinneach, agus san am gcéanna, í ’na maighdin go fírinneach, dílis, glan, gan aithne fir aici, fé mar a bhí geallta aici do Dhia na glóire.

Níor chuir na nithe móra aduairt an t-aingeal léi féinig ’ fhéachaint ar Mhuire dearúd a dhéanamh den fhocal úd aduairt an t-aingeal léi i dtaobh a siúire Elisabet. Duairt an t-aingeal léi go raibh gin mhic ar iompar ag Elisabet. Bhí áthas mór ar Mhuire nuair ’ airigh sí an focal san. Bhí ’ fhios ag á ngaoltaibh go léir go raibh Elisabet agus Sacarias aosta agus ná raibh aon chlann riamh acu. Bhí ’ fhios aici, agus ag á ngaoltaibh, go raibh a saol caite acu ag guí chun Dé, dhá iarraidh ar Dhia, dá mb’é a thoil naofa é, clann a thabhairt dóibh. Bhí ’ fhios acu go raibh an lánú ró-aosta um an dtaca san chun aon chlainne ’ bheith acu ach le míorúilt ó Dhia.

Bhí ’ fhios ag claínn Israéil, ó thosach aimsire, gur thug Dia an gheallúint dár gcéad athair agus dár gcéad mháthair go dtiocfadh an tAON úd ar a sliocht agus go mbrisfeadh sé cómhacht an diabhail. Níor mhiste, dá bhrí sin, do gach aon mhnaoi Iúdach súil a bheith aici gur ar a sliocht féinig a thiocfadh an tAON san. Duairt Isáias go soiléir gur maighdean a bheadh ’na máthair ag an AON san. Ach do chaithfeadh bean éigin bheith ’na máthair ag an maighdin sin, agus níor mhiste do gach aon mhnaoi phósta, i gcaitheamh na haimsire go léir, bheith ag súil go mb’fhéidir gur ar a sliocht féinig a bheadh an mhaighdean san. Agus do bhíodh an tsúil sin acu go léir. Dá bhrí sin, cúis bhróin ab ea é d’aon chailín aon ní a thitim amach di a chuirfeadh ’ fhéachaint uirthi bás a dh’fháil agus í ’na maighdin. Agus mar gheall ar an gcúis gcéanna, aithis ab ea é d’aon mhnaoi phósta gan aon chlann a bheith aici. Agus dá mbeadh bean phósta mórán aimsire gan aon chlann a bheith aici agus ansan go dtabharfadh Dia an chlann di, bheadh áthas mór uirthi féin agus ar a muíntir agus ar a gaoltaibh go léir.

Bhí an t-áthas san ar an Maighdin Muire mar gheall ar an eólas a thug an t-aingeal di i dtaobh a siúire Elisabet. B’fhéidir gur thuig sí níos mó ná mar a thuigimídne a cainnt an aingil. Bhí Mac Dé ar iompar aici féin an uair sin. Bhí sé ’na mhac aici. Bhí sí ’na máthair aige. Tá cainnt an aingil ana-dhoimhinn dúinne. Do thuig Muire an chainnt ní b’fheárr ná mar a thuigimídne í. B’fhéidir gur thuig sí cad é an saghas gnótha a bheadh ag mac Elisabet le déanamh ag ollmhú an tsaeil don Mhac a bhí ar iompar aici féin an uair sin. Bhí áthas uirthi mar gheall ar an aithis a bheith tógtha d’Elisabet. B’fhéidir gur mó áthas nárbh é sin a bhí uirthi mar gheall ar na nithibh móra a bhí ag an dá mhac san le déanamh, dá chéile agus don chine daonna, san aimsir a bhí le teacht. Gan amhras do thuig “Cailín an Tiarna” a cainnt an aingil mórán ná tuigimídne as an gcainnt ar an gcéad amharc. Thug an t-aingeal “lán de ghrástaibh” uirthi. Thug sé “beannaithe idir mhnáibh” uirthi. Do chuir an chainnt sin ag machnamh í. Ba mhór an dá fhocal cainnte iad. “Lán de ghrástaibh.” ’Sé sin go raibh oiread de ghrástaibh Dé aici agus dob fhéidir di a bheith aici. “Beannaithe idir mhnáibh.” ’Sé sin go raibh sí beannaithe ar chuma ná raibh aon bhean eile, riamh roimis sin ná ó shin, beannaithe. Do chuir an dá fhocal san ag machnamh í. Ní raibh a theachtaireacht tabhartha fós ag an aingeal di. Ní raibh sé ach tar éis beannú dhi. Cad air go raibh sí ag machnamh? Ar thuig sí nárbh fhéidir di bheith “lán de ghrástaibh” agus “beannaithe idir mhnáibh,” dá mbeadh aon easnamh ar na grástaibh a bhí inti. Bheadh easnamh ar na grástaibh sin dá mbeadh ar chumas an áirseóra a rá go raibh sí riamh féna láimh aige i bpeaca an tsínsir. Dá bhrí sin ní raibh. An bhféadfadh an t-aingeal a rá go raibh sí beannaithe ar chuma ná raibh aon bhean riamh roimhe sin beannaithe, agus ná beadh go deó, dá mbeadh ar chumas an áirseóra a rá go raibh sí tráth aige féin fén mallacht a bhí ar an gcine daonna go léir, go mór mór ar mhnáibh na cine daonna go léir, mar gheall ar pheaca na céad mhná? Ní fhéadfadh go deimhin. Dá bhrí sin ní raibh peaca na céad mhná riamh ar an mnaoi sin a bhí “beannaithe idir mhnáibh.” Chuir an dá fhocal san ag machnamh í. Níor innis sí cad é an machnamh a bhí aici á dhéanamh. Ar thuig sí go raibh ráite ag an aingeal gur chruthaigh Dia í saor ó pheaca an tsínsir? Má thuig ní duairt sí aon fhocal a chuirfeadh in úil gur thuig. Ní duairt, mar bhí a croí chómh lán de ghrásta na húmhlaíochta agus a bhí sé de sna grástaibh eile.

Tabhair fé ndeara an focal adeir an Soíscéalaí, Lúcás. Deir sé go raibh sí ag machnamh ar cad é an saghas an beannú san. Ní deir sé gur theastaigh uaithi ’ fhios a bheith aici cad é an saghas é. Ní deir mar níor theastaigh. Duairt an t-aingeal dhá fhocal iúntacha, uathásacha, léi, agus bhí sí ag machnamh ar an dá fhocal agus dhá mbreithniú. Dá dteastaíodh uaithi ’ fhios a bheith aici cad é an saghas iad d’fhiafródh sí den aingeal cad é an saghas iad. Níor chuir sí aon cheist chun an aingil ’na dtaobh. Nuair nár chuir do lean an t-aingeal ar a chainnt. Gan amhras do chuir an dá fhocal uathásacha san buaireamh ar an úmhlaíocht a bhí istigh ’na croí. “Ná glac eagla, a Mhuire,” arsan t-aingeal. Cad é an t-eagla? Gan amhras do thuig sí gur ghradam árd d’aon mhnaoi teachtaire ó Dhia na Glóire do theacht chúithi agus an moladh uathásach úd a thabhairt di. Agus do thuig sí ná fuil aon ní is cúntúrthaí don úmhlaíocht ná moladh, agus dá mhéid agus dá fhírinní é an moladh gurb ea is mó an chúntúirt. Mar gheall ar a húmhlaíocht do chuir an moladh eagla uirthi. Chonaic an t-aingeal gur chuir. “Ná glac eagla, a Mhuire,” ar seisean. Cad ’na thaobh nár cheart di eagla do ghlacadh? “Óir tá grásta fálta agat i láthair Dé.” ’Sé sin le rá, “Ní baol duitse an moladh mór so, mar tá greann rómhór ag Dia na glóire ort. Tá grá rómhór ag Dia dhuit agus ní leogfadh an greann san atá ag Dia ort agus an grá atá ag Dia dhuit, ní leogfaid siad don mholadh uathásach so aon dochar a dhéanamh duit. Tá an úmhlaíocht rófhírinneach ionat agus deineann an úmhlaíocht san taithneamhach i láthair Dé thu. Dá bhrí sin, a Mhuire, ná glac aon eagla.” Ansan d’innis an t-aingeal a theachtaireact. “Féach,” ar seisean, “geóbhair gin id bhroínn agus béarfair Mac agus tabharfair Íosa mar ainm air. Beidh an mac san mór, agus tabharfar Mac Dé Aoird air, agus tabharfaidh an Tiarna Dia dho an chathaoir rí a bhí ag á athair, Dáibhid, agus beidh sé ’na rí i dteaghlach Iácóib go deó: agus ní bheidh deireadh lena ríocht.”

Ansan do chuir Muire ceist chun an aingil tapaidh go leór. Duairt an t-aingeal go mbéarfadh sí mac. Bhí ’ fhios aici go raibh geallta aici do Dhia a shaol do chaitheamh ’na maighdin. De réir nádúra níorbh fhéidir di mac a bheith aici an fhaid a chimeádfadh sí an gheallúint sin. Chuir sí an cheist chun an aingil: “Conas a bheidh san amhlaidh agus gan aithne fir agamsa?”

Tabhair fé ndeara an deifríocht atá idir an gceist sin agus an focal úd aduairt Sacarias. “Conas a bheidh ’ fhios san agam? Táimse im sheanduine agus tá mo bhean ró-aosta.” Ba mhar a chéile an chainnt sin agus a rá lom díreach, “Cá bhfios dómhsa an fíor an chainnt sin?” Nú “Conas is féidir an chainnt sin do chreidiúint?” Níor thaispeáin an cheist a chuir Muire chun an aingil aon easpa creidimh. Ceist ag lorg eólais ab ea an cheist. B’ionann an cheist agus: “Innis dom conas a bheidh an mac san agam gan aithne fir a bheith agam?” Do ghlac an t-aingeal an cheist sa chéill sin agus thug sé dhi an t-eólas a bhí uaithi. “Túirliceóidh an Sprid Naomh ort,” ar seisean, “agus clúdóidh cómhacht Dé Aoird thu, agus dá bhrí sin tabharfar ar an nGin naofa a thiocfaidh uait Mac Dé.”

Bhí sé i gcoinnibh dlí nádúra mac a bheith ag mnaoi gan aithne fir aici. Bhí sé, agus tá sé fós, i gcoinnibh nádúra, mac a bheith ag mnaoi ró-aosta chun clainne ’ bhreith. Is le míorúilt ó Dhia a fuair Elisabet mac a bheith aici, bíodh gurbh é Sacarias athair an mhic. Má ba mhíorúilt ó Dhia mac a bheith ag an maighdin, ba mhíorúilt ó Dhia, chómh fírinneach leis an míorúilt sin, mac a bheith ag aimrid, bíodh nár mar a chéile in uaisleacht an dá mhíorúilt. Má thaispeáin mac ag an maighdin cómhacht Dé, do thaispeáin mac ag aimrid cómhacht Dé, leis. D’innis an t-aingeal don mhaighdin an mac a bheith ar iompar ag an aimrid, agus gur le cómhacht Dé a bhí san amhlaidh, “óir ní bheidh rá ar bith nách féidir do Dhia.”

Ní chun aon bhreis nirt a chur i gcreideamh na Maighdine aduairt an t-aingeal an méid sin cainnte i dtaobh na haimride. Bhí dhá chúis aige leis an gcainnt; chun an eólais a thabhairt don mhaighdin i dtaobh a siúire, Elisabet, agus chun breis nirt a chur i gcreideamh na gCríostaithe riamh ó shin.

Is ansan aduairt Muire an focal úd, “Mise cailín an Tiarna. Deintear liom de réir t’fhocail,” agus do ghlac Mac Dé colann daonna istigh ’na broínn, agus d’imigh an t-aingeal uaithi.

Ansan is ea do cómhlíonadh an focal úd aduairt an fáidh Isáias, breis agus seacht gcéad blian roimis sin. “Iarr cómhartha ar an dTiarna,” arsa Isáias leis an rí. “Ní iarrfad,” arsan rí. “Más ea,” arsa Isáias, “tabharfaidh an Tiarna féinig cómhartha uaidh. Béarfaidh maighdean mac, rl.” Ansan is ea ’ tháinig chun cínn fírinne na haislinge úd a mhínigh Daniel fáidh don rí Nabucodonoser1, nuair a chonaic an rí san aisling an chloch á gearradh, gan lámha, amach a cliathán an chnuic, agus gur bhuail an chloch san in sna troithibh cré agus iarainn, an íomhá mhór scannrúil, i dtreó gur mionaíodh na troithe, agus ansan gur mionaíodh na luirgne iarainn, agus na ceathrúna práis, agus an chabhail airgid, agus an ceann mór óir, agus gur dhein luaithreach den íomhá agus gur scuab an ghaoth an luaithreach chun siúil, agus gur dhein cnuc mór den chloich agus gur líon sí an domhan go léir. Críost Mac Dé an chloch san, agus Críost Mac Dé an Mac san a rugadh ón Maighdin. Agus eaglais Chríost an chloch san nuair a dh’fhás sí ’na sliabh agus do líon sí an domhan go léir.

Foclóirín

Abia: Abijah, descendant of the ancient Israelite Aaron, and head of the one of the 24 branches into which the priests of Israel were divided.
ag: “at”. The combination ag á, corresponding to ag a in the CO, is pronounced /i’gʹɑ:/.
aimrid: “barren”. Pronounced /amʹirʹidʹ/.
aimride: “barrenness”.
aithis: “reproach, disgrace”.
Anna: Anne, mother of the Virgin Mary. She is not mentioned in the Bible, but her name is given in the Apocryphal Gospel of James.
araile: “certain, some”. Agus araile, “et cetera”, is here abbreviated as rl.
árd: “high”. Note the genitive aoird, where aird would stand in the CO.
Babilóin (an Bhabilóin): Babylon, or an Bhablóin in the CO. Spelt Baibilóin in the original, this is adjusted to Babilóin, as found in PUL’s translation of the Gospels and his general practice of not gaelicising foreign placenames.
baiste: “baptismal”. Eóin Baiste, John the Baptist. In Dinneen’s dictionary, baiste is an adjective meaning “baptismal”, whereas in Ó Dónaill’s dictionary it is a variant of the word baisteadh meaning “baptism”. It is probably to be interpreted as an adjective that derives from the genitive singular of the noun, baistidh, although the spelling Eóin Baistidh is not found. Other than in the appellation Eóin Baiste, baiste as a noun is here edited as baisteadh.
beann: “peak; prong”. Coínnleóir seacht mbeann, “menorah, seven-pronged candlestock of ancient Israel”.
braighdineas: “captivity”, braighdeanas in the CO. IWM confirms this word normally has a broad n in WM Irish, but PUL consistently spelt it slender.
breithním, breithniú: “to consider, examine”, breathnaím, breathnú in the CO. Pronounced /brʹenʹ’hi:mʹ, brʹenʹ’hu:/. However, IWM has breathnaigh; both forms are likely to have co existed in WM.
broínn: “womb, breast”.
cabhail: “body, torso”, pronounced /kaulʹ/.
canaim, canadh: “to chant, sing”. Canadh, found here, is also used in the CO; by contrast, PUL’s novel Niamh uses cantainn as the verbal noun.
ceárd: “trade”. The dative singular ceird (céird in WM Irish) is used as the nominative in the CO.
ceart: “right”, with the plural here ceartanna, where the CO has cirt.
cliathán: “side”. Pronounced /klʹi:’hɑ:n/.
cnuc: “hill”, or cnoc in the CO. Pronounced /knuk/.
colann: “body”, or colainn in the CO, where the historic dative has replaced the nominative.
crannchur: “the casting of lots; lottery”.
cuallacht: “company, group”, with the plural here cuallachta, where the CO has cuallachtaí.
cuirim, cur: “to put”. Note the imperfect autonomous form, curtí, where cuirtí would be more likely in later WM Irish.
cúmhartha: “fragrant, appetising”, or cumhra in the CO. This was spelt cúmhra in the original, but the pronunciation is shown in Cnósach Focal ó Bhaile Bhúirne as /ku:rhə/.
cúntas: “account”, or cuntas in the CO. Pronounced /ku:ntəs/.
cúntúirt: “danger”, or contúirt in the CO.
cúntúrthach: “dangerous, risky”, or contúirteach in the CO.
Dáibhid: David, king of ancient Israel. PUL uses an Anglophone form here, instead of Dáibhí or Dáithí, reflecting his general tendency to use Anglophone vocabulary in ecclesiastical matters (probably, in turn, reflecting the dominance of the English language in the nineteenth-century Irish Roman Catholic church).
Daniel: the prophet Daniel.
de: “of, from”. It is important to bear in mind that this simple preposition is pronounced in the same way as do in WM Irish, /də/. PUL was particularly insistent on writing do réir, which he held was either pronounced /də re:rʹ/ or /dʹrʹe:rʹ/—in other words the slender d only appeared when run together as a single word—but this has been edited as de réir here. The alignment of do and de in pronunciation only applies to the simple preposition; the prepositional pronoun de is pronounced /dʹə~dʹi/.
deatach: “smoke”.
deifríocht: “difference”, or difríocht in the CO. The Leitiriú Shímplí transcription used for PUL’s version of An Teagasg Críostaidhe points to a pronunciation /dʹefʹi’rʹi:xt/, but Cnósach Focal ó Bhaile Bhúirne has a broad r, /dʹefʹə’ri:xt/. More research required here.
diongbhálta: “definite, certain, confirmed”, or diongbháilte in the CO. Pronounced /dʹiŋə’vɑ:lhə/.
do: “to”. Note that the classical spelling of the preposition pronoun is adopted in the CO, but this form is pronounced /do/ in the dialect and so edited as do here. Note that the emphatic form dómhsa has a long vowel, /do:sə/. See also under de.
duain: “poem, song”. PUL uses both duain and the CO form, duan, in his works in the nominative singular. Here we have the dative plural duanaibh.
eagla: “fear”. Eagla is masculine in PUL’s Irish.
Elias: Elias or Elijah, an Old Testament prophet often compared with St. John the Baptist. The ministry of John the Baptist is seen by the Christian church as the fulfilment of the prophecy relating to the return of Elijah in the book of Malachi.
Elisabet: Elisabeth, mother of St. John the Baptist and cousin of the Virgin Mary.
Eóin Baiste: St. John the Baptist.
fianaise: “witness, testimony”. Arán na fianaise, “the showbread, bread always present in the Temple in ancient Israel as an offering to God”.
figiúir: “figure, a figurative or symbolic reference”, or figiúr in the CO.
fíoraon: “righteous”, or fíréan in the CO. IWM shows the WM pronunciation of fíréan to be /fʹi:’rʹe:n/, but it is possible PUL had a broad r in this word and in its cognates.
fírinní: “truthfulness”. Dá fhírinní, “however truthful”. This noun is not listed in dictionaries, but such constructions are correctly parsed as containing abstract nouns, and not comparative adjectives.
foghar: “sound”.
Gabriél: the Archangel Gabriel.
Gaililí: Galilee.
gin: “foetus”.
gradam: “glory, honour, mark of honour”.
grásta: “grace”. This word is normally used in what is the historic plural form, grásta, although Dinneen’s dictionary shows grás as the original singular. Grásta appears to have been reinterpreted as a singular noun, as shown in grásta mór ó Dhia in PUL’s Sgéalaídheachta as an mBíobla Naomhtha. The meaning shades from “grace” into “favour” in the phrase, tá grásta fálta agat i láthair Dé, “you have found favour with God”.
greann: “affection”.
guthaíocht: “voice, vocalisation; chanting voices”.
Hebron: Hebron, a city noted for it association with the patriarchs of ancient Israel, who are said to be buried there.
Iericó: Jericho.
Ióacim: Joachim, father of the Virgin Mary. He is not mentioned in the Bible, but his name is given in the Apocryphal Gospel of James.
íomhá: “image”, pronounced /i:’vɑ:/.
Ióseph: Joseph, the husband of the Virgin Mary.
inead: ionad in the CO, “unit”. Pronounced /inʹəd/ in WM Irish.
iúntach: “wonderful”, or iontach in the CO. Pronounced /u:ntəx/.
lá: “day”, with occasional use of in the dative, particularly in the phrase sa ló, “per day”.
laíodaím, laíodú: “to lesson, decrease”, or laghdaím, laghdú in the CO. Pronounced /li:’di:mʹ, li:’du:/.
lánú: “couple” or lánúin in the CO, where the historic dative has replaced the nominative.
Lébhí: Levi, one of the sons of the Jewish patriarch, Jacob, whose descendants formed the priestly tribe of ancient Israel.
lóchrann: “lantern, lamp”, with lóchranna in the plural where the CO has lóchrainn.
lorga: “shin”, with luirgne in the plural, where the CO has lorgaí. Pronounced /lorəgə, lirʹigʹinʹi/.
luaim, lua: “to mention”, but also, with le, “to betrothe to”. Luaite le fear, “betrothed to a man”.
Lúcás: St. Luke the Evangelist.
Maois: Moses.
me: disjunctive form of the first person pronoun, pronounced /mʹe/ (or /mʹi/ through raising of the vowel in the vicinity of a nasal cononant). Always in the CO.
mionaím, mionú: “to shatter, break into small pieces”.
míorúilt: “miracle”, pronounced /mʹi:’ru:hlʹ/.
Muire: the Virgin Mary, mother of Christ.
nádúr: “nature”, with nádúra in the genitive, where the CO has nádúir.
Nasaret: Nazareth.
Nabucodonoser: Nebuchadnezzar, king of Babylon ca. 605-562 BC. Nebuchadnezzar’s vision, which the prophet Daniel interpreted for him, is given in Daniel 2 in the Old Testament.
ollmhaím, ollmhú: ullmhaím, ullmhú in the CO, “to prepare”. Pronounced /o’li:mʹ, o’lu:/ in WM Irish.
os cionn: “above”. Pronounced /ɑs kʹu:n/.
póirse: “passage, corridor”.
prás: “brass”.
Raibinach: “Rabbinical”, or Raibíneach in the CO. Rabbinical refers to the rabbis or religious teachers of the Jews. PUL here eschews the making up of artificial Irish words to describe concepts extraneous to Irish life.
Sacarias: Zechariah, father of St. John the Baptist.
Sancta Sanctórum: a Latin phrase, meaning the Holy of Holies in the ancient Jewish Temple, where the Ark of the Covenant was kept. The inner sanctuary is generally referred to as the Sanctum Sanctorum in the Latin Vulgate Bible, where sanctum is in the neuter singular, but sancta sanctorum is found in 2 Chr 5:7, where sancta is neuter plural, possibly referring to the holy objects in the Holy of Holies. Sancta Sanctórum is here found with a singular article, as the grammatical parsing of this term in Latin is unimportant from the point of view of a work in the Irish language.
scannrúil: “frightful”, or scanrúil in the CO. Pronounced /skau’ru:lʹ/.
sid é: “this is, here is”, corresponding to siod é in the CO. Similarly, sid í and sid iad correspond to siod í and siod iad.
sínsear: “ancestor”, often collective in meaning although morphologically singular. Peaca an tsínsir, “original sin”.
siúinéir: “joiner, carpenter”.
siúr: “sister, usually in a religious sense”, but “cousin, kinswoman” here. Note the genitive here, siúire, where the CO has siúrach (the traditional genitive was seathar, and so it seems the CO form is merely a back-formation from the plural, siúracha).
soíscéalaí: “evangelist”. Pronounced /si:ʃ’kʹe:li:/.
solmanta: “solemn”, or sollúnta in the CO. Pronounced /soləməntə/.
sórd: “sort”, or sórt in the CO. Cómharthaí sóird, “gestures”.
súd: “that (over there)”, or siúd in the CO. As adjectives, the forms so, san and súd, which are not found in the CO, are differentiated in usage from seo, sin and siúd by use in broad contexts. As pronouns, these appear as é seo, é sin and é siúd or as so, san and súd: PUL explained in his Notes on Irish Words and Usages that these cannot be confused in usage, as é siúd means “that”, whereas súd means “that whole course of action”, something taken as a body or collectively. Also úd/siúd/súd may be used, not only to refer to something separated by time or distance from the speaker, but also to refer to something with a note of either disdain or admiration. D’innis sé di conas ’ fhéadfadh súd a bheith amhlaidh, “he told her how something so marvellous could be so”.
taithneamhach: “pleasing”, or taitneamhach in the CO. Pronounced /taŋʹhəvəx/.
tarna: “second”, or dara in the CO.
treibh: “tribe”.
tu, thu: disjunctive form of the second person pronoun, pronounced /tu, hu/. Always in the CO.
túirligim, túirleacan: “to descend”, or tuirlingím, tuirlingt in the CO. Note the c in the future and conditional: e.g. túirliceóidh, where the CO has tuirlingeoidh.
túis: “incense, frankincense”.
uanaíocht: “alternation, rotation”, or uainíocht in the CO. De réir uanaíochta, “taking it in turns”.
úil: iúl in the CO, “knowledge”. The word úmhail, “attention”, appears to have become confused with the dative of eól, producing úil. Rud a chur in úil do dhuine, “to let someone know something, to make someone realise something”.

1Daniel ii. 31.

January 22, 2012

Críost Mac Dé 1

Filed under: Contents,Críost Mac Dé — admin @ 1:25 am

Críost Mac Dé

(Cuid a hAon)

Ón Athair Peadar Ua Laoghaire
Canónach S.P.

Ar dheis Dé go raibh a anam

Fógarthar gach ceart ar cosnamh

Nihil Obstat: Reccaredus Fleming, Cens. Theol. Dep.
Imprimi potest: ✠ Eduardus, Archiep. Dublinen., Hiberniae Primas

December, 1923.

Caibideal a hAon.

An Gheallúint.

Do chruthaigh Dia an bheirt, ár gcéad athair agus ár gcéad mháthair, agus chuir sé i ngáirdín Parathais iad. Thug sé ciall dóibh agus tuiscint, agus thug sé dhóibh saorthoil. Ansan, i dtreó nárbh fholáir an saorthoil sin a bheith úmhal do féinig, thug sé aon aithne amháin dóibh. Duairt sé leó go raibh ceadaithe dhóibh torthaí na gcrann go léir do chaitheamh mar bhia, lasmu’ de thoradh aon chraínn amháin, ’sé sin, crann eólais uilc agus maitheasa. Agus duairt sé leó gan ithe de thoradh an chraínn sin, nú dá n-ithidís de thoradh an chraínn sin go bhfaighidís bás.

Ach do chonaic an annsprid an bheirt sa gháirdín agus iad in aoibhneas. Tháinig fuath nímhneach aige dhóibh, fuath fíochmhar, agus do bheartaigh sé an t-aoibhneas do lot. Bhí aoibhneas thar bárr aige féin go dtí gur loit peaca an uabhair an t-aoibhneas air. Dar leis do dhéanfadh briseadh na haithne úd a chuir Dia orthu lot an aoibhnis don bheirt sin. Tá fuath nách fuiriste dhúinne a thuiscint ag an annsprid do Dhia na glóire. Dá bhféadadh sé an bheirt sin do mhealladh chun na haithne a cuireadh orthu do bhriseadh, do thiocfadh orthu an bás a gheall Dia dhóibh. Ní bheadh aon dul ón mbás san acu, dar leis. Bheadh an peaca déanta acu agus chuirfeadh an peaca san síos go hifreann iad láithreach, fé mar a chuir peaca an uabhair síos go hifreann é féin chómh tapaidh le splannc. Ansan, dar leis, bheadh lot nárbh fhéidir a leigheas déanta ar obair na sé lá, ar chruithniú an domhain ar fad, mar is ar son an duine a deineadh an obair go léir, agus nuair a bheadh an lot gan leigheas déanta ar an nduine, bheadh lot gan leigheas déanta ar an obair go léir, agus bheadh sásamh sa lot san don fhuath a bhí ag an annsprid do Dhia na Glóire.

Ach dhein an annsprid dearúd. Do chuir peaca an uabhair é féinig síos go hifreann ’na splannc tine. Níor tugadh aon ré aithrí dho. B’é Árdaingeal an tsolais é sarar thug sé toil don uabhar. Bhí a thuiscint chómh glan san, chómh solasmhar san, go bhfeacaigh sé go soiléir iomláine an uilc a bhí san uabhar. Do ghlac a chroí agus a aigne an t-olc san, i gcoinnibh Dé na Glóire, le saorthoil, le lántoil, gan aon namhaid dhá mhealladh chun an uilc sin do ghlacadh; gan aon namhaid ag cur an duibh ’na gheal air. Do thuig sé an t-olc roim ré chómh maith díreach agus ’ thuig sé ’na dhiaidh san é. Ní bhfuair sé ré aithrí, mar níorbh fhéidir d’aon ré aithrí aon athrú a dhéanamh ar a aigne. Ní féidir do a rá, “Dheineas dearúd,” mar níor dhein sé aon dearúd. Bhí ’ fhios aige go soiléir cad a bhí aige á dhéanamh. Ní féidir do a rá “tá dólás croí orm,” mar níl aon dólás air mar gheall ar an bpeaca a dhein sé. Tá a thoil ag gabháil leis an bpeaca anois, agus riamh ó shin, chómh daingean agus ’ ghoibh sí leis an bpeaca an chéad neómat.

Dhein sé dearúd, áfach, i dtaobh an duine. Níor chuir an duine aon dúil sa pheaca go dtí gur mheall seisean é. Dá bhrí sin, d’fhéad an bhean a rá, “Do mheall an phiast me agus d’itheas toradh an chraínn.” Deir an Bíobla nuair a bhí an peaca déanta acu gur “hoscladh súile na beirte.” Níorbh fhéidir an focal san do rá i dtaobh an áirseóra. Bhí a shúile chómh hoscailte nuair a bhí an peaca aige á dhéanamh agus a bhíodar nuair a bhí an peaca déanta aige. Ní raibh aon mhallachar radhairc air roimis an bpeaca ná i ndiaidh an pheaca. Dá bhrí sin, fuair an duine rud ná féadfadh seisean a dh’fháil, ’sé sin, ré aithrí.

Dhein an annsprid dearúd eile. Do mheas sé, nuair a bheadh an aithne a thug Dia don duine briste ag an nduine go mbeadh lot nárbh fhéidir a leigheas déanta ar an ndomhan go léir, agus ar an nduine, i dteannta ’ chéile. Ach bhí an leigheas beartaithe ag Dia na Glóire ón síoraíocht. Dhein feall an áirseóra lot léanmhar ar an nduine agus ar shliocht an duine, ach bhí leigheas beartaithe ag Dia ón síoraíocht, leigheas a bhí aige féinig le déanamh ar an lot san, leigheas a thaispeánfadh cómhacht Dé agus mórmhaitheas Dé, agus trócaire Dé, agus grá Dé don duine, leigheas a bheadh ábalta ar mhioscais an áirseóra do chloí; ní hea ach ábalta ar a chur ’ fhéachaint ar mhioscais an áirseóra glóire ’ thabhairt do Dhia. Do tugadh an ní sin le tuiscint don áirseóir nuair a cuireadh an eascaine air, agus nuair adúradh leis an focal so:—

“Brisfidh AON de shliocht na mná so do cheann.”

Do tugadh breith ar an mnaoi féin agus chuir an bhreith sin brón ar a croí. Agus do chuir an bhreith a tugadh ar an bhfear brón ar a chroí. Ach do deineadh bogadh ar an mbrón dóibh. Dúradh leis an bhfear go gcaithfeadh sé a bheatha do shaothrú le hobair chruaidh, agus dúradh leis an mnaoi go gcaithfeadh sí bheith fé smacht an fhir. Do thug an chainnt sin le tuiscint dóibh araon ná tiocfadh an bás láithreach orthu. Do thuigeadar araon go dtiocfadh an tAON úd ar a sliocht agus go mbrisfeadh sé cómhacht an namhad chealgaigh sin a mheall chun an uilc iad le héitheach. Do chuir san áthas ana-mhór orthu araon. Do thuigeadar gur le grá dhóibh, agus le corp trua dhóibh, nár imir Dia an bhreith bháis orthu láithreach, gur thug sé ré aithrí dhóibh, agus gur thug sé dhóibh an gheallúint úd i dtaobh a sleachta. Do thuigeadar go dtiocfadh ar a sliocht AON éigin a bheadh cómhachtach a dhóthain chun gabháil de chosaibh i gcómhacht an áirseóra agus an feall a bhí déanta aige orthu do dhíogailt air ’na lánchúiteamh.

Níor deineadh aon bhogadh ar an eascaine do cuireadh ar an namhaid. Agus tabhair fé ndeara an méid seo. D’fhiafraigh an Tiarna den bheirt cad fé ndeara dhóibh an aithne do bhriseadh. Agus d’éist an Tiarna le pé leathscéal a thugadar uathu. Níor fhiafraigh sé den áirseóir, “Cad fé ndeara dhuit é ’ dhéanamh?” Agus níor thug an t-áirseóir aon iarracht ar aon leathscéal a thabhairt uaidh. Do ghlac sé, gan labhairt, an bhreith a tugadh air, an bhreith a thug fearg an Uile-Chómhachtaigh air, an fhearg a mhúiscil sé féin leis an uabhar, an fhearg úd a chaith anuas é ón áit ab aoirde in sna flaithis, agus do chuir tínte ifrinn ag lasadh ’na thímpall. Nách uathásach an drochní an t-uabhar gurbh fhéidir do a leithéid d’fhearg a mhúiscilt! Agus nách uathásach an rud an t-uabhar, nách féidir do thíntibh ifrinn féin a chur ’ fhéachaint air úmhlú!

Go gcosnaidh Dia na Glóire sinn ar uabhar, agus go dtugaidh sé dhúinn grásta na húmhlaíochta!

D’úmhlaigh ár gcéad athair agus ár gcéad mháthair iad féin i láthair Dé. Do cuireadh amach a gáirdín Parathais iad, agus b’éigean dóibh aghaidh a thabhairt ar shaothrú na talún chun bídh agus éadaigh do sholáthar dóibh féin agus dá gclaínn. Do tháinig an chlann agus d’fhásadar suas, agus b’éigean dóibh, fé mar ’ fhásadar, aghaidh a thabhairt, ar an gcuma gcéanna, ar an obair a bhainfeadh a mbeatha as an dtalamh nú a haeireacht tréad.

D’innis an chéad bheirt dá gclaínn an scéal go léir, i dtaobh gháirdín Parathais, agus i dtaobh na haithne, agus conas mar a briseadh an aithne. Agus go mór mór do hínseadh go cruínn, ó shliocht go sliocht, conas mar a gheall Dia na glóire go dtiocfadh an tAON úd, ar shliocht na beirte, agus go mbrisfeadh sé ceann na péiste úd a dhein an feall go léir; go leighisfeadh an tAON san an díobháil a deineadh le briseadh na haithne. Do tháinig, le leamhnú Dé, isteach sa tseanchas béil an smaoineamh go ndéanfadh an tAON úd leórghníomh thar cheann na cine daonna. Do chuímhnigh daoine ar an leórghníomh san nuair a mhairbh driotháir an driotháir eile; nuair a mhairbh an cionntach an neamhchionntach. Ar an gcuma san níor fágadh an scéal ag brath ar sheanchas béil ar fad. Do tugadh, ó am go ham, solaoidí móra ar an gcuma ’na raibh an gheallúint le cómhlíonadh. Déarfadh cuid de sna haithreachaibh naofa gur shamhaltas ar bhás an tSlánaitheóra gurbh ea bás Abeil. Agus déarfaidís, leis, gur shamhaltas ar an Slánaitheóir féinig gurbh ea Naoi, agus gur shamaltas ar Eaglais Chríost gurbh ea an airc; gur ceapadh an Eaglais chun na gCríostaithe ’ bhreith saor ó pheacaíbh an tsaeil, fé mar a thug an airc roinnt daoine saor ó uisce na díleann.

Táid na fáidhí go léir lán de thargaireachtaíbh dhá ínsint conas a cómhlíonfí an gheallúint, gur le folag péine agus le folag cruatain, agus le bás a dh’fholag fé tharcaisne, do chómhlíonfadh an tAON úd an gheallúint. Níor fhág Dia an t-eólas ar an ngeallúint ag brath ar sheanchas béil i measc daoine ó shliocht go sliocht. Labhrann Isáias fáidh ar pháis agus ar bhás an tSlánaitheóra fé mar a labharfadh sé dá mbeadh sé ag féachaint ar a pháis agus ar a bhás.

Idir an dá ní, seanchas béil na ndaoine agus targaireachtaí na bhfáidhí, do cimeádadh eólas ar an ngeallúint aibidh go leór i measc clainne Israéil go dtí go raibh an cáirde fada caite agus go dtáinig an t-am fé dheireadh chun na geallúna do chómhlíonadh.

Seo mar a bhí nithe suite i dtír na nIúdach nuair a tháinig an tAON san. Bhí fear gurbh ainm do Héród ’na rí ar an dtír. Mac ab ea an Héród san do phriúnsa Idúméach gurbh ainm do Antipater. Do phós Héród, mac Antipateir, ríogan gurbh ainm di Mariamne. Iníon ab ea an ríogan san do Huircánus, an t-árdshagart deirineach a bhí i gcathair Ierúsaleim de shliocht na Macabéach. Bhí sé cheithre glúine anuas ó Mhatatias, athair na Macabéach. Duin’ uasal oirirc thar na beartaibh ab ea Matatias. D’éirigh sé féin agus a chlann i gcoinnibh an rí Ghréagaigh a bhí ag déanamh gach díchill chun na nIúdach a dh’iompáil chun págánachta na nGréagach. Do bhuadar ar an rí agus chimeádadar a gcreideamh agus a ndlithe féin dá ainneóin. Nuair a fuair Matatias bás do sheasaimh a mhac Iúdás ’na dhiaidh ’na cheann ar armáil na nIúdach. Fear ana-thréan ab ea é. Ar an bhfear san a tugadh Macabéach ar dtúis mar shloinne. Do throid sé cathanna móra in aghaidh namhad a thíre agus do bhuaigh sé na cathanna agus d’árdaigh sé a chlú féin agus clú na nIúdach os cómhair náisún an domhain. Do thit sé agus d’éirigh driotháir do ’na dhiaidh agus do lean sé an rian céanna. Mar sin dóibh go dtí go raibh clann mhac Mhatatiais ídithe. Bhí náisiún na nIúdach láidir go maith um an dtaca san. Ansan do thosnaigh meathlú ar theacht ar shliocht Mhatatiais agus ar náisiún na nIúdach in éineacht. Nuair a dhruid sliocht na Macabéach amach sa tríú glúin, agus thairis sin amach, bhíodar ag marú a chéile chun uachtaránachta an náisiúin a bhaint dá chéile, agus bhí an náisiún ’na dhá chuid, Fairisínigh agus Sadducínigh, agus iad ag marú a chéile, aicme acu ag gabháil le duine de sna priúnsaíbh agus an aicme eile ag gabháil leis an nduine eile. Huircánus agus Aristobulus na hainmneacha a bhí ar an dá phriúnsa dheirineacha, agus bhí na Fairisínigh ag gabháil le Huircánus agus na Sadducínigh ag gabháil le hAristobulus. Le Huircánus ab ea an uachtaránacht, nú an ríocht, le ceart, mar b’é an mac ba shine é den bheirt. Ach fear gan puínn misnigh ab ea Huircánus, agus fear gan puínn éirime aigne ab ea é. Agus fear misniúil cróga éirimiúil ab ea Aristobulus, mar ba dhual do bheith, ó bhí fuil na Macabéach ann.

Bhí na Sadducínigh i bhfabhar don phriúnsa óg, Aristobulus, agus bhíodar i gcoinnibh Huircánuis mar bhí ’ fhios acu, dar leó, dá mbeadh Huircánus ’na rí nách aige ’ bheadh an chómhacht ach ag na Fairisínigh. Bhí na Fairisínigh i bhfabhar do Huircánus, mar bhí ’ fhios acu dá mbeadh sé i gcómhacht go bhféadfaidís é ’ chasadh chúthu ar a méireannaibh. Ach bhí fear de shliocht Ésau, fear Idúméach, an fear úd gurbh ainm do Antipater, bhí sé ’na ghobhernóir ar Idúméa an uair sin, agus fear ró-ábalta, ródhoimhinn, róghasta, róghéarchúiseach ab ea é. Bhí seisean i bhfabhar do Huircánus mar bhí ’ fhios aige dá mbeadh Huircánus ’na rí go bhféadfadh na Fairisínigh é ’ chasadh ar a méireannaibh chúthu, agus bhí tuairim láidir aige go bhféadfadh sé féinig, ansan, Huircánus agus na Fairisínigh in éineacht do chasadh chuige ar a mhéireannaibh.

Sin mar a thit amach sa deireadh. Do glaodh isteach cómhacht na Rómha chun an aighnis do shocrú idir an mbeirt driothár. Do shocraigh na Rómhánaigh an t-aighneas. Dheineadar sórd rí de Huircánus ach níor fhágadar puínn cómhachta aige. D’fhágadar an Árdshagartacht aige. Pé cómhacht a bhí aige lasmu’ den Árdshagartacht, agus san Árdshagartacht féinig, is ag na Fairisínigh a bhí an chómhacht san. Agus bhí Antipater ábalta ar na Fairisínigh do láimhseáil go glic.

Bhí iníon ag Huircánus agus Mariamne ab ainm di. Bhí mac ag Antipater agus Héród ab ainm do. Tar éis aimsire do phós Héród Mariamne. Thug san sórd teidil ’na dhiaidh san do Héród chun bheith ’na rí ar na Iúdaígh. Marar Iúdach é féin, bhí gaol aige leis na Iúdaígh, bíodh gur ghaol i bhfad anonn é. Marar shíolraigh sé ó Iácób do shíolraigh sé ó Ésau, ó dhriotháir Iácóib. Agus b’in bean de shliocht na Macabéach pósta aige.

Bhí mac eile ag Antipater agus Phasaél ab ainm do.

Má bhí na Rómhánaigh go maith chun na síochána ’ dhéanamh idir chuid dá gcómharsanaibh, ba mhaith an bhail orthu bheith go maith chuige. Tháinig gá acu féinig leis an socrúchán. Do shocraigh Pompéius an t-aighneas ar dtúis idir Huircánus agus Aristobulus. Ní raibh Aristobulus sásta leis an socrú agus do cuireadh go dtí an Róimh é ’na phríosúnach. Ar éigin a bhí an socrú san déanta ag Pompéius nuair ab éigean do iarracht a thabhairt ar ghnó leis féinig do shocrú. Bhí Iúlius Caesar tar éis tíortha fada fairsioga Ghailia do chur féna smacht. Cheap muíntir na Rómha gur dhein san róláidir é. Chuireadar ceannrach air. Do bhris sé an cheannrach. Tháinig sé féin agus Pompéius ar aghaidh a chéile i lár na Gréige ar mhachaire Pharsalia agus dá mhórshlua acu. Bhí an tslua ba mhó ag Pompéius, ach is ag Caesar a bhí na fir ba chrua. Do buadh ar Phompéius. Ansan bhí cómhacht na Rómha ag Caesar ’na láimh féinig. Dhein sé socrú eile i dtír na nIúdach. Bhí sé ana-bháidhiúil le Antipater. Dhein sé aon ríocht amháin de Phalestín agus de ríocht Edoim agus dhein sé gobhernóir ar an aon ríocht amháin sin den phriúnsa Idúméach, d’Antipater.

Bhí beirt mhac ag Antipater, Héród úd ar ar tráchtadh agus mac eile gurbh ainm do Phasaél. Bhí an bheirt ’na gcúnamh ana-mhaith aige chun a ríochta do chimeád fé smacht. Chuir sé duine acu ’na rialtóir ar Ghaililí agus an duine eile ’na rialtóir ar Iúdéa. Ach an priúnsa úd de shliocht na Macabéach, an driotháir úd do Huircánus, bhí sé mar adúradh, ’na phríosúnach sa Róimh. D’éalaigh sé as an bpríosún agus tháinig sé abhaile go tír na nIúdach. Bhí beirt mhac aige, Alesander agus Antiganus. Do chruinnigh an triúr armáil agus thugadar fé ríocht a sínsear do bhaint amach. Dhein Héród agus Phasaél gleic dhian ’na gcoinnibh. Do bhuadar ar an mbeirt, deineadh príosúnach de Phasaél agus d’imir sé bás air féinig. D’éalaigh Héród as an dtír agus d’imigh sé siar go dtí cathair na Rómha, agus chuir sé a chás os cómhair na seanaide. Dhein an tseanaid rí ar Iúdéa dhe. B’usa go mór, áfach, é ’ dh’ainmniú ’na rí ná an ríocht a thabhairt do. D’ainmníodar ’na rí ar Iúdéa é, ach bí orthu cogadh fuilteach a dhéanamh ar a shon i dtír Iúdéa sarar fhéadadar cómhacht rí a thabhairt isteach ’na láimh do. Trí dheich a seacht de bhlianaibh roim theacht an tSlánaitheóra is ea ’ dhein cómhacht na Rómha rí den Héród san ar thír Iúdéa.

Tíoránach géarchúiseach, mioscaiseach, drochamhraisteach ab ea é. Níorbh fhéidir leis aon tsuaimhneas a bheith ar a aigne aige an fhaid ba dhó’ leis a bhí éinne de shliocht na Macabéach beó. Chuir sé chun báis iad pé áit ’nar fhéad sé teacht suas leó. Macabéach, gan amhras, ab ea Huircánus, athair a chéile, athair Mhariamne. Tháinig drochamhras éigin aige air agus chuir sé chun báis é agus é ’na sheanduine bhocht chríonna chaite. Thainig drochamhras aige ar Mhariamne féinig agus chuir sé chun báis í. Mar sin dóibh, chómh tiubh agus ’ tháinig an drochamhras aige orthu agus gur fhéad sé greim ’ fháil orthu. Bhí scannradh ar gach éinne roimis agus gach éinne ag déanamh a dhíchill chun dul óna dhrochamhras.

Ach bíodh go raibh gach aon rud aige á dhéanamh chun oirbhíre na ndaoine do thuilleamh, bhí dúil mhallaithe aige i ndea-chlú. Dhein sé mórán maitheasa don tír le hoibreachaibh a bhí tairbheach agus a bhí álainn, órnáideach, leis, i dtreó go ndéarfadh daoine gurbh uasal agus gurbh fhónta an rí é. Ach má duairt éinne an chainnt sin is le heagla roimis adúradh an chainnt. Agus má fhág éinne an chainnt gan rá nuair ba cheart, agus go bhfuair an rí amach gur fágadh gan rá í, do díoladh as.

Do ghluais na blianta, trí dheich a seacht díobh, agus ní hi bhfeabhas a bhí an pobal Eabhra ag dul i gcaitheamh na mblianta san ach in olcas; creideamh ag meathlú; béasa fónta ag lagú; drochbhéasa ag neartú; eagla an rí ag cur eagla Dé ar neamhní. Bíodh, áfach, go raibh san amhlaidh i dtaobh na coitiantachta, bhí a lán daoine naofa le fáil i measc clainne Israéil. Bhí an chómhairle mhór ar a dtugtí an tSanhedrim ’na suí i gcathair Ierúsaleim. Sagairt agus scrí’neóirí agus seanóirí is ea ’ bhíodh ’na suí sa chómhairle sin. Is í an chómhairle sin a thugadh an bhreith dheirineach ins gach cúis dlí, an bhreith ná raibh gairm uaithi ná dul uaithi. Is í an chómhairle sin a chuireadh i bhfeidhm na gnóthaí creidimh a bhíodh le déanamh i dtaobh íbirtí agus i dtaobh na gceremóintí a bhain le híbirtíbh agus le hadhradh Dé.

Nuair a tugadh na Rómhánaigh isteach chun an choímheascair a shocrú idir an mbeirt driothár úd, Huircánus agus Aristobulus, an bheirt mhac a bhí ag an mbannrín Alesandra, do chuir an taoiseach Rómhánach Gabinius an tSanhedrim fé chois. Nuair a bhuaigh Iúlius Caesar ar Phompéius sa chath a troideadh eatarthu ar mhachaire Pharsalia, sa Ghréig, do cuireadh suas an tSanhedrim arís agus do chimeád sí a húdarás i gcathair Ierúsaleim go dtí gur thit an chathair sin le cómhacht na Rómhánach fé Thítus.

Nuair a tháinig Héród, mac Antipateir, i réim níorbh fhada go raibh sé féinig agus an tSanhedrim i gcoinnibh a chéile. Gan amhras níor thaithn le Héród aon chruinniú daoine sa ríocht a bheith ábalta ar chur ’na choinnibh agus ar sheasamh ’na choinnibh. Mar sin féin, bíodh gur dhein sé a lán smachtúcháin ar an Sanhedrim, níor ídigh sé ar fad í. Ní fuiriste a thuiscint cad ’na thaobh nár dhein. Is é is dóichí go ndéanfadh mara mbeadh ’ fhios a bheith aige, b’fhéidir, ná ceadódh na Rómhánaigh do é ’ dhéanamh. Pé scéal é, do mhair an tSanhedrim i gcaitheamh réime Héróid agus ’na dhiaidh.

Ach bíodh go raibh an míshásamh aigne idir Héród agus an tSanhedrim, do dhein Héród nithe a bhí tairbheach don tSanhedrim, agus ní har mhaithe leis an Sanhedrim a dhein sé na nithe sin ach chun oirearcais do féinig. Bhí sé go holc agus go dianolc ar shlitibh áirithe ach ní raibh sé gan tréithe uaisle ann. Bhí an drochmhianach ann óna shínsear, ó shliocht Ésau. Thug sé an drochmhianach san leis ón’ athair Antipater, ach thug sé rud eile leis, ón’ athair, i dteannta an drochmhianaigh, ’sé sin éirim aigne chun fórlámhais. Bhí sé cróga i gcath, doimhinn ’na mhachnamh, seasmhach sa rud a chuir sé roimis. Olcas an scéil, áfach, b’ionann san agus bheith seasmach san olc, mar is é an t-olc ba mhó ba ghnáth leis a chur roimis. Bhí tréith fhónta eile ann pé ball ’na bhfuair sé í. Bhí dúil mhór aige in áilleacht agus in uaisleacht tíortha agus cathrach. Bhí breithiúntas ceart aige i dtaobh áilleachta den tsórd san. Do thuig sé cad é an saghas oibreacha a chuirfeadh, ar bhaile bheag nú ar bhaile mhór, slacht agus maise agus breáthacht. Thug sé aghaidh ar an saghas san oibreacha agus do dhein sé iad, ar fuid na tíre mórthímpall, in sna bailtibh beaga agus in sna bailtibh móra, agus go mór mór i gcathair Ierúsaleim féinig, agus níor staon sé ó aon chostas an fhaid ’ fhéadfadh a íntleacht féin, agus íntleacht lucht ceárd, áilleacht agus uaisleacht crutha, agus mórgacht fuirme, agus snastacht gné, do chur i gclochaibh snoite, agus i bhfallaíbh breátha árda láidre daingeana dea-chúmtha.

D’oibrigh sé an tréith aigne sin a bhí ann ar an dtír go léir mórthímpall, ach ar chathair Ierúsaleim is ea is feárr a bhí an chaoi ar an dtréith sin a dh’oibriú. I gcathair Ierúsaleim is ea dob fheárr a thaispeánfadh obair álainn a háilleacht. Do thuig Héród an ní sin agus d’imir sé an tréith sin, ’na lán-neart agus ’na lánchumas, ar chathair Ierúsaleim, agus bíodh ná raibh aon ghrá aige don tSanhedrim, ná ag an Sanhedrim do, bhí na sagairt agus na scrí’neóirí agus na seanóirí, gach éinne idir Lebhíteach agus uile, go hana-bhaoch de, agus a chúis acu.

Is mó go mor na drochthréithe a bhí i Héród ná na dea-thréithe a bhí ann. Bhí sé uaillmhianach, baoth, drochamhraisteach, éadmhar, drochaigeanta, mioscaiseach, lán de rún díoltais. Chuir sé oiread san daoine chun báis i gcaitheamh a réime gur stad an t-éirleach d’aon iúnadh ’ chur ar an bpoiblíocht. Mhairbh sé athair a chéile, an seanduine bocht úd Huircánus; ansan do mhairbh sé a bhean féin, Mariamne, iníon an Huircánuis sin; ansan do mhairbh sé a mhac féinig. I ndeireadh a shaeil do mhairbh sé na leanaí go léir nuair a hínseadh do go raibh leanbh óg tagaithe ar an saol agus go mbeadh an leanbh san ’na rí ar na Iúdaígh.

Ní ithid Iúdaígh muiceóil. D’airigh ímpire na Rómhánach conas mar a bhí Héród ag marú a chlainne féin agus conas mar a dhein sé an t-éirleach ar na naíonnaibh neamhchionntacha. “B’fheárr liom,” ars’ ímpire na Rómhánach, “bheith im mhuic ag Héród ná bheith im mhac aige!” Deirtear go raibh mac do Héród féin ar dhuine de sna naíonnaibh a maraíodh an uair sin. Fé mar a bhí sé ag dul san aois ní raibh aon teóra lena dhrochamhraisteacht. Ní raibh anam aon duine ó bhaol uaidh, go mór mór aon duine, óg ná aosta, go raibh aon tsíolrach d’fhuil na Macabéach ann; nú aon duine do chasfadh leis nárbh Iúdach ceart é, ach Idúméach. Fé dheireadh tháinig an bás air. D’fhuascail an bás na daoine uaidh. Tháinig, le leamhnú Dé, an saghas báis air a tháinig ar an dtíoránach fola eile úd Antíochus Oirirc. Bhí feóil a chuirp marbh agus í bréan, lán de phiastaíbh agus í ag titim dá chnámhaibh, agus é ag screadaigh le loscadh teinnis, i bhfad sara bhfuair a chorp go léir bás in aon chor. Cuid de beó, ábalta ar theinneas do mhothú, agus an chuid eile dhe marbh, lán de phiastaíbh, mar a bheadh sé san uaigh.

Nótaí

Le Antipater: note the lack of h-prefixation here. This may be a typographical error in the original.
Trí dheich a seacht: “thirty-seven”. In his Irish Numerals and how to use them, PUL argued for the adoption of the decimal system in Irish. He explained, “I have made up my mind to use the decimal system of numeration as it is now used in all countries as a basis for numeration”, and cited a poem he had heard a child which used trí dheich for “thirty”.

Foclóirín

adhraim, adhradh: “to worship”. Note that IWM gives the pronunciation of the verbal noun as /əi’ru:/, implying that adhraím, adhrú would be more common in WM Irish. The CO has adhraim, adhradh.
aibidh: “ripe, mature, keen”, or aibí in the CO. Pronounced /abʹigʹ/.
airc: “Noah’s ark”, or áirc in the CO. PUL uses airc here and in his Sgéalaídheachta as an mBíobla Naomhtha, but his translation of the Gospels uses arc, possibly reflecting the influence of the editor of his gospels, Gearóid Ó Nualláin. Airc is given in Dinneen’s dictionary, and seems the preferable form.
áirseóir: “adversary”, or áibhirseoir in the CO. An tÁirseóir, “the Devil”.
Alesander: Alexander Maccabaeus, son of Aristobulus II and father of Mariamne. Executed by the Romans in 53 BC.
Alesandra: Salome Alexandra (139-67 BC), wife of the Judaean king, Alexander Jannaeus, and queen of Judaea in her own right 76-67 BC.
annsprid: “evil spirit; i.e., the Devil”, or ainsprid in the CO.
Antiganus: Antigonus Mattathias, son of Aristobulus II. He led a rebellion against Rome and became king of Judaea 40-37 BC, before being handed over by Herod to the Romans for execution.
Antíochus Oirirc: Antiochus IV Epiphanes (“God Manifest”), king of the Greek Seleucid Empire, whose agonising death in 164 BC is described in 2 Maccabees 9.
Antipater: Antipater I the Idumaean (died 43 BC), a tribal leader who was installed by the Roman conquerors as governor of Judaea.
aoraim, aeireacht: “to herd”, or aoirím, aoireacht in the CO, pronounced /e:rimʹ~e:rʹəxt/. Traditionally spelt aodharaim and aodhaireacht.
ar fuid: “throughout”, or ar fud in the CO. PUL wrote in his Notes on Irish Words and Usages (p54) that ar fuaid should be used for broad areas (ar fuaid na paróiste) and ar fuid for small areas (ar fuid an tí), but it is clear from the use of ar fuid na tíre here that this distinction is not always made.
arís: “again”. PUL used the spelling airís, indicating a slender r, /i’rʹi:ʃ/.
Aristobulus: Aristobulus II, high-priest and king of Judaea 66-63 BC. Son of the Judaean king, Alexander Jannaeus, and his wife, Salome Alexandra. Aristobulus II was the father of Alexander, the father of Mariamne. Aristobulus seized the kingship from his brother, Hyrcanus II, partly owing to the different religious symphathies of the brothers. Aristobulus supported the Sadducees and Hyrcanus the Pharisees. Aristobulus was later taken prison by the Romans, who restored Hyrcanus as high priest. He escaped from prison in 57 BC and returned to Palestine where he attempted to lead resistance to Rome, before being poisoned in 49 BC.
armáil: “army”.
báidhiúil: “symphathetic”, or báúil in the CO. Probably pronounced /bɑ:’gʹu:lʹ/.
bannrín: “queen”, or banríon in the CO. Pronounced /bau’rʹi:nʹ/ in WM Irish.
baoch: “grateful”, buíoch, pronounced /be:x/ in WM Irish. Buidheach stood in the original.
bogadh: “softening”, but also “alleviation, mitigation”.
bréan: “putrid, foul-smelling”.
breithiúntas: “judgment, discernment”, or breithiúnas in the CO.
caibideal: caibidil, “chapter”. PUL seems to have pronounced this word with a broad l, /kabʹidʹəl/.
caoi: “opportunity”, pronounced /ke:/.
cáirde: “delay”.
cealgach: “treacherous, wily”. Pronounced /kʹaləgəx/.
ceannrach: “halter”, or ceanrach in the CO. Pronounced /kʹaurəx/. The original double n is preserved here to show the diphthong.
ceárd: “trade”. The dative singular ceird (céird in WM Irish) is used as the nominative in the CO. Lucht ceárd, “tradesmen, artisans”.
ceremóin: “ceremony”, with ceremóintí in the plural. PUL uses a clearly Anglophone word here, where the CO has searmanas. Ceremóintí is not found in any dictionaries.
cimeádaim, cimeád: “to keep”, or coimeádaim, coimeád in the CO. this word and all cognates (chimeádaidís, etc) have a broad c in the classical spelling and in the CO, but a slender c or ch (as applicable) in WM Irish: /kʹi’mʹa:d/, /xʹi’mʹa:didʹi:ʃ/, etc. Note that the the CO distinction between coimeád, “keep”, and coimhéad, “watch over”, does not obtain in WM Irish: coimhéad is an Ulster word.
cine: “race, nation”. Note this word is feminine in Cork Irish.
cionntach: “guilty”, or ciontach in the CO. PUL uses both cionntach and ciontach in his works, and IWM shows the pronunciation could be either /kʹu:ntəx/ or /kʹuntəx/.
cloím, cloí: “to subdue”.
coímheascar: “struggle, mêlée”, pronounced /ki:skər/.
coitiantacht: “the people in general, the general run of the population”.
corp: “body”, but also referring to an emotion or motivation. Le corp trua dhóibh, “out of pity for them”.
cosnaim, cosnamh: “to defend”, or cosnaím, cosaint in the CO. PUL also uses cosaint as the verbal noun in his works, but the phrase fógarthar gach ceart ar cosnamh, “all rights are reserved”, regularly uses cosnamh. Cosnaim has an epenthetic vowel, but cosnamh appears not to have (e.g., according to the Leitiriú Shímplí edition of PUL’s Catilína): /kosənimʹ, kosnəv/.
cruaidh: “hard”, or crua in the CO. The adjective is pronounced /kruəgʹ/, with the comparative, originally spelt cruadha, pronunced /kruə/.
cruinniú: “gathering”. Cruinniú daoine, “a gathering of people” according to Ó Dónaill’s dictionary is used here almost to mean “organisation”.
cruithniú: “creation”, or cruthú in the CO. Possibly pronounced /kri’ŋʹu:/. PUL said in Notes on Irish Words and Usages that he had only seen cruthú in print, but had never heard anything other than cruithniú.
cruth: “appearance, form”. The genitive crutha used here accords with the CO form, which is masculine, but the dative is sometimes cruith in some of PUL’s works, pointing to some instability of gender.
cruthaím, cruthú: “to create”. PUL uses the CO form here, but cruthnaím, cruthnú (and cruithním, cruithniú) are also found in his works (see his Scéalaíochta as an mBíobla Naofa). The form with a medial -n- seems preferable in Cork Irish.
dea-chúmtha: “well-built”. This word and some parts of the verb cumaim have a long u in WM Irish.
deirineach: “last”, or deireanach in the CO. Pronounced /dʹerʹinʹəx/.
díle: “flood, deluge”, with the genitive here díleann.
díoglaim, díogailt: “to avenge, punish”, or díoghlaim, díoghail in the CO. The original gh is pronounced /g/ in this rare, literary word.
dlí: “law”. The plural used here is dlithe; this would be dlíthe in the CO, but the WM pronunciation is /dlʹihi/.
doimhinn: “deep”, domhain in the CO, pronounced /dəiŋʹ/.
driotháir: “brother”, deartháir.
drochamhraisteach: “suspicious, distrustful”, a word not given in dictionaries.
drochamhraisteacht: “suspiciousness”, a word not given in dictionaries.
drochmhianach: “poor quality, baseness of character”. This word implies an inherent, innate feebleness of character.
Eabhra: Hebrew. This word is listed in Ó Dónaill’s dictionary as a variant of Eabhrais, “Hebrew language”, but is used here to refer to the Hebrew people (pobal Eabhra). Probably pronounced /ɑvərə/.
éadmhar: “jealous”.
éalaím, éaló: “to escape”, or éalaím, éalú in the CO.
eascaine: “curse”.
Edom: Idumaea, a land to the south-east of the Dead Sea, said, in the Old Testament, to be peopled by the descendants of Esau, brother of the Jewish patriarch Jacob. See Idúméa.
éirím, éirí: “to rise”. This word is pronounced /əi’rʹi:mʹ, əi’rʹi:/ in WM Irish, and all cognates have /əi/ too.
fáidh: “prophet”, with fáidhí in the plural, pronounced /fɑ:’gʹi:/, where the CO has fáithe.
falla: “wall”, or balla in the CO.
féachaint: cur ’ fhéachaint, “to force or compel someone”. This would be iallach or iachall a chur in the CO. PUL uses this phrase without an intervening de, but the phrase generally occurs as cur d’fhéachaint ar dhuine rud a dhéanamh.
féinig: “self”. This is a colloquial variant of féin in Munster Irish.
fé ndeár, fé ndeara: tabhair fé ndeara, “notice”. This would be thug sé faoi deara in the CO. Pronounced /fʹe: nʹa:r~fʹe: nʹarə/. Fé ndeara also has a additional meaning, “cause, reason”.
fógraim, fógairt: “to declare, announce”, or fógraím, fógairt in the CO. Note the present autonomous form, fógarthar, where the CO would have fógraítear.
fórlámhas: “supremacy, domination, authority”, or forlámhas in the CO. Pronounced /fo:r’lɑ:s/ according to Cnósach Focal ó Bhaile Bhúirne. Osborn Bergin’s Leitiriú Shímplí transcription for this word, which also occurs in PUL’s Catilína, would support a spelling of fórlamhas, pronounced /fo:rləvəs/.
fuil: “blood”. Ó Dónaill’s dictionary shows the genitive can mean “bloodthirsty”: tíoránach fola, “bloodthirsty tyrant”.
fuiligim, folag: “to suffer, endure”, or fulaingím, fulaingt in the CO. Pronounced /filʹigʹimʹ, foləg~fuləg/.
fuiriste: “easy”, furasta in the CO. Uiriste is also found in PUL’s works. Usa is found in the comparative here, where the CO has fusa, giving further evidence that forms without f are more common in PUL’s works.
gabhaim: “to take; go” and a large range of other meanings, pronounced /goumʹ/. The preterite is ghoibh where there is ghabh in the CO as the pronunciation is /ɣovʹ/ in WM Irish. Gabháil le rud, “to side with, agree with, abide by something”.
Gabinius: Aulus Gabinius, Roman general, who reinstated Hyrcanus II as high priest in 57 BC and suppressed the Sanhedrin. Died 47/48 BC.
Gailia: Gaul.
gairm: generally “call, vocation”, but used here in the sense of “an appeal” against a judgment of a court.
geallúint: “promise”, or gealltanas in the CO. The genitive singular is geallúna.
glacaim: “to accept”. This word takes a direct object in WM Irish (rud a ghlacadh), whereas the CO has glacadh le rud.
glóire: “glory”, or glóir in the CO.
gné: “form, appearance”.
gobhernóir: “governor”, or gobharnóir in the CO. As a Latin word, it seems wrong to impose Irish spelling rules on this word, and PUL’s version implies a slender v.
Héród: Herod the Great (74/73 BC-4 BC), king of Judaea under Roman rule in the first century BC. In addition to the biographical details noted elsewhere, Herod executed his son, Antipater II (son of his first wife, Doris), in 4 BC on charges of plotting to kill his father. He also killed two sons, Aristobulus IV and Alexander, born to him by Mariamne, in 7 BC. Herod’s murders of his own sons may have influenced the Christian tradition of the Massacre of the Holy Innocents, although Herod’s children would not have been infants at the time of Jesus’ birth. The reference made to the Roman Emperor’s surprise at Herod’s ruthless behaviour comes from Macrobius (ca. 395-423 AD), who wrote in his Saturnalia, cum audisset inter pueros quos in Syria Herodes rex Iudaeorum intra bimatum iussit interfici filium quoque eius occisum, ait: Melius est Herodis porcum esse quam filium, “when he [Emperor Augustus] heard that among the boys in Syria under two years old whom Herod, king of the Jews, had ordered to kill, his own son was also killed, he said: it is better to be Herod’s pig, than his son”. However, this text is four centuries later than the events described. The cause of Herod’s death, accompanied by putrefaction and worms, has been debated by scholars: some believe that gangrene or scabies was responsible.
Huircánus: Hyrcanus II, high-priest (75-66 BC) and king of Judaea (67 BC) in the second-century AD. Grandfather of Mariamne. Son of the Judaean king, Alexander Jannaeus, and his wife, Salome Alexandra, and great-great-grandson of Mattathias, the founder of the Maccabaean dynasty. Hyrcanus briefly succeeded his mother as king of Judaea in 67 BC, before his brother Aristobulus seized the throne and the high priesthood. Following Roman intervention, he was restored to the high priesthood, but not to the kingship, as Rome then governed Judaea through Antipater. Hyrcanus was put to death by Antipater’s son, Herod, in 30 BC.
íbirt: “sacrifice”, or íobairt in the CO. Pronounced /i:birtʹ/ according to IWM, but PUL consistently used a slender b here. The plural used here is íbirtí; PUL’s translation of the Gospels uses íbiortha in the plural.
Idúméa: Idumaea, a region to the south-east of the Dead Sea in modern-day Jordan. Also referred to as Edom, whose inhabitants were, according to the Old Testament, the descendants of Esau, the elder brother of the Jewish patriarch, Jacob.
Idúméach: Idumaean. See under Idúméa.
in: a form of the demonstrative pronoun sin used after the copula (b’in, nách in, etc). Often incorrectly written shin: sin derives from a combination of is (the copula) and in (’s in), and there is no s to be lenited in the past tense.
ínsim, ínsint: “to tell”, or insim, insint in the CO. Note the use of d’innis here in the preterite: the spellings d’innis and d’inis are both found in PUL’s works, pointing to a pronunciation /dʹiŋʹiʃ/.
íntleacht: “intellect”, pronounced /i:ntʹilʹəxt/.
iompaím, iompáil: “to turn”, or iompaím, iompú in the CO. Pronounced /u:m’pi:mʹ, u:m’pɑ:lʹ/.
ithim, ithe: “to eat”. The use of de in ithe de thoradh an chraínn, “to eat of the fruit of the tree”, does not reflect the usage indicated in any dictionary, but the English form is also exceptional, possibly reflecting a Hebrew original.
Iúdach/Iúdaíoch: Jew, or Giúdach in the CO. Iúdach, with Iúdaígh in the plural (indicating a variant singular, Iúdaíoch), is found in the original text. IWM shows the WM form would tend to be Giúdaíoch.
Iúdás: Judas Maccabaeus, son of Mattathias ben Johanan. Leader of the Jewish revolt against the Greek empire in the second century BC before his death 160 BC. Judas was the first of the Maccabaean dynasty to be receive the surname Maccabee, an epithet thought to derive from the Hebrew for “hammer”.
Iúlius Caesar: Julius Caesar, Roman statesman and general (100-44 BC), who defeated Pompey at the battle of Pharsalus 48 BC.
iúnadh: “wonder, surprise”, or ionadh in the CO. Pronounced /u:nə/.
labhraim, labhairt: “to speak”, or labhraím, labhairt in the CO.
láimhseálaim, láimhséail: “to handle, manage, manipulate”.
lánchúiteamh: “full recompense, requital”, a compound not found in dictionaries.
lánchumas: “full power”, or lánchumhacht in the CO. ’Na lánchumas, “to the full extent of his power”.
leamhnú: “consent”, or deonú in the CO. Le leamhnú Dé, “by the will of God”. This is one of a number of words in WM Irish that have l where the CO has d. Dinneen’s dictionary has leonughadh as a variant of deonughadh, and IWM has /lʹo:’nu:/, but PUL’s spelling points to a diphthong in his Irish, /lʹau’nu:/.
léanmhar: “woeful, grievous, dreadful”.
leathscéal: “excuse”, or leithscéal in the CO. Pronounced /lʹa’ʃkʹial/.
Lebhíteach: Levite, member of the priestly tribe of ancient Israel.
leórghníomh: “restitution, amends”.
Macabéach: Maccabee, the name of a Jewish army that established the Hasmonaean dynasty in Judaea in the second century BC. PUL uses the form (in the dative plural) Macaibhéibh in his translation of the Gospels. This could reflect editing by Gearóid Ó Nualláin, as the Greek original does have a v in the middle of the word. Both here and in his Sgéalaídheachta as an mBíobla Naomhtha, PUL uses the form Macabéach.
mallachar: “slowness, dullness”. Mallachar radhairc, “dimness of sight”.
maraím, marú: “kill, slay”. Note the preterite is do mhairbh sé, /vɑrʹivʹ/, where mharaigh sé would be found in the CO.
Mariamne: Mariamne the Hasmonaean, the second wife of Herod the Great. In history, she was the daughter of Alexander Maccabaeus, son of Aristobulus II, king of Judaea. PUL states Mariamne was the daughter of Hyrcanus II: Hyrcanus was her grandfather, owing to Alexander Maccabaeus’ marriage to his first cousin, Alexandra, daughter of Hyrcanus II. Mariamne was executed by her husband, Herod, in 29 BC.
Matatias: Mattathias ben Johanan, a Jewish priest and the founder of the Maccabaean dynasty. Mattathias began the Jewish revolt against Greek rule before his death in 165 BC. Father of Judas Maccabaeus.
meathlaím, meathlú: “to grow weak, deteriorate”.
mioscais: “malice, ill-will”.
mioscaiseach: “spiteful, malicious”.
míshásamh: “discontent, dissatisfaction”. Míshásamh aigne idir dhaonibh, perhaps “an air of friction between people”.
mórthímpall: “all around”, or mórthimpeall in the CO.
músclaim, múiscilt: “to stir, arouse”, or músclaím, múscailt in the CO. The preterite is attested here is do mhúiscil, where the CO would have mhúscail.
nách: “that is not”, i.e. the negative subordinating conjunction combined with the copula, nach in the CO, /nɑ:x/.
naíon: “infant”.
namhaid: “enemy”, pronounced /naudʹ/. Traditionally námha, the dative has now replaced the nominative. Namhaid is also used in the plural, where naimhde would stand in the CO. With nominative singular and plural both namhaid and genitive singular and plural both namhad, it is only morphologically apparent when the plural is being used with the dative plural, namhdaibh.
Naoi: Noah. PUL uses Naoi here and in his Sgéalaídheachta as an mBíobla Naomhtha, but his translation of the Gospels uses Nóe, possibly reflecting the influence of the editor of his Gospels, Gearóid Ó Nualláin. Naoi is also given for Noah in Dinneen’s dictionary.
neómat: “minute, moment”, or nóiméad in the CO. The various words for “minute” in Irish are all corruptions of the original móimeint.
nú: “or”, or in the CO.
oirbhíre: “reproach, curse, anathema”. Pronounced /i’rʹi:rʹi/.
oirearcas: “eminence, distinction”, or oirirceas in the CO. PUL told Osborn Bergin that this word had a broad rc in the middle of the word in WM Irish. The Leitiriú Shímplí transcription is eriarcas, where I had expected iriarcas; more research required on the pronunciation of the first vowel.
oirirc: “eminent, distinguished”, pronounced with a slender rc, /irʹirʹikʹ/.
os cómhair: “in front of”. Pronounced /ɑs ko:rʹ/.
págánacht: “paganism”, or págántacht in the CO.
Palestín: Palestine. PUL eschews artificial gaelicisation of foreign placenames. The CO has Palaistín.
parathas: “paradise”, or parthas in the CO. Pronounced /pɑrəhəs/. Note that PUL agrees with Dinneen’s dictionary here on Gáirdín Parathais, whereas Ó Dónaill’s dictionary has lenition: Gairdin Pharthais.
Pharsalia: Pharsalus in Greece (Farsala in modern Greece), where Pompey and Julius Caesar fought a battle in 48 BC. PUL’s use of Pharsalia may reflect an awareness of the poem Pharsalia by Lucan, in which the battle is recounted.
Phasáel: Phasael, son of Antipater and brother of Herod the Great. Phasael was captured by Antigonus Mattathias along with Hyrcanus II and, after Antigonus mutilated Hyrcanus, chose to commit suicide by dashing his own brains out in 40 BC.
piast: “worm”, or péist in the CO, where the dative has replaced the nominative. The plural is piastaí, in contradistinction to the péisteanna of the CO. Refers here to the serpent in the Garden of Eden.
poiblíocht: “public”, pronounced /pibʹi’lʹi:xt/.
Pompéius: Gnaeus Pompeius Magnus, or Pompey the Great (106-48 BC), a Roman statesman and general. Pompey conquered Judaea in 63 BC, incorporating the kingdom as a client state of the Roman Empire.
priúnsa: “prince”, prionsa.
ré: “interval”. Ré aithrí, “time to repent”.
ríogan:ríon in the CO, “queen, princess, noble lady”. Pronounced /ri:gən/.
rún: “secret”, but also “purpose”. Rún díoltais, “vengeful design, desire for revenge”.
saorthoil: “free will”.
samhaltas: “symbolism; a symbolic representation”. Used with ar here, samhaltas is used with do in PUL’s Sgéalaídheachta as an mBíobla Naomhtha.
Sanhedrim: the Sanhedrim, the 71-member supreme court of Israel.
sara: “before”, or sula in the CO.
scannradh: “terror”, scanradh in the CO, pronounced /skaurə/ in WM.
screadaim, screadach: “to scream, shriek.” Note that as a feminine verbal noun ending in -ach, screadach becomes ag screadaigh in the dative, a distinction not observed in the CO.
scrí’neóir: “scribe”.
seanaid: “Senate”, or seanad in the CO. PUL uses the feminine form here, which is backed up by Dinneen’s dictionary, whereas the CO form is masculine.
seanóir: “elder”.
seasaím, seasamh: “to stand”, or seasaim, seasamh in the CO. Note the preterite do sheasaimh sé, where the CO has sheas sé, reflecting a general tendency for -mh to appear in the third-person singular preterite (and imperative) where the verbal noun ends in -mh in WM Irish.
síolrach: “breed, offspring”, pronounced /ʃi:rəx/ according to IWM. Síolrach d’fhuil na Macabéach, “descent from the Maccabees; Maccabaean blood or breeding”.
síolraim, síolradh: “to breed, propagate”, or síolraím, síolrú in the CO. Do shíolraigh sé ó (dhuine), “he is descended from (a certain person)”. I am unclear whether the l is pronounced in this word.
síoraíocht: “eternity”. Ón síoraíocht, possibly “from the beginning of time”.
slí: “way”. The plural here is slite (slitibh), but slithe and slíte are also attested in PUL’s works. More research on the pronunciation of the plural required.
smachtúchán: “control, subjection, subjuction”, a word not given in dictionaries.
snastacht: “polish, glossiness, finish”. Snastacht gné, “a polished finish or appearance”.
snoím, snoí: “to carve, hew, sculpture”. Clocha snoite, “carved, polished stones”.
socrúchán: “settlement, arrangement”, a word not given in dictionaries.
solaoid: “illustration, example”.
sórd: “sort”, or sórt in the CO.
splannc: “flash of lightning”, or splanc in the CO. The double n is used in the editing here to show the diphthong: pronounced /splauŋk/.
taithneann, taithneamh:“to please”, taitníonn,taitneamh in the CO. Generally in the first declension in PUL’s works, pronounced /taŋʹhən, taŋʹhəv/. The past is do thaithn, /də haŋʹ/.
tapaidh: “quick”, or tapa in the CO. Pronounced /tɑpigʹ/.
targaireacht: “prophecy”, or tairngreacht in the CO. Pronounced /tɑrəgirʹəxt/.
teinneas:tinneas in the CO, “pain, soreness”. Pronounced /tʹeŋʹəs/ in WM Irish.
tímpall: “around”, or timpeall in the CO. The broad p in WM Irish is preserved here: /tʹi:mʹpəl/.
Títus: Titus Flavius Caesar, the Roman emperor 79-81 AD who destroyed Jerusalem in 70 AD.
uabhar: “pride, arrogance”, pronounced /uər/.
uaigh: “grave”. Pronounced /uəgʹ/.
uaillmhianach: “ambitious”.
uathásach: “terrible”, or uafásach. Pronounced /uə’hɑ:səx/ in WM Irish.
Uile-Chómhachtach: “the Almighty”, or Uilechumhachtach in the CO.
úmhal: “submissive, obedient”. Pronounced /u:l/.

Powered by WordPress