Cork Irish

October 22, 2011

An Teagasc Críostaí, Ceacht a 9

Filed under: An Teagasc Críostaí,Contents — admin @ 6:29 pm

Ceacht a naoi.

C. Cad a cheanglann an dara haithne orainn?
F. Ár móide agus ár ngeallúna dlistineacha do chimeád.
C. Cad a choisceann an dara haithne orainn?
F. Gach dearbhú neamhcheart; bréaga; mionna móra; eascainí; diamhasla; agus focail naomhaithiseacha.
C. An coir rómhór leabhar éithigh do thabhairt?
F. Coir róscannrúil is ea é, mar glaeitear ar Dhia chun fianaise ’ dhéanamh go bhfuil an ní adeirtear fíor, agus gan ann go fiosach ach bréag.
C. Cad a cheanglann an tríú haithne orainn?
F. An Domhnach do chaitheamh in úrnaithe agus i ngóthaíbh diaga eile.
C. Cad iad na gnóthaí diaga eile iad san?
F. Aifreann d’éisteacht, bheith ag éisteacht le teagasc, agus ag lé’ leabhar chríostúla.
C. Cad a choisceann an tríú haithne orainn?
F. Gach uile obair shaothraitheach gan riachtanas agus briseadh lae an Tiarna go naomhaithiseach.
C. Cad d’órdaíonn an ceathrú aithne?
F. Grá agus urraim agus onóir do thabhairt d’aithreachaibh agus do mháithreachaibh agus d’uachtaránaibh.
C. Cad a choisceann an cúigiú aithne orainn?
F. Gach dúnmharú toilthiúil, troid agus imreas.
C. Cad eile a choisceann an cúigiú aithne?
F. Gach anchainnt tharcaisneach, fuath, fearg agus rún díoltais.
C. Cad a choisceann an séú aithne?
F. Gach cómhluadar mígheanmnaí le fear, nú le bean, nách le duine féin.
C. Cad eile a choisceann an aithne seo?
F. An uile amharc, nú focal, nú gníomh, mígheanmnaí.
C. Cad a choisceann an seachtú aithne?
F. Aon ní de chuid duine eile do thógáil nú do chimeád go haindleathach; agus gach díobháil dá ndeintear don chómharsa ’na strus.
C. Cad ’tá d’fhiachaibh orainn a dhéanamh an tan a bhíonn cuid duine eile go neamhdhlistineach againn?
F. Ní foláir dúinn é ’ thabhairt thar n-ais más féidir dúinn é, nú ní maithfar an peaca dhúinn.
C. Cad a choisceann an t-ochtú aithne?
F. Gach fianaise neamhfhírinneach, breithiúntas an-obann, bréaga, cúlchainnt, agus tromaíocht.
C. Cad ’tá d’fhiachaibh ar an muíntir a mhaslaíonn clú a gcómharsan?
F. Ní foláir dóibh a ndícheall do dhéanamh ar an gclú do chasadh, nú ní maithfar an peaca dhóibh.
C. Cad a choisceann an naoú aithne?
F. Gach smaoineamh toilthiúil drúise, dúil mhígheanmnaí, agus dlúthócáidí, nú fáthanna, chun smaointe truaillithe.
C. Cad a choisceann an deichiú aithne?
F. Gach dúil neamhdhlistineach i gcuid ár gcómharsan.

Foclóirín 

aindleathach: “illegal, unlawful”.
anchainnt: “reviling, abuse, bad language”. Pronounced /’ɑn-’xaintʹ/, with a double stress.
breithiúntas: “judgment”, or breithiúnas in the CO. Breithiúntas an-obann, “rash, hasty or overly quick judgment of someone without possession of all the facts”.
cómhluadar: “company, association”.
críostúil: “Christian; charitable”.
coiscim, cosc: “to prevent”, but also, as here, “to forbid”.
cúlchainnt: “backbiting, detraction”.
eascaine: “curse, imprecation”.
dara: “second”; generally tarna in WM Irish.
diamhasla: “blasphemy”, pronounced /dʹiəvəslə/.
dlistineach: “legitimate, proper”.
dlúthócáid: “an immediate occasion” for something.
dúnmharú: “murder”.
fiach: rud a bheith d’fhiachaibh ort, “to be bound/obliged (to do something)”. Fiacha literally means “debts”.
fiosach: “knowing”, or feasach in the CO. Go fiosach, “knowingly, wittingly, deliberately”. Research on the pronunciation required here: the Letiriú Shímplí edition shows no indication of stress on the second syllable, and so it may be /fʹisəx/, but if, as is usual with words in -ach, the ending is stressed, as /fʹi’sɑx/, there may be no reason not to adopt the CO spelling.
imreas: “strife, discord”. Pronounced /imʹirʹəs/.
maslaím, maslú: “to insult, revile, calumniate”.
mionn: “oath”, with mionna in the plural, where the CO has mionnaí. Mionna móra, “swear words”.
móid: “vow”, with móide in the plural here, where the CO has móideanna.
naomhaithiseach: “profane, blasphemous”.
obann: “sudden, hasty”, or tobann in the CO.
rún díoltais: “desire for revenge”, where rún means “intention” here.
saothraitheach: “servile, laborious”, or saothrach in the CO. Pronounced /se:hərihəx/.
scannrúil: “frightful; astonishingly great”, or scanrúil in the CO. Pronounced /skau’ru:lʹ/.
strus: “wealth, means”.
tan: “time, occasion”. An tan, “when, whenever”.
tromaíocht: “running down, denigration”.

October 14, 2011

An Teagasc Críostaí, Ceachtanna a 7 agus a 8

Filed under: An Teagasc Críostaí,Contents — admin @ 3:52 pm

Ceacht a seacht.

C. Cá mhéid príomhpheaca maraitheach ann?
F. Seacht cínn. Cínnpheacaí maraitheacha a tugtar orthu.
C. Abair na cínnpheacaí maraitheacha.
F. Uabhar, sainnt, drúis, craos, fearg, formad, agus leisce.
C. Cá dtéid an dream a gheibheann bás i bpeaca mharaitheach?
F. Go hifreann ar feadh na síoraíochta.
C. Cad ’tá d’fhiachaibh orainn a dhéanamh má thitimíd i bpeaca mharaitheach?
F. Aithreachas fírinneach do ghlacadh agus dul chun faoistine.
C. Cad fá go raghaimís chun faoistine nuair a thitimíd i bpeaca mharaitheach?
F. Chun caradais Dé d’fháil thar n-ais agus chun bheith de ghnáth ollamh i gcómhair an bháis.
C. Cad ba chóir dúinn a dhéanamh tar éis titim i bpeaca mharaitheach dúinn dá mba ná féadfaimís dul chun faoistine?
F. Ba chóir dúinn aithreachas rómhór do ghlacadh trí thitim ann, agus an chuid is lú dhe, dúil do bheith againn dul chun faoistine.

Ceacht a hocht.

C. In éaghmais an pheaca do sheachaint cad é an mhaith atá ceangailte orainn do dhéanamh?
F. Ní foláir dúinn aitheanta Dé agus na hÉaglaise do chimeád.
C. Abair na deich n-aitheanta.
F.

  1. Creid, a mhic, i nDia go glan.
  2. Ná tabhair ainm Dé gan abhar.
  3. Cimeád an tsaoire mar is cóir.
  4. Tabhair dot athair agus dod mháthair onóir.
  5. Ná dein marú.
  6. Ná dein drúis.
  7. Ná dein guid.
  8. Ná tabhair fianaise bhréige in aon chúis.
  9. Ná sanntaigh fear ná bean nách leat féin.
  10. Ná sanntaigh clann duine eile, ná a áirnéis.

C. Cad a cheanglann an chéad aithne orainn?
F. Aon Dia amháin d’adhradh.
C. Conas ’ dheinimíd Dia d’adhradh?
F. Le creideamh, le dóchas, le carthanacht, le húrnaithe, agus le híbirt.
C. Cad é an ní creideamh?
F. Subháilce diaga lena gcreidimíd go daingean gach ar mhúin Dia dhúinn.
C. Cad é an ní dóchas?
F. Subháilce diaga a bheir muinín agus dóchas láidir dúinn go bhfaigheam an bheatha shíoraí agus na meóin atá riachtanach chun a saothraithe.
C. Cad é an ní carthanacht?
F. Subháilce diaga a bheir dúinn Dia do ghráú os cionn gach uile ní, ar a shon féin, agus ár gcómharsa mar sinn féin ar son Dé.
C. Cé hé ár gcómharsa?
F. An chine daonna uile, ár namhaid chómh maith lenár gcáirdibh, agus iad san mar an gcéanna nách dár gcreideamh.
C. An gcoisceann an aithne seo orainn onóir do thabhairt do na naoimh?
F. Ní choisceann, de bhrí ná tugaimíd dóibh an árdonóir is dual do Dhia féin.
C. Cad é an difríocht atá idir an onóir a thugaimíd do na naoimh agus an onóir a thugaimíd do Dhia féin?
F. Is ar Dhia amháin d’iarraimíd grásta agus trócaire, agus ní iarraimíd ar na naoimh ach a n-ímpí do chur suas chun Dé ar ár son.
C. Cad fá go n-onóraimíd taise na naomh?
F. De bhrí go rabhadar a gcuirp roime seo ’na dteampaill ag an Sprid Naomh agus go bhfaighid siad onóir an lá déanach ar neamh.
C. Cad fá go leogaimíd sinn féin ar ár nglúinibh i láthair íomhátha Chríost agus na naomh?
F. Chun ár smaointe do shocrú ar fhlaitheas Dé agus chun sinn féin do spreagadh chun aithris do dhéanamh ar na naoimh ’nár mbeatha.

Foclóirín

áirnéis: “chattels, goods, moveable property”, a collective word used in the singular.
aithne: “commandment”, with aitheanta in the plural. Pronounced /ahinʹi, ɑhəntə/.
aithreachas: “repentance”. Aithreachas a ghlacadh trí rud, “to repent on account of something”; see under glacaim in Dinneen’s dictionary. Pronounced /ahirʹəxəs/.
aithris: “imitation”.
bheirim, tabhairt: “to give”, or tugaim, tabhairt in the CO. Note that bheirim, in itself derived from the historic form do-bheirim, is the absolute form corresponding to the dependent form tugaim, but is generally replaced by tugaim in WM Irish. Bheir, a present-tense form corresponding to tugann.
ceannpheaca: “capital sin”, or cínnpheacaí in the plural.
craos: “gluttony”.
drúis: “lust”.
formad: “envy”, pronounced /forəməd/.
íomhá: “image”. The plural used here is íomhátha; íomhánna is found in PUL’s Niamh. Íomhánna is found in the plural in the CO.
leisce: “laziness”.
ollamh: “ready”, or ullamh in the CO.
onóraim, onóradh: “to honour”, or onóraím, onórú in the CO.
sainnt: “greed.” The traditional double n, not used in the CO, is preserved here to show the diphthong: /saintʹ/.
sanntaím, sanntú: “to covet”, or santaím, santú in the CO. The traditional nn is retained here to show the diphthong, /saun’ti:mʹ, saun’tu:/.
saoire: “freedom; day of rest”. An tsaoire a chimeád, “to keep the sabbath”.
spreagaim, spreagadh: “to incite, inspire”. PUL usually used spriocaim, spriocadh (which means “to fix, arrange” in the CO) in the sense of “inspire”, reserving spreagadh for usages such as ceól a spreagadh suas, “to play music with verve”. However, counterexamples exist, as is seen here.
taise: “relics”. Taise na naomh, “relics of the saints”. This would be plural, taisí, in the CO, but PUL seems to use the singular in a collective sense.
uabhar: “pride”, pronounced /uər/.

Nótaí

Seacht cínn: note that eclipsis is often omitted in PUL’s works after seacht, ocht and deich, as the /t/ or /h/ at the end of these numerals would tend to devoice the first consonant of the following noun.

De bhrí go rabhadar a gcuirp: this is a rare example of the governance of a past-tense verb conjugated in the plural by a plural noun subject. See also chuadar na fir in PUL’s Séadna.

October 11, 2011

An Teagasc Críostaí, Ceacht a Sé

Filed under: An Teagasc Críostaí,Contents — admin @ 10:09 pm

Ceacht a sé.

C. Cad a tuigtear le comaoine le naomh?
F. Go dtéann na húrnaithe agus na dea-oibreacha a deintear sa teampall chun sochair do gach n-aon a bhaineann leis an dteampall.
C. Cad é an saibhreas spridálta ’na bhfuil páirt ag na daoine a bhaineann leis an Eaglais?
F. Na Sacraimíntí, naomhíbirt an aifrinn, úrnaithe na hEaglaise, agus dea-oibreacha na bhfíoraon.
C. An leór do dhuine, chun bheith sábhálta, bheith ’na Chaitlicí Rómhánach?
F. Ní leór. Ní foláir do an peaca do sheachaint agus an mhaith do dhéanamh.
C. Cad é an ní peaca?
F. Aon smaoineamh toiliúil, briathar ná gníomh a deintear in aghaidh dlí Dé.
C. Cad é an ní peaca maraitheach?
F. Coir róthrom in aghaidh Dé, a bhaineann grásta naomhaithe den anam agus a thuilleann ifreann.
C. Cad é an ní peaca solathach?
F. Peaca is lú coir má peaca maraitheaach, ná baineann grásta naomhaithe den anam agus ná tuilleann ifreann.
C. Conas a ghortaíonn peaca solathach an t-anam?
F. Le grá Dé ’nár n-anam do laíodú, agus le sinn do chlaonadh chun an pheaca mhairbh.
C. Cad is grásta ann?
F. Tabharthas os cionn nádúra a thugann Dé féin dúinn chun sinn do naomhú agus do neartú chun flaitheas Dé do thuilleamh.
C. Cad a thuigeann tú le grásta naomhaithe?
F. Na grásta a dheineann sinn ’nár gcáirdibh ag Dia.
C. An bhfuil grásta riachtanach?
F. Tá, de bhrí, gan grásta, nách féidir dúinn flaitheas Dé do thuilleamh.

Foclóirín

claonaim, claonadh: “to incline”, transitive or intransitive. Duine a chlaonadh chun ruda, “to incline someone towards something”.
laíodaím, laíodú: “to decrease, reduce”, or laghdaím, laghdú in the CO. Pronounced /li:’di:mʹ, li:’du:/.
marbh: “dead, deadly”. Peaca marbh, “mortal sin”, a phrase that occurs elsewhere here as peaca maraitheach.
nádúr: “nature”, with nádúra in the genitive, where the CO has nádúir. Os cionn nádúra, “supernatural”.
solathach: “easily forgiven; venial”. This is pronounced /soləhəx/, according to the Letiriú Shímplí version, but derives from so-loghtha, as given in Dinneen’s dictionary. It seems the compound origin of the word has been obscured, giving the present pronunciation.
toiliúil: “wilful, intentional”. The original spelling was toiltheamhail, so there may be an h in the pronunciation of this word, in line with the pronunciation of cognate words such as toilteanach. The Leitiriú Shímplí edition has toilhúil.

October 9, 2011

Ceacht a cúig

Filed under: An Teagasc Críostaí,Contents — admin @ 7:18 pm

Ceacht a cúig.

C. Cad é an fhaid d’fhan Críost ar an dtalamh so tar éis na haiséirí?
F. Daichead lá.
C. Cad fá gur fhan sé ar talamh tar éis aiséirithe dho?
F. Chun a thaispeáint go soiléir gur aiséirigh sé, agus chun na nAspal do theagasc.
C. Cá ndeigh sé i gceann an daichead lá?
F. Do chuaigh sé suas ar neamh.
C. An ndeigh sé lena cholainn suas ar neamh?
F. Do chuaigh agus tá sé ’na shuí ar deasláimh Dé.
C. Cad a tuigtear lena rá go bhfuil Críost ’na suí ar deasláimh Dé?
F. Tuigtear gurb é Críost, sa mhéid gur duine é an té is giorra do Dhia ar neamh.
C. Cá fada tar éis deasgabhála Chríost gur chuir sé an Sprid Naomh uaidh?
F. Deich lá ’na dhiadh, ’sé sin, Domhnach Cíncíse.
C. Cad fá gur chuir sé an Sprid Naomh uaidh?
F. Chun sinne do naomhú, agus chun na nAspal do neartú chun an tSoíscéil, ’sé sin an dlí nua, do chraobhscaoileadh.
C. Cad a tuigtear leis an ndlí nua?
F. An dlí a tugadh do na Críostaithibh.
C. Cad a tuigtear leis an seandlí?
F. An dlí a tugadh do na Iúdaíochaibh.
C. Conas ’ aithnítear gur Críostaithe sinn?
F. Trínár mbaisteadh, le dlí Chríost d’admháil, agus trí chómhartha na croise.
C. Conas a deintear cómhartha na croise?
F. Curtar an lámh dheas ar an éadan, ansan ar an ucht, agus ansan ar an ngualainn chlé agus ansan ar an ngualainn ndeis, agus deirtear lena línn sin, “In ainm an Athar agus an Mhic agus an Sprid Naoimh. Amen.”
C. Cá bhfuil Críostaithe fírinneacha le fáil?
F. Sa teampall fírinneach amháin.
C. Cad a tuigtear leis an dteampall fírinneach?
F. Cómhchruinniú na bhfíorchreideamhach uile.
C. Conas ’ ainmnítear an teampall fírinneach?
F. An Teampall Caitlicí Rómhánach.
C. Cad fá go nglaeitear “Rómhánach” ar an dteampall bhfírinneach?
F. Ón Róimh, mar is ann a chónaíonn ceann sofheicse an teampaill.
C. Cé hé ceann sofheicse an teampaill?
F. An Pápa, fear inid Íosa Críost.
C. Cé hé ceann dofheicse an teampaill?
F. Íosa Críost féin, moladh go deó leis!
C. Cad fá go nglaeitear “Caitlicí” ar an dteampall bhfírinneach?
F. De bhrí go seasóidh an teampall fírinneach go deireadh an tsaeil agus go sruthfaidh ar feadh críocha an domhain uile.
C. Cé hiad atá ar an dtaobh amu’ den teampall?
F. An mhuíntir nár baisteadh, an dream a thiteann fé choinnealbhá, agus an mhúintir, trína gcoir féin, a leanann go ceanntréan earráid creidimh.
C. An bhfuil a thuilleadh lasmu’ den teampall?
F. Tá, an mhuíntir a dhiúltaíonn úmhlacht dleathach, i nithibh spridálta, do cheann sofheicse an teampaill.
C. An féidir don teampall titim in earráid, ná dul amú?
F. Ní féidir, óir do gheall Críost go mbeadh sé féin agus a Sprid bheannaithe de ghnáth in’ fhochair agus ná buafadh dóirse ifrinn air.

Foclóirín

cá: normally “where”, but there are a range of other uses, including “how” with an adjective. Cá fada? “how long?” This usage contains an understood copula between and fada (cá…is fada go…).
ceanntréan: “headstrong, wilful”.
Cíncís: “Pentecost, Whitsuntide”. Pronounced /kʹi:ŋ’kʹi:ʃ/.
colann: “body”, with the genitive here colla. The CO has colainn and colainne respectively. Also note that both colann and colainn are used in the Catechism in the dative singular; dative usage was somewhat patchy even in PUL’s Irish.
cómhchruinniú: “congregation, assembly”.
craobhscaoilim, craobhscaoileadh: “to propagate, broadcast; preach”.
cuirim, cur: “to put”. Note the present autonomous forms curtar, where modern Cork Irish would have cuirtar.
dofheicse: “invisible”, or dofheicthe in the CO.
fear inid Íosa Chríost: “vicar of Christ”, or fear ionaid Íosa Chríost in the CO, referring to the Pope.
fíorchreideamhach: “true believer”, or fíorchreidmheach in the CO. The Letiriú Shímplí version shows the mh is broad here: /fʹi:r-xrʹedʹəvəx/. Ó Dónaill’s dictionary also shows an entry for creideamhach as a variant of creidmheach.
Iúdaíoch: “Jew”, or Giúdach in the CO. IWM shows that the WM form should be Giúdaíoch, /gʹu:’di:x/, but the Letiriú Shímplí edition here has dos na Giúduig where do na Iúdaíochaibh stood in the original text.
seandlí: “old law”. Pronounced /ʃan-dlʹi:/ or /ʃaun-dlʹi:/; the former was shown in Letiriú Shímplí.
sofheicse: “visible”, or sofheicthe in the CO. Ceann sofheicse an Teampaill, “visible head of the church”, a controversial phrase used in the Roman Catholic Church to refer to the Pope.
sprid: “spirit”, or spiorad in the CO. In WM Irish spiorad is aligned with the related word sprid, “sprite, ghost”. An Sprid Naomh is masculine, but a Sprid bheannaithe, “his blessed or holy spirit”, shows the word remains generally feminine. More research required, as examples of masculine usage (e.g. in aghaidh an Sprid) are found in PUL’s translation of the Gospels.
sruthaim, sruthadh: “to stream, flow, pour forth”, or sruthaím, sruthú in the CO.
úmhlacht: “humility”, or umhlaíocht in the CO. Úmhlaíocht is also found in PUL’s works, and is the more common form, but the foclóirín to the Catechism lists úmhlacht and úmhlaíocht as separate words, or separate word-variants. The Letiriú Shímplí version transcribes this word as úlycht, but it seems more faithful to the original text to show the two distinct word-variants given in the original.

October 8, 2011

Some prayers

Filed under: An Teagasc Críostaí,Contents — admin @ 12:43 pm

Teachtaireacht an Aingil.

V. Tháinig Aingeal an Tiarna le scéala chun Muire.

R. Agus do ghoibh sí gin ón Sprid Naomh.
Go mbeannaíthear duit, a Mhuire, &c.

V. Féach, mise cailín an Tiarna.
R. Go ndéintear liom de réir t’fhocail.
Go mbeannaíthear dhuit, a Mhuire, &c.

V. Agus do ghlac Mac Dé colann daonna.
R. Agus do chómhnaigh sé ’nar measc.
Go mbeannaíthear duit, a Mhuire, &c.

V. Guigh orainn, a naomh-Mháthair Dé.
R. Ionas go mb’fhiú sinn geallúna Chríost d’fháil.

An Ghuí.

Guímíd thu, a Thiarna, do ghrásta do dhortadh go líonmhar ’nár n-anamnacha**, ionas, tar éis fios d’fháil dúinn, trí theachtaireacht an aingil, ar theacht Íosa Críost, do Mhic, i gcolann daonna, go dtiocfadh linn sroisint chun glóire a aiséirí trí neart a pháise agus a chroise naofa, trí Íosa Críost ár dTiarna. —Amen.

Go dtugaidh Dia cabhair agus cúnamh i gcónaí dhúinn. Agus go dtugaidh Dia suaimhneas síoraí do na fíoraonaibh d’imigh rómhainn. Amen.

**Transcribed in the Letiriú Shímplí version as if   ’nár n-anam.  As each person has only one soul, it may be more logical that way; I am not totally sure if the use of anamnacha is a definite mistake in the original text.

Na Mionghníomhartha

Dólás mar gheall ar Pheacaíbh.

A Thiarna Dia atá go rómhaith, tá cathú orm mar gheall ar mo pheacaíbh. Maith dhom iad, agus tabhair cúnamh dom chun gan iad do dhéanamh arís.

Gníomh Creidimh.

A Dhia na Glóire, creidim ionatsa, agus creidim gach ní dá múineann an Eaglais dúinn, mar do thugais-se dhi an fhírinne do mhúineadh.

Gníomh Dóchais.

A Dhia na Glóire, is ortsa atá mo sheasamh, is asatsa atá mo mhuinín agam, go dtabharfaidh tú grásta agus trócaire agus maithiúnachas im peacaí dhom ar an saol so agus radharc ort féin sa tsaol atá le teacht. An radharc san go dtugair dúinn, a Thiarna. Amen.

Gníomh Grá.

A Dhia na Glóire, mo ghrá thu! Mo ghrá thu os cionn gach uile ní, mar is tu amháin is maith. Agus mo ghrá mo chómharsa mar me féin ar do shonsa.

Ag Éirí ar Maidin duit abair le Dia na Glóire.

A Dhia na Glóire, mo ghrá thu! Do thugais saor ón oíche me agus táim baoch díot. Bheirim me féin suas inniu duit idir chorp agus anam. Go dtugaidh do ghrásta dhom mo smaointe go léir agus mo ghníomhartha go léir do dhul chun onóra dhuitse agus chun sochair dom anam. Trí Íosa Críost á dTiarna. Amen.

Abair Let Aingeal Coímhdeachta.

A Aingil Dé, mo ghrá thu. Mo ghrá Dia a chuir me mar chúram ort. Cómhairligh me, díon me, stiúraigh me, cimeád ar mo leas me, inniu agus ó inniu go dtí lá mo bháis, agus tabhair suas dom Shlánaitheóir me an lá san.

Altú Roim Bia.

A Thiarna Dia! Cuir do bheannacht orainn féin agus ar do thabharthaistíbh, trí Íosa Críost ár dTiarna. Amen.

Altú tar éis Bídh.

Bheirimíd baochas na beatha so dhuit, a Dhia Mhóir an uilechómhacht, agus i dtaoibh do thabharthaistí go léir; agus beannacht Dé le hanman na marbh, go dtugaidh Dia suaimhneas síoraí dhóibh. Amen.

Le línn dul a chodladh dhuit, abair:

A Íosa, a Mhuire, a Ióseph, tugaim suas díbh mo chroí agus m’anam.

A Íosa, a Mhuire, a Ióseph, bídh ag cabhrú liom le línn mo bháis.

A Íosa, a Mhuire, a Ióseph, go dtugad suas m’anam díbh i síocháin Dé.

Isteach i do láimh féin go nglacair mo sprid, a Thiarna.

M’anam go nglacair uaim, a Thiarna Íosa.

Foclóirín

áltaím, altú: “to give thanks, say grace”, pronounced /ɑ’hli:mʹ~ɑ’hlu:/ in WM Irish.
anam: “soul”. The dative is occasionally found as anman, generally in the phrase beannacht Dé le hanman na marbh, “may God bless the souls of the dead”, where the usage can be considered to be calcified. Anam is found in the dative elsewhere in the Catechism. Traditionally anmain was the dative, and anman here, with a broad final n may reflect assimilation to the following broad n of na. Pronounced /ɑnəm~ɑnəmən/.
bheirim, tabhairt: “to give”, or tugaim, tabhairt in the CO. Note that bheirim, in itself derived from the historic form do-bheirim, is the absolute form corresponding to the dependent form tugaim, but is generally replaced by tugaim in WM Irish.
deinim, déanamh: “to do”, or déanaim, déanamh in the CO. Go ndéintear in the autonomous form here reflects a calcified usage of the long vowel where later WM Irish would have go ndeintear. Pronounced /gə nʹe:ntʹər/. The historically correct form go ndéantar is also found in the Catechism here.
gin: “foetus”, transcribed as gen in Letiriú Shímplí. Gin a ghabháil, “to conceive, become pregnant”.
sroisim, sroisint: “to reach”, or sroichim, sroicheadh in the CO. Pronounced /sroʃimʹ, sroʃintʹ/. The verbal noun is more commonly found as sroisiúint in PUL’s works.
taobh: “side”. This word is found in both masculine and feminine guises, and here we see i dtaoibh, “in regard to”, in the place of the usual i dtaobh. I dtaobh is more common in PUL’s works.
Teachtaireacht an Aingil: the prayer known as the Angelus, recounting the Annunciation.

October 7, 2011

Two Marian items

Filed under: An Teagasc Críostaí,Contents — admin @ 10:24 pm

An Salbhé Regína.

Go mbeannaíthear dhuit, a Bhannríon Naofa, a Mháthair na Trócaire. Go mbeannaíthear dhuit! Is tu ár mbeatha, ár mísleacht, agus ár ndóchas. Is ortsa do screadaimíd, clann bhocht díbeartha Ébha. Is chútsa suas a chuirimíd ár n-osna, ag caí agus ag gol sa ghleann so na ndeór. Iompaigh orainn dá bhrí sin, a choimirce chaomhuasal, do shúile atá lán de thrua, agus nuair a bheidh deireadh lenár ndíbirt, tabhair radharc dúinn ar thoradh do bhroinne, Íosa, a Mhaighdean Mhuire róthrócaireach, róghrámhar, rómhilis.

V. Guigh orainn, a Naomh-Mháthair Dé.
R. Ionas go mb’fhiú sinn toradh geallúna Chríost d’fháil.

Liodán na Maighdine Muire.

Cuirimíd sinn féin féd choimirce, a naomh-Mháthair Dé. Ná diúltaigh dár n-úrnaithe in am ár riachtanais ach ón uile bhaol saor sinn, a Mhaighdean ghlórmhar bheannaithe.

A Thiarna, dein trócaire orainn.
A Chríost, dein trócaire orainn.
A Thiarna, dein trócaire orainn.
A Chríost, éist linn.
A Chríost, éist go ceannsa linn.
A Dhia, a Athair na bhflaitheas, dein trócaire orainn.
A Mhic Dé, a fhuasclóir an domhain, dein trócaire orainn.
A Dhia, a Sprid Naoimh, dein trócaire orainn.
A Thríonóid naofa, a aon Dia amháin, dein trócaire orainn.

A Naomh Mhuire, guigh orainn.
A Naomh-Mháthair Dé, guigh orainn.
A Naomh-Mhaighdean na maighdean, guigh orainn.
A Mháthair Chríost, guigh orainn.
A Mháthair na ngrásta ndiaga, guigh orainn.
A Mháthair róghlan, guigh orainn.
A Mháthair rógheanmnaí, guigh orainn.
A Mháthair gan truailliú,guigh orainn.
A Mháthair gan toibhéim, guigh orainn.
A Mháthair gheanúil, guigh orainn.
A Mháthair iúntach, guigh orainn.
[A Mháthair na dea-chómhairle, guigh orainn. (omitted in the original, added in the Letiriú Shímplí edition here)]
A Mháthair ár gCruthaitheóra, guigh orainn.
A Mháthair ár Slánaitheóra, guigh orainn.
A Mháthair ró-eagnaí, guigh orainn.
A Mhaighdean ró-onórach, guigh orainn.
A Mhaighdean chlúmhail, guigh orainn.
A Mhaighdean chómhtach, guigh orainn.
A Mhaighdean cheannsa, guigh orainn.
A Mhaighdean dílis, guigh orainn.
A Scáthán an chirt, guigh orainn.
A Chathaoir na heagna, guigh orainn.
A Chúis ár lúghára, guigh orainn.
A Shoitheach Spridálta, guigh orainn.
A Shoitheach onóra, guigh orainn.
A Shoitheach cráifeachta fé leith, guigh orainn.
A Rós dhiamhair, guigh orainn.
A Thúr Dáibhid, guigh orainn.
A Thúr eabhair, guigh orainn.
A Thig óir, guigh orainn.
A Árc na Connartha, guigh orainn.
A Gheata na bhflaitheas, guigh orainn.
A Réaltann na maidne, guigh orainn.
A Shláinte na n-easlán, guigh orainn.
A Chumaraí na bpeacach, guigh orainn.
A Shólás na ndobrónach, guigh orainn.
A Chúnamh na gCríostaithe, guigh orainn.
A Bhannrín na n-aingeal, guigh orainn.
A Bhannrín na n-árdathar, guigh orainn.
A Bhannrín na bhfáidh, guigh orainn.
A Bhannrín na nAspal, guigh orainn.
A Bhannrín na Mairtir, guigh orainn.
A Bhannrín na gConfesóirí, guigh orainn.
A Bhannrín na Maighdean, guigh orainn.
A Bhannrín na naomh uile, guigh orainn.
A Bhannrín a gabhadh gan peaca an tsínsir, guigh orainn.
A Bhannrín na Coróinneach Muire rónaofa, guigh orainn.
A Uain Dé, a thógann peacaí an domhain, ná daor sinn, a Thiarna.
A Uain Dé, a thógann peacaí an domhain, deónaigh éisteacht linn, a Thiarna.
A Uain Dé, a thógann peacaí an domhain, dein trócaire orainn, a Thiarna.
A Thiarna, dein trócaire orainn.
A Chríost, dein trócaire orainn.
A Thiarna, dein trócaire orainn.
Guímíd thu, a Thiarna, do ghrásta do dhortadh, &c.
(Mar atá thuas.)

Foclóirín

árc: “ark”, or áirc in the CO. Árc na Connartha, “the Ark of the Covenant”. PUL used airc in his Sgéalaidheachta as an mBíobla Naomhtha. Dinneen also gives both arc and airc.
árdathair: “patriarch”.
bannrín: “queen”, or banríon in the CO. While this word was traditionally written bainríoghan, the broad n in a bhannríon naofa probably reflects assimilation to the broad n of naofa, as a bhannrín is given elsewhere in the Catechism (in the Litany of the Blessed Virgin Mary) in the vocative with a slender n, which accords with the pronunciation shown in IWM, /bau’ri:nʹ/.
caím, caí: “to weep, lament”.
caomh: “gentle”. Also found as a prefix, as in caomhuasal, “gracious”.
clúmhail: “of good repute, renowned”, or clúiteach in the CO. Pronounced /klu:lʹ/.
connradh: “covenant”, or conradh in the CO, with connartha in the genitive. The traditional double n is retained here as suggestive of the long vowel, pronounced /ku:rə, kunərhə/. Cnósach Focal ó Bhaile Bhúirne shows that Amhlaoibh Ó Loingsigh had a pronunciation /ku:rəv/. This word is feminine in PUL’s works, but masculine in the CO (it is listed as masculine in the foclóirín to the Catechism, but the usage here is clearly feminine, and this is consistent with PUL’s usage in his Sgéalaidheachta as an mBíobla Naomhtha).
cumaraí: “refuge”. This word is a variant of comairce/coimirce.
deóir: “tear”. This is one of a number of words where the dative has replaced the original nominative, deór, to which the genitive plural remains aligned.
deónaím, deónú: “to consent, grant”. This is often leónaím, leónú in WM Irish, especially in the phrase leónú Dé, “the will of God”, reflecting a wider phenomenon where some words in d- are pronounced in l- in WM Irish. However, here we have deónaigh, which is transcribed with a d- in Letiriú Shímplí.
diamhair: “mysterious”. A Rós dhiamhair, “thou mystical rose”.
doirtim, dortadh: “to pour”.
eabhar: “ivory”. Probably pronounced /ɑver/.
Ébha: Eve, mother of the human race.
geallúint: “promise”, or gealltanas in the CO. The genitive singular and nominative plural are both geallúna.
geanmnaí: “chaste”.
geanúil: “loveable, lovely”.
iúntach: “wonderful, admirable”, or iontach in the CO. Pronounced /u:ntəx/.
maidean: “morning”, or maidin in the CO. The genitive is given here as maidne, where the CO has maidine. The form is retained, despite the fact that IWM shows a new unsyncopated genitive /mɑdʹinʹi/, as the Letiriú Shímplí version has maingi, indicating that Shán Ó Cuív believed the genitive with syncope could be pronounced /mɑŋʹi/. More research required here.
martar: “martyr”, a problematic word, as the CO form is mairtíreach and the WM form, as given in Cnósach Focal ó Bhaile Bhúirne is mairtír. Dinneen has martar and mairtír. PUL’s original spelling here was martear/martir, but was transcribed in the Letiriú Shímplí edition uniformly as martar. It seems the modern pronunciation is /mɑr’tʹi:rʹ/, but that /mɑrtər/ and possibly /mɑrtʹər~mɑrtʹirʹ/ were also found. Martear and martir are edited here as mairtear and mairtir.
mísleacht: “sweetness”, or milseacht in the CO.
réaltann: “star”, or réalta in the CO. Usually réiltín in WM Irish. Possibly pronounced /re:lhən/.
Salbhé Regína: Salve Regina, or Hail, Holy Queen, the Marian hymn.
soitheach: “vessel”, with soithí in the plural, pronounced /sə’hɑx, su’hi:/. This is the pronunciation of Amhlaoibh Ó Loingsigh as shown in Cnósach Focal ó Bhaile Bhúirne; other speakers (Dónall Bán Ó Ceileachair) had /sɑhəx, si’hi:/, as if from a form sathach, which is mentioned by Dinneen too. The Letiriú Shímplí indicates a pronuncation of /si:həx/, possibly influenced by the spelling soítheach in the original, with a síneadh fada on the i, but this has not been adopted here given the evidence for the pronunciation by good speakers in WM.
sprid: “spirit”, or spiorad in the CO. In WM Irish spiorad is aligned with the related word sprid, “sprite, ghost”. Sprid should be a feminine word, but an Sprid Naomh is masculine. More research required here on whether sprid in the meaning of “sprite, ghost” is also masculine now.
spridálta: “spiritual”, or spioradálta in the CO.
toibhéim: “blemish, reproach”. Probably pronounced /ti’vʹe:mʹ/, or possibly with /o/ in the first syllable.

October 6, 2011

An Teagasc Críostaí ceachtanna 1-4

Filed under: An Teagasc Críostaí,Contents — admin @ 11:59 pm

An Teagasc Críostaí

Ceacht a haon.

Ceist. Cé ’ dhein an domhan?
Freagra. Dia.
C. Cé hé Dia?
F. Cruthaitheóir agus árdthiarna neimhe agus talún, rómhaith agus ró-iomlán.
C. Cá bhfuil Dia?
F. Tá sé ins gach uile áit.
C. Má tá Dia ins gach uile áit cad fá ná feicimíd é?
F. De bhrí gur fíorsprid é agus ná fuil colann aige.
C. An bhfeiceann Dia gach uile ní?
F. Chíonn.
C. An bhfuil fios gach uile ní ag Dia?
F. Tá.
C. An féidir le Dia gach uile ní do dhéanamh?
F. Is féidir.
C. Cad fá gur chruthaigh Dia sinn?
F. Chun aithne do chur air agus é ghráú ar an dtalamh so, agus chun séan síoraí do shealbhú ’na dhiadh so ar neamh.
C. Cad a thuigeann tú le neamh?
F. Ríocht glóire Dé.
C. Conas is féidir dúinn Dia d’aithint ar an dtalamh so?
F. Leis na fírinní a mhúin Sé dhúinn d’fhoghlaim.
C. Cá bhfaigheam na fírinní seo?
F. Táid go háirithe in sa Chré.

Ceacht a dó.

C. Abair an Chré.
F. “Creidim i nDia, &c.”
C. Cé ’ dhein an Chré?
F. An dá aspal déag.
C. Cad d’admhaímíd sa Chré?
F. Na cínn-rúndiamhra agus alta riachtanacha eile.
C. Abair na cínn-rúndiamhra.
F. Aondacht agus Tríonóid Dé, Ioncholladh, bás agus aiséirí ár Slánaitheóra.
C. Cad fá go dtugtar cínn rúndiamhra orthu san?
F. De bhrí nách féidir éinne a thagann chun blianta na tuisceana do bheith sábhálta gan fios bunúsach do bheith aige orthu agus iad do chreidiúint.
C. Cad a chiallaíonn Aondacht Dé?
F. Ná fuil ann ach aon Dia amháin.
C. Cad a thuigeann tú leis an dTríonóid?
F. Tuigim, in san aon Dia amháin sin go bhfuil trí pearsana diaga.
C. Cá mhéid Dia ann mar sin?
F. Níl ach aon Dia amháin. Ní féidir níos mó do bheith.
C. Cá mhéid pearsa i nDia?
F. Táid trí pearsana i nDia.
C. Cé hiad na trí pearsana iad san?
F. An tAthair, agus an Mac agus an Sprid Naomh.
C. An bhfuil an tAthair ’na Dhia?
F. Tá an tAthair ’na Dhia.
C. An bhfuil an Mac ’na Dhia?
F. Tá an Mac ’na Dhia.
C. An bhfuil an Sprid Naomh ’na Dhia?
F. Tá an Sprid Naomh ’na Dhia.
C. Ná fuil trí déithe ann mar sin?
F. Níl. De bhrí ná fuil ach aon nádúr amháin diaga in sna trí pearsanaibh diaga san níl iontu ach Dia amháin.
C. An bhfuil aon phearsa de sna pearsanaibh diaga so níos eagnaí, níos sine ná níos mó cómhachta ná ’ chéile?
F. Níl, óir táid uile iomlán gan teóra.

Ceacht a trí.

C. Cad a chiallaíonn Ioncholladh?
F. Gur ghlac Mac Dé colann daonna chun sinne d’fhuascailt agus do shábháil.
C. Cad a thuigeann tú le colann daonna do ghlacadh?
F. Nádúr an duine do ghlacadh, ’sé sin corp agus anam mar atá againne.
C. Conas d’ainmníonn tú Mac Dé ionchollaithe?
F. Íosa Críost, Fuasclóir agus Slánaitheóir an domhain.
C. Cé hé Íosa Críost?
F. Mac Dé, an dara Pearsa den Tríonóid rónaofa, do ghlac colann daonna.
C. Cár ghlac sé corp agus anam mar atá againne?
F. I mbroínn na Maighdine Glórmhaire Muire.
C. Conas sin?
F. Ghoibh sí é ón Sprid Naomh.
C. Cá mhéid nádúr in Íosa Críost?
F. Dhá nádúr, nádúr diaga agus nádúr daonna.
C. Cad ’tá ceangailte orainn a chreidiúint i dtaobh Íosa Críost?
F. Go bhfuil sé in’ fhíor-Dhia agus in’ fhíordhuine.
C. Cá bhfuil Íosa Críost anois?
F. Sa mhéid gur Dia é tá sé ins gach uile áit, agus sa mhéid gur duine é tá sé ar neamh amháin agus i naomh-Shacraimínt na haltórach.
C. Cad fá gur ghlac Mac Dé colann daonna?
F. Chun báis d’fhulag ar ár son.
C. Cad fá gur fhuilig Críost bás ar ár son?
F. Chun cirt Dé do shásamh agus chun sinne do shábháil ó ifreann agus ó chómhachtaibh an diabhail.
C. Cad fá go rabhamairne i gcómhachtaibh an diabhail?
F. De bhrí gur gineadh sinn i bpeaca.
C. Conas a thárla gur gineadh sinn i bpeaca?
F. De bhrí go ndeárna ár gcéad athair agus ár gcéad mháthair easúmhlaíocht in aghaidh Dé.
C. Cé ’ chuir cath orthu chun easúmhlaíochta do dhéanamh in aghaidh Dé?
F. An diabhal.
C. Cad a thuigeann tú leis an ndiabhal?
F. Aon de na haingealaibh a dhíbir Dia as na flaitheasaibh.
C. Cad a thuigeann tú le haingealaibh?
F. Spridí glana a cruthaíodh chun Dia do adhradh ar neamh.
C. Cad fá gur díbreadh aingil as na flaitheasaibh?
F. De bhrí gur dheineadar méirleachas in aghaidh Dé.
C. An bhfuil aon chúram eile ar an haingealaibh ach Dia d’adhradh?
F. Tá. Chuir Dia uaidh go minic iad mar theachtairí chun daoine, agus táid ceapaithe chun bheith dár gcuímhdeacht.
C. Cad é an pionós a chuir Dia ar na haingealaibh a dhíbir sé as na flaitheasaibh?
F. Dhaor sé chun ifrinn iad.
C. Cad a thuigeann tú le hifreann?
F. Áit ’na bhfuil pianta síoraí.
C. An bhfuil aon dream eile daor chun ifrinn ach na diabhail?
F. Tá, na daoine a gheibheann bás ’na namhdaibh ag Dia.
C. Cad é an luacht-saothair a thug Dia do na haingealaibh d’fhan dílis?
F. Shocraigh sé iad go síoraí i nglóire.

Ceacht a ceathair.

C. Cad é an pionós a chuir Dia ar ár gcéad athair agus ar ár gcéad mháthair?
F. Dhaor sé chun báis iad.
C. Ar chuir sé aon phionós eile orthu?
F. Do chuir. Bhain sé dhíobh gach teideal dá raibh acu chun flaithis Dé, agus mórán eile tabharthaisí dár bronnadh orthu.
C. Ar daoradh sinne mar a daoradh ár gcéad athair agus ár gcéad mháthair?
F. Do daoradh, de bhrí gur thánamair ar an saol so ciontach sa pheaca chéanna.
C. Conas ’ ainmnítear an peaca san.
F. Peaca an tsínsir.
C. Conas a gheibhimíd maithiúnachas i bpeaca an tsínsir?
F. Trí mhórluacht bháis Chríost do dhul chun sochair dúinn sa bhaisteadh.
C. Ar ghlac Mac Dé colann daonna gan mhoíll tar éis an pheaca a dhein ár gcéad athair agus ár gcéad mháthair?
F. Níor ghlac, go dtí tímpall cheithre mhíle blian ’na dhiaidh.
C. Cad é an lá a rugadh Íosa Críost?
F. Lá Nollag.
C. An fada a mhair sé ar an dtalamh so?
F. Tímpall trí mblian ndéag ar fhichid.
C. Conas a chríochnaigh sé a bheatha?
F. Fuair sé bás tárnálta ar chrois.
C. Cad é an lá a fuair Críost bás?
F. Aoine an Chéasta.
C. Cá bhfuair sé bás?
F. Ar chnuc Chalbherí.
C. Cá ndeigh anam Chríost tar éis a bháis?
F. Chuaigh sé síos go hifreann.
C. An ndeigh a anam go hifreann na ndamanta?
F. Ní dheigh, ach go hinead suaimhnis ar a dtugtar Limbó.
C. Cé hiad a bhí i Limbó?
F. Anamnacha na bhfíoraon a fuair bás roim Chríost.
C. Cad fá nár leogadh go flaitheas Dé iad gan mhoíll tar éis a mbáis?
F. De bhrí go raibh flaitheas Dé dúnta in aghaidh gach uile dhuine chun gur oscail Críost lena bhás é.
C. Cá raibh corp Chríost an fhaid a bhí a anam i Limbó.
F. Bhí sé san uaigh.
C. An fada d’fhan corp Chríost san uaigh?
F. Cuid de thrí lá.
C. Cad d’imigh ar chorp Chríost an tríú lá?
F. Do thóg sé é féin go glórmhar agus go domharaitheach ó mharaíbh.
C. Cad é an lá d’éirigh Críost ó bhás?
F. Domhnach Cásca.

Foclóirín

alt: “article”, with alta in the plural here, where the CO has ailt. Pronounced /ɑhl, ɑlhə/.
aondacht: “unity”.
ceann-rúndiamhar: “chief mystery of faith”.
cómhacht: “power”, or cumhacht in the CO. Pronounced /ko:xt/. In níos mó cómhachta, cómhachta may be plural (corresponding to cumhachtaí in the CO), “greater in terms of his powers”, as these constructions where comparatives govern nouns take the nominative (and not the genitive).
cuímhdeacht: “to accompany” or coimhdeacht in the CO. The Letiriú Shímplí here points to a pronunciation of /ki:dʹəxt/, but Cnósach Focal ó Bhaile Bhúirne has /ki:nlʹəxt/. Aingeal cuímhdeachta, “guardian angel”.
deinim, déanamh: “to do”, or déanaim, déanamh in the CO. Note the use of the past-tense dependent form deárna here. Go ndeárna would normally be gur dhein in WM Irish, although the use of dearna is prescribed in the CO.
domharaitheach: “immortal”, or do-mharaithe in the CO. Pronounced /do-vɑrəhəx/. The CO form reflects the traditional form do-mharbhtha, derived from the past participle of the verb marú.
dream: “crowd, group of people”. IWM indicates the initial consonants are broad, /draum/.
fíorsprid: “pure spirit”.
fuasclóir: “redeemer, deliverer”, or fuascailteoir in the CO. Pronounced /fuəskə’lo:rʹ/.
ginim, giniúint: “to beget, give birth to”. Often used in the autonomous: do gineadh sinn i bpeaca, “we were born in sin”. Gineadh is transcribed geneag in the Letiriú Shímplí edition, so more research on the pronunciation required here.
iomlán: “complete”. Ró-iomlán, “infinitely perfect”. Pronounced /umə’lɑ:n/.
Limbó: Limbo, a region of the underworld distinct from the Hell of the damned. This word is spelt liombó in the CO, but it is not really an Irish word and better spelt the way PUL spelt it here. As a foreign word the mb combination in the middle of the word does not indicate eclipsis, /lʹim’bo:/.
luacht-saothair: “reward”, a variant of luach-saothair.
méirleachas: “rebellion”, or meirleachas in the CO. The vowel before medial rl is generally lengthened in WM Irish, /mʹe:rlʹəxəs/.
mórluacht: “great value, efficacy”, one of the many words in the Irish language not listed in Ó Dónaill’s dictionary. The definition “great value, efficacy” is given in the foclóirín to the Catechism. Trí mhórluacht bháis Chríost do dhul chun sochair dúinn sa bhaisteadh, “through benefiting from the efficacy of the death of Christ by means of baptism”. Mórluacht is listed in the Catechism as a feminine noun, suggesting that luacht with a final t may be feminine too, although luach is masculine.
neamh: “heaven”. Note that the genitive is neimhe here, as confirmed in the foclóirín to the Catechism, and yet Shán Ó Cuív’s Letiriú Shímplí version consistently transcribes the genitive as neav. Given that Dinneen shows neamh is sometimes masculine, it may be that Ó Cuív believed neamh was often masculine in Cork Irish.
sábhálaim, sábháil: “to save”. Note the past participle here, sábhálta, /sɑ:’vɑ:lhə/, where sábháilte occurs in the CO. These participles are generally -lta in traditional Cork Irish.
sacraimínt: “sacrament”. The Letiriú Shímplí points to a pronunciation of /sɑkri’mʹi:ntʹ/, although the original text has both sacramínt and sácramínt. This word is masculine here, but feminine in the CO. There is no epenthetic vowel here, probably because the word is known in its English/Latin versions too.
séan: “good luck; happiness”. Séan síoraí, “eternal happiness”.
sínsear: “ancestor”, or sinsear in the CO. This word was traditionally spelt sinnsear, and had a long /i:/ in WM Irish. The singular form can have collective meaning, “ancestors”. Peaca an tsínsir, “original sin”.
sochar: “advantage, benefit”.
tárnálaim, tárnáil: “to nail”, or tairneálaim, tairneáil in the CO. Although the noun traditionally spelt tairnge, “nail”, is pronounced /tɑriŋʹi/ in WM Irish, as shown in IWM, the verb traditionally spelt tairngeálaim, tairgneail is pronounced /tɑ:r’nɑ:limʹ, tɑ:r’nɑ:lʹ/, as shown in Cnósach Focal ó Bhaile Bhúirne. The past participle is tárnálta, as opposed to the tairneáilte of the CO, pronounced /tɑ:r’nɑ:lhə/.
uaigh: “grave”, pronounced /uəgʹ/.

Mionghníomhartha agus paidreacha eile

Filed under: An Teagasc Críostaí,Contents — admin @ 12:12 am

Úrnaithe roimh na Gníomhartha.

Ó, a Dhia shíoraí uilechómachtaigh! Tabhair dúinn breis creidimh agus dóchais agus carthanachta, agus chun go mb’fhiú sinn gach ní a gheallan tú dhúinn d’fháil, tabhair dúinn grásta chun gach ní a órdaíonn tú dhúinn do ghráú agus do chómhlíonadh, trí Íosa Críost ár dTiarna. Amen.

Gníomh Creidimh.

Ó, a Thiarna, creidimh gach uile ní a chreideann agus a chuingíonn ár naomh-mháthair, an Eaglais Chaitlicí Rómhánach, agus go háirithe gach uile ní atá ainmnithe i gCré na hAspal, de bhrí gur fhoillsís féin dúinn iad. Creidim go speisialta in aon Dia amháin i dtrí bpearsanaibh, an tAthair, an Mac, agus an Sprid Naomh. Creidim gur ghlac an Mac, le hoibriú ón Sprid Naomh, colann daonna, i mbroínn na Maighdine Muire; gur fhuilig sé bás ar chrann na chroise ar ár son; gur éirigh sé an treas lá ó mharaíbh; go ndeigh sé suas ar neamh; go dtiocfaidh as san i ndeireadh an tsaeil chun breithiúntais do thabhairt ar gach n-aon de réir a n-oibreacha; go dtabharfaidh sé an bheatha shíoraí mar luach-saothair do na dea-dhaoine agus pianta síoraí ifrinn do na drochdhaoine.

Tá aigne dhiongbhálta agam, le cúnamh do naomhghrásta, maireachtaint agus bás d’fháil sa chreideamh so.

Gníomh Dóchais.

Ó, a Thiarna, tá muinín agus dóchas láidir agam, tríod mhórthrócaire féin agus trí pháis agus bás ár Slánaitheóra Íosa Críost, go dtabharfaidh tú grásta agus trócaire agus maithiúnachas im pheacaí dhom ar an saol so agus an bheatha shíoraí sa tsaol atá le teacht, de bhrí gur gheallais iad do na daoinibh a chuireann a muinín agus a ndóchas go hiomlán ionat, má dheinid dea-oibreacha, ní a gheallaimse dhuit anois do dhéanamh, le cúnamh do naomhghrásta.

Gníomh grá agus croíbhrú.

Ó, a Thiarna, gráim thu os cionn gach uile ní, de bhrí go bhfuilir róghrámhar róthaithneamhach agus rómhaith ionat féin. Tá grá agam dom chómharsain agus beidh de ghnáth, mar me féin, ar do shonsa. Tá grá chómh mór san agam duit gur túisce a scarfainn leis an saol go léir ná mar a scarfainn leat. Agus de bhrí go ndeineann an peaca maraitheach anam an duine do scarúint leat, tá cathú agus dólás croí chómh mór san orm, trí fheirg do chur ort riamh leis an bpeaca, go bhfuil aigne agam le cúnamh do naomhghrásta gan titim ann as so suas agus ócáidí an pheaca do sheachaint go brách arís.

Úrnaithe roim Aifreann.

Ó, a Athair róthrócairigh a ghráigh chómh mór san an domhan go dtugais suas t’aon-Mhac féin chun sinne ’ shábháil, an tÉ le húmhlaíocht duitse agus ar ár son-na na peacaigh, d’ísligh é féin fós go bás na croise, agus a leanann dhá ofráil féin go laethúil trí lámhaibh na sagart ar son na mbeó agus na marbh aicimíd ort go húmhal creideamh fírinneach do chruthú ionainn ionas go n-iompróimís sinn féin de ghnáth le hiomad cráifeachta agus fhomóis i láthair íbiortha fhíornaofa a chod’ fola agus feóla a deintear san Aifreann, agus mar sin go dtiocfadh linn bheith rannpháirteach san íbirt a chuir sé i gcrích ar chnuc Chalbherí.

Ar aon íntinn led naomh Eaglais agus lena seirbhíseach, ag iarraidh ímpí na Maighdine Muire, Máthair Dé, na n-aingeal agus na naomh go léir, ofrálaimíd anois íbirt ró-adhrúil an Aifrinn chun t’onóra agus chun do ghlóire, ag admháil do dhea-mhéinne gan teóra, t’árdchómhachta os cionn gach créatúra, ár bhfíorúmhlaíocht féin duit agus ár seasamh go hiomlán ar do chúnamh ghrástúil, ag tabhairt baochais duit i dtaobh do thabharthaisí uile agus chun maithiúnachais d’fháil ’nár bpeacaíbh.

Ofrálaimíd é ar son síolradh an chreidimh Chaitlicí, ar son ár n-athar rónaofa, an Pápa, ar son ár n-easpaig, ár n-uachtarán, agus ar son cléire uile t’eaglaise naofa, ionas go dtreóróidís na fíoraoin i slí a slánaithe, ar son síochána agus dea-mhéinne i measc gach pobail agus gach stáit, ar son riachtanaisí na cine daonna, agus go háirithe ar son an phobail atá anso láithreach, chun go bhfaighimís gach grásta atá riachtanach duinn ar an saol so, aoibhneas dochríochnaithe ar an saol eile agus suaimhneas síoraí do na fíoraonaibh d’imigh rómhainn.

Agus de réir mar a órdaigh Íosa Críost an uair a chuir sé ar bun ag á shuipéar dhéanach an rúndiamhar iúntach so a chómachta a chríonnachta & a mhaitheasa, ofrálaimíd an tAifreann i gcuímhniú baochais an mhéad a dhein sé agus d’fhuilig sé le grá dhúinn, ag déanamh cuímhniú speisialta ar a ghéarpháis agus ar a bhás, ar a aiséirí ghlórmhar agus ar a dhul suas ar neamh.

Ó, a Dhia shíoraí uilechómhachtaigh, (óir is duitse amháin is dual íbirt chómh mór san) goibh léi go grástúil chun na gcríoch so agus chun gach críche eile is taithneamhach led naomhthoil féin, agus chun go mbeadh sí níos taithneamhaí, ofrálaimíd duit í tríd an Íosa Críost céanna, do Mhac dílis, ár dTiarna & ár Slánaitheóir, ár n-árdshagart agus ár n-íbirt, agus in ainm na Tríonóide rónaofa, an Athar agus an Mhic agus an Sprid Naoimh. Amen.

(Na mionghníomhartha agus paidreacha eile ar leathanacha a 39-42.)

Foclóirín

adhrúil: “adorable”, a word not found in Ó Dónaill’s dictionary. Pronounced /əi’ru:lʹ/.
árdchómhacht: “supreme dominion; great power”, ardchumhacht in the CO.
árdshagart: “high priest”.
baochas: “thanks”, or buíochas in the CO. Spelt buidhchas in the original, but edited here in line with the Munster pronunciation, /be:xəs/.
broinn: “womb”, pronounced /bri:ŋʹ/.
Calbherí: Calvary.
carthanacht: “charity”.
cine: “race, nation”. Note this word is feminine in Cork Irish.
cráifeacht: “devoutness, devotion, piety”.
créatúir: “creature”, or créatúr in the CO.
crích: “end; purpose”, or críoch in the CO, with críche in the genitive singular, crích in the dative singular and críoch in the genitive plural. Chun na gcríoch so, “to these ends”. As the original nominative was críoch, which has been replaced by the dative crích in WM Irish, the genitive plural remains críoch.
críonnacht: “wisdom”.
croíbhrú: “contrition”.
cruthaím, cruthú: “to create”. PUL said in Notes on Irish Words and Usages that he had both seen and heard cruthaitheóir and cruthnaitheóir, but had only seen cruthú in print, but had never heard anything other than cruithniú; yet, cruthú is found here, and transcribed in Letiriú Shímplí as cruhú here. The form cruthú is left as is here.
cuímhniú: “commemoration”, or cuimhneachán in the CO. Pronounced /ki:’nʹu:/.
cuingím, cuingiú: “to enjoin”.
dea-mhéinn: “goodwill”, or dea-mhéin in the CO. Pronounced /dʹa-vʹe:ŋʹ/.
diongbhálta: “steadfast, staunch”, or diongbháilte in the CO, pronounced /dʹiŋə’vɑ:lhə/.
dóchas: “hope”.
dochríochnaithe: “unending”. The vowel of the prefix do- is given its full pronunciation, /do-xrʹi:xnihi/.
dólás: “sorrow, anguish”.
dul suas ar neamh: “ascension into heaven”.
eaglais: “church”. The genitive here is eaglaise, but the Letiriú Shímplí edition points to a form eagailse. It is likely that eagailse was the real dialectal form, but eaglaise is not wrong either and so stands as is here.
foillsím, foillsiú: “to reveal, disclose; publish”. The traditional ll is retained according to the rules set out in IWM whereby oi may be diphthongised before ll; the Letiriú Shímplí edition shows a diphthong here, /fəil’ʃi:mʹ, fəil’ʃu:/.
fomós: “reverence, homage”, or ómós in the CO. Fomós is specifically listed in the foclóirín to the Catechism, but the genitive form fhomóis found here, with no article requiring lenition, may indicate PUL’s real form was omós, /ə’mo:s/.
gabhaim, gabháil: “to go”. Gabháil le rud, “to receive something”.
gach: “every, each”. Relicts of eclipsis after gach remain in some phrases, as here breithiúntas a thabhairt ar gach n-aon, “to judge each”. See also faid gach n-fhaid, “for ever such a long time”; and mar bharra ar gach ndonas, “to crown all my misfortunes”. Where aon is a numeral adjective, gach aon duine is correct Irish; where aon is a pronoun, gach n-aon, “everyone”, is right.
géarpháis: “intense suffering; bitter passion (of Christ)”.
íbirt: “sacrifice”, or íobairt in the CO. Pronounced /i:birtʹ/ according to IWM, but PUL consistently used a slender b. The genitive is generally íbirte, but found here as íbiortha (or íbirthe; spelt ídhbirtha in the original). Jesus is described here as ár n-íbirt, “our sacrificial victim”.
iompraím, iompair: tú féin a dh’iompair, “to behave, deport oneself”.
leathanach: “page”, with the plural here leathanacha, where the CO has leathanaigh. As with many plurals that exist in multiple versions, it is possible leathanaigh was also accepted by PUL, but I have only found attestation of leathanacha so far.
luach-saothair: “reward”, also found in PUL’s works as luacht-saothair.
maithiúnachas: “forgiveness, remission of sins”, or maithiúnas in the CO.
maraitheach: “deadly, lethal”, or marfach in the CO, pronounced /mɑrəhəx/. Peaca maraitheach, “mortal sin”.
méad: “amount”, normally méid in PUL’s Irish. An méad is often better translated by “what”: an méad a dhein sé, “all he did, what he did”.
ofrálaim, ofráil: “to offer”, in the religious sense. Pronounced /ofə’rɑ:limʹ, ofə’rɑ:lʹ/.
rannpháirteach: “partaking, sharing”. Rannpháirteach i rud, “sharing in something”.
riachtanas: “need, necessity”, with riachtanaisí in the plural, where the CO has riachtanais.
roimh: “before”. Generally roim in WM Irish, but roimh is also found, pronounced /rimʹ~rivʹ/. Instances of roimh in the original here are transcribed as if roim in the Letiriú Shímplí edition, but PUL told Osborn Bergin that roimh was used in WM Irish where the principle of euphony required it.
scaraim, scarúint: “to separate”, or scaraim, scaradh in the CO. Scarúint duine le duine eile a dhéanamh, “to separate people from one another”.
seasamh: “standing”, but also “reliance, dependence”. Seasamh ar rud, “reliance on something”.
seirbhíseach: “servant”. The text here implies that seirbhíseach Eaglaise is one of the titles of the Pope.
síolradh: “spread, propagation”, or síolrú in the CO.
slánú: “salvation, redemption”.
speisialta: “special”, pronounced /spʹi’ʃiəlhə/.
tabharthas: “gift”, or tabhartas in the CO. Pronounced /tourhəs/. The plural here is tabharthaisí, where the CO has tabhartais. Tabharthaistí is also found in PUL’s works and appears to be the more common form.
taithneamhach: “pleasing, agreeable”, or taitneamhach in the CO. Pronounced /taŋʹhəvəx/.
teóra: “boundary”, or teorainn in the CO. Gan teóra, “infinite”.
trócaireach: “merciful”.
úrnaí: “prayer”, with úrnaithe in the plural.

Nótaí

Chun breithiúntais do thabhairt ar gach n-aon de réir a n-oibreacha: “to judge everyone according to his works”. Note how a grammatically singular noun which embraces many people, gach n-aon, is later referrred to by a plural possessive; a similar phenomenon is exhibited by colloquial English.

Seachaint: Shán Ó Cuív explained in the preface to the Letiriú Shímplí edition of the catechism that PUL changed the former seachnadh to seachaint in this edition of the catechism in order to update the language and remove archaisms.

October 1, 2011

Liodán Íosa

Filed under: An Teagasc Críostaí,Contents — admin @ 4:32 pm

Liodán Íosa.

A Thiarna, dein trócaire orainn.
A Chríost, dein trócaire orainn.
A Thiarna, dein trócaire orainn.
A Íosa, éist linn.
A Íosa, éist go ceannsa linn.
A Dhia, A Athair na bhflaitheas, dein trócaire orainn.
A Mhic Dé, a Shlánaitheóir an domhain, dein trócaire orainn.
A Dhia, A Sprid Naoimh, dein trócaire orainn.
A Thríonóid Naofa, a aon Dia amháin, dein trócaire orainn.
A Íosa, a Mhic Dé Bheó, dein trócaire orainn.
A Íosa, a Lonnradh an Athar, dein trócaire orainn.
A Íosa, a Ghileacht solais síoraí, dein trócaire orainn.
A Íosa, a Rí na glóire, dein trócaire orainn.
A Íosa, a Ghrian an chirt, dein trócaire orainn.
A Íosa, a Mhic na Maighdine Muire, dein trócaire orainn.
A Íosa róghrámhar, dein trócaire orainn.
A Íosa ró-iúntaigh, dein trócaire orainn.
A Íosa, a Dhia chómhachtaigh, dein trócaire orainn.
A Íosa, a Athair an tsaeil atá le teacht, dein trócaire orainn.
A Íosa, a Aingeal na mórchómhairle, dein trócaire orainn.
A Íosa róchómhachtaigh, dein trócaire orainn.
A Íosa rófhoighnigh, dein trócaire orainn.
A Íosa róriaraigh, dein trócaire orainn.
A Íosa is mín uiríseal croí, dein trócaire orainn.
A Íosa a thug grá don gheanmnaíocht, dein trócaire orainn.
A Íosa a thug grá dhúinne, dein trócaire orainn.
A Íosa a Dhia na síochána, dein trócaire orainn.
A Íosa, a Údar na Beatha, dein trócaire orainn.
A Íosa, a Shampla gach subháilce, dein trócaire orainn.
A Íosa, a Chara dhílis na n-anam, dein trócaire orainn.
A Íosa, a Dhia, dein trócaire orainn.
A Íosa, a Choimirce, dein trócaire orainn.
A Íosa, a Athair na mbocht, dein trócaire orainn.
A Íosa, a Shaibhreas na bhfíoraon, dein trócaire orainn.
A Íosa, a Dhea-Aeire, dein trócaire orainn.
A Íosa, a Fhíorsholas, dein trócaire orainn.
A Íosa, a Eagna Shíoraí, dein trócaire orainn.
A Íosa, a Mhaith gan teóra, dein trócaire orainn.
A Íosa, a Shlí agus a Bheatha, dein trócaire orainn.
A Íosa, a Lúgháir na nAingeal, dein trócaire orainn.
A Íosa, a Rí na bhfáidh, dein trócaire orainn.
A Íosa, a Oide na n-aspal, dein trócaire orainn.
A Íosa, a Theagascóir na Soíscéalaí, dein trócaire orainn.
A Íosa, a Neart na martar, dein trócaire orainn.
A Íosa, a Sholas na gconfesóirí, dein trócaire orainn.
A Íosa, a Gheanmnaíocht maighdean, dein trócaire orainn.
A Íosa, a Choróinn na naomh uile, dein trócaire orainn.

Dein trócaire orainn. Ó, a Íosa, ná daor sinn.
Dein trócaire orainn. Ó, a Íosa, éist linn.

Ón uile olc, saor sinn, a Thiarna.
Ón uile pheaca, saor sinn, a Thiarna.
Ó t’fheirg féin, saor sinn, a Thiarna.
Ó chleasaibh an diabhail, saor sinn, a Thiarna.
Ó sprid na drúise, saor sinn, a Thiarna.
Ó bhás shíoraí, saor sinn, a Thiarna.
Ó fhaillí dod mheanmna, saor sinn, a Thiarna.
Trí rúndiamhar t’Ioncholladh Naofa, saor sinn, a Thiarna.
Trí bhrí do bheirthe, saor sinn, a Thiarna.
Trí bhrí do naíondachta, saor sinn, a Thiarna.
Trí bhrí do bheatha dhiaga, saor sinn, a Thiarna.
Trí bhrí do shaothar, saor sinn, a Thiarna.
Trí bhrí do pháise agus do bhuartha, saor sinn, a Thiarna.
Trí bhrí do chroise agus do thréigin, saor sinn, a Thiarna.
Trí bhrí do mhórfhulag, saor sinn, a Thiarna.
Trí bhrí do bháis agus t’adhlactha, saor sinn, a Thiarna.
Trí bhrí t’aiséirí, saor sinn, a Thiarna.
Trí bhrí do dheasgabhála, saor sinn, a Thiarna.
Trí bhrí do lúghára, saor sinn, a Thiarna.
Trí bhrí do ghlóire, saor sinn, a Thiarna.

A Uain Dé, a thógann peacaí an domhain,
Ná daor sinn, a Thiarna Íosa.
A Uain Dé, a thógann peacaí an domhain,
Éist linn, a Thiarna Íosa.
A Uain Dé, a thógann peacaí an domhain.
Dein trócaire orainn, a Thiarna Íosa.
A Íosa, éist linn.
A Íosa, éist linn go ceannsa.

Guímís.

Ó, a Thiarna Íosa Críost aduairt, “Iarraidh agus tá le fáil agaibh, loirgidh agus do gheóbhaidh sibh, buailidh agus osclófar díbh;” aicimíd ort go húmhal go dtabharfá dhúinn tabharthas do ghrá rónaofa, ionas go ngráóimís tu feasta le lánchroí, le gach briathar agus le gach gníomh, agus ná scorfaimís choíche ded mholadhsa, atá beó id Rí ar shaol gan fóircheann. Amen.

Foclóirín

aicim, athach: “to beseech”, or aitim, atach in the CO. Note this rare verb is used only in the present tense and with the verbal noun. Aicimíd ort, “we beseech thee”. I haven’t found attestation of the verbal noun in PUL’s works, but Dinneen indicates athach, a form explained by the fact that the verb itself was originally spelt aithchim.
breith: “birth”. Note the genitive singular, beirthe, pronounced /bʹerhə/, where breithe would be found in the CO. Compare lá beirthe, “birthday”, and lá breithe, “day of judgment”.
ceannsa: “gentle, meek”, or ceansa in the CO. Go ceannsa, “graciously”.
coimirce: “protection, guardianship; refuge”. This is edited here using the form found in the CO, although PUL used the older spelling comairce in the original, because IWM shows the word is pronounced /kimʹirkʹ~kimʹirkʹi/. Yet the Letiriú Shímplí edition indicates a pronunciation of /komirkʹi/. Further research required.
cómhachtach: “mighty”, or cumhachtach in the CO. Pronounced /ko:xtəx/.
confesóir: “confessor”, a Latin word referring to the Confessors of the Faith, i.e., those saints who are not martyrs, apostles, evangelists or virgins. PUL uses the Latin word here, following his general practice of not imposing Irish spelling rules on foreign words, as the word does not mean the same as the word “confessor” in the sense of someone who hears a confession (which would be oide faoistine). A pronunciation of /konfʹe’so:rʹ/ could be suggested.
coróinn: “crown”, or coróin in the CO, pronounced /kro:ŋʹ/.
dea-aeire: “good shepherd”, or dea-aoire in the CO, pronounced /dʹa-e:rʹi/. It is worth noting that Cnósach Focal ó Bhaile Bhúirne shows that Amhlaoibh Ó Loingsigh had no intervening consonant between the prefix dea- and a following vowel, whereas Eibhlís, Bean Sheáin Uí Chróinín, inserted an h.
deasgabháil: “ascension”, or deascabháil in the CO. The Letiriú Shímplí transcription indicates the pronunciation is /dʹas-gvɑ:lʹ/.
fáidh: “prophet”, pronounced /fɑ:gʹ/.
faillí: “neglect”. Usually followed by í, but followed by do here: failli dod mheanmna, “neglect of your inspiration”.
fíoraon: “a just or righteous person”, or fíréan in the CO. IWM show the WM pronunciation as /fʹi:’rʹe:n/, but PUL may have had a broad r in this word, and the Letiriú Shímplí edition indicates a broad r.
foighneach: “patient”, pronounced /fəiŋʹəx/.
fóircheann: “end”, or foirceann in the CO. Gan fóircheann, “without end”. Pronounced /fo:rʹihən/.
geanmnaíocht: “chastity, purity”.
gráim, grá: “to love”. This verb is rarely used; elliptical constructions using the substantive verb and the noun grá are more common. We have the interesting conditional form gráóimís here, instead of the expected gráfaimís, and Dinneen shows that grádhuighim was a variant of grádhaim. I haven’t found any other examples of the use of this verb in the second conjugation.
ioncholladh: “incarnation”, or ionchollú in the CO.
iúntach: “wonderful”, iontach. Pronounced /u:ntəx/.
liodán: “litany”. Dinneen claimed that liodáin was treated as a masculine plural word in West Munster, but PUL clearly uses liodán here in the singular. Liodán Íosa, “Litany of the Holy Name of Jesus”.
loirgim, lorg: “to search”, or lorgaím, lorg in the CO. The form given here, loirgidh, points to a slender rg in this word, but some of the Letiriú Shímplí transcriptions of parts of this verb found in PUL’s Catilína point to a form lorgaim. More research required, but it is likely PUL had /lirʹigʹimʹ/ here.
lonnradh: “brightness, resplendence”, or lonradh in the CO. Pronounced /lu:rə/. A Lonnradh an Athar, “Splendour of the Father”.
lúgháir: “gladness, welcoming joy”, or lúcháir in the CO. This word was given as luathgháir in the original, and transcribed in the Letiriú Shímplí edition in a way that would indicate a pronunciation of /luə’xɑ:rʹ/, but IWM shows /lu:’ɣɑ:rʹ/ is the normal pronunciation, with /lu:’xɑ:rʹ/ also heard. Gaeilge Chorca Dhuibhne indicates a pronunciation of /luə’ɣɑ:rʹ/.The genitive here is lúghára, where the CO has lúcháire.
martar: “martyr”, a problematic word, as the CO form is mairtíreach and the WM form, as given in Cnósach Focal ó Bhaile Bhúirne is mairtír. Dinneen has martar and mairtír. PUL’s original spelling here was martear, but was transcribed in the Letiriú Shímplí edition as martar. It seems the modern pronunciation is /mɑr’tʹi:rʹ/, but that /mɑrtər/ and possibly /mɑrtʹər/ were also found.
meanmna: “mind, thoughts; spirit, courage; disposition, inclination”, or meanma in the CO. Pronounced /mʹanəmnə/. The English version of the Litany of the Holy Name of Jesus has “neglect of your inspirations” where faillí dod mheanmna appears in the Irish.
naíondacht: “infancy”, or naíonacht in the CO. (Naíondacht means “childlike innocence” in the CO.)
oide: “confessor, tutor, teacher”. Oide na nAspal, “Master of the Apostles”.
riarach: “complaisant, obliging, submissive”, a word not found in Ó Dónaill’s dictionary.
rúndiamhar: “mystery”, or rúndiamhair in the CO.
scoraim, scor: “to unloosen”, or scoirim, scor in the CO. Scoraim de rud, “I leave off, desist, cease doing something”. PUL used the spelling sgurfidís here in the original, but the spelling sguireadh is found in PUL’s Niamh. Ó Dónaill’s dictionary claims scoirim means “to unharness, unyoke”, but scoraim means “to cut meat.” Further research required here.
soíscéalaí: “evangelist”, pronounced /si:’ʃkʹe:li:/.
subháilce: “virtue”, or suáilce in the CO. Pronounced /suɑ:lkʹi/ according to the Letiriú Shímplí edition here, but /sə’vɑ:lkʹi/, according to the Letiriú Shímplí edition of PUL’s Catilína. Further research required.
tabharthas: “gift”, or tabhartas in the CO. Pronounced /tourhəs/.
tréigean: “desertion, abandonment, dereliction”.
Tríonóid: “Trinity”.
uiríseal: “lowly, humble”.
úmhal: “submissive, obedient”. Pronounced /u:l/.

Nótaí

Dein trócaire orainn: “have mercy on us”. Throughout the Litany, the Letiriú Shímplí edition transcribes dein as dén, pointing to a calcified pronunciation of the imperative, /dʹe:nʹ/. However, the historical form was déan, which would have had a broad n.

A Íosa ró-iúntaigh: “Jesus, most admirable”. The vocative here iúntaigh has been amended from the original iongantach in line with the pronunciation shown in the Letiriú Shímplí edition. Elsewhere in the litany, the correct adjectival vocatives are given.

A Shaibhreas na bhFíoraon: “treasure of the righteous”, in the vocative. The Letiriú Shímplí edition transcribes this as a Hevirish na víorän, but it seems incorrect to decline the vocative of an inanimate noun, and so the original text is left as it stood.

A Fhíorsholas: “true light”, in the vocative. The Letiriú Shímplí edition transcribes this as a Íor-Holuish, but it seems incorrect to decline the vocative of an inanimate noun, and so the original text is left as it stood.

September 30, 2011

An Teagasc Críostaí

Filed under: An Teagasc Críostaí,Contents — admin @ 7:45 pm

An Teagasc Críostaí

An tAthair Uilliam Ó Cathain Easpag Chluana da chéad chuir amach

An tAthair Peadar Ua Laoghaire Canónach do chuir in eagar agus foclóir leis

Nihil Obstat: Gulielmus Landers, Cens. Theol. Deput.

Imprimi potest: Gulielmus, Archiep. Dublinen., Hiberniae Primas.

Dublini, die 19o Octobris, 1920.

Preface to the 1921 edition

This Catechism was originally printed in modern Roman type some sixty years ago for the diocese of Cloyne, by the Rev. Canon Schmiddy, under the direction of Dr. Keane, who was then Bishop of the diocese. In 1901 it was republished in the older Roman or Gaelic Type, with a vocabulary, by Canon O’Leary, and it has since been used in many parts of Ireland.

An edition published in 1919 gave the questions and answers and the prayers in simplified spelling, according to the pronunciation of Canon O’Leary. When that edition was being prepared for the press some additional prayers were supplied by Canon O’Leary to make the book complete for use in the bilingual schools in which Catechism is taught in Irish. At the same time Canon O’Leary altered a few words to bring the language more into conformity with the usage of the present day. Some slight alterations in the text were also necessary to bring the Catechism into conformity with the new Canon Law. All these alterations and the new prayers are given in the present edition.

Na Paidreacha Miona.

In Ainm an Athar, agus an Mhic, agus an Sprid Naoimh. Amen.

An Phaidir.

Ár nAthair atá ar Neamh, go naomhaíthear t’ainm; go dtagaidh do ríocht; go ndéantar do thoil ar an dtalamh mar a déantar ar neamh. Ár n-arán laethúil tabhair dúinn inniu; maith dhúinn ár gcionta mar ’ mhaithimídne do chách a chionntaíonn ’nár n-aghaidh; agus ná léig sinn i gcathaíbh, ach saor sinn ó olc. Amen.

An tAvé Maria.

Go mbeannaíthear duit, a Mhuire, lán de ghrástaibh. Tá an Tiarna it fhochair. Is beannaithe thu idir mhnáibh, agus is beannaithe toradh do bhroinne, Íosa.

A Naomh Mhuire, a Mháthair Dé, guigh orainne na peacaigh, anois agus ar uair ár mbáis! Amen.

An Chré.

Creidim i nDia, an tAthair Uilechómhachtach, Cruthaitheóir neimhe agus talún, agus in Íosa Críost, a aon-Mhac san, ár dTiarna, a gabhadh ón Sprid Naomh, a rugadh ó Mhuire Ógh, d’fhuilig páis fé Phontius Pílait, do céasadh ar chrois, do fuair bás agus do hadhlacadh, a chuaigh síos go hifreann, d’aiséirigh an treas lá ó mharaibh, a chuaigh suas ar neamh, atá ’na shuí ar deasláimh Dé, an tAthair Uilechómhachtach. As san tiocfaidh ag tabhairt breithiúntais ar bheóibh agus ar mharaíbh. Creidim sa Sprid Naomh, sa Naomh Eaglais Chaitlicí, i gcomaoine na naomh, i maithiúnachas na bpeacaí, in aiséirí na colla, agus sa bheatha shíoraí. Amen.

An Fhaoistin Choiteann.

Admhaím do Dhia ’n uilechómhacht, do Mhuire naofa atá riamh ’na hógh, do Mhícheál naofa árdaingeal, do Naomh Eóin Baiste, do na hAspalaibh naofa, Peadair agus Pól, agus do na naoimh uile, gur pheacaíos go mór agus go rómhór, le smaoineamh, le briathar agus le gníomh, tríom choir féin, tríom choir féin, tríom choir féin go rómhór. Ar an abhar san achainím ar Mhuire naofa atá riamh ’na hógh, ar Mhícheál naofa árdaingeal, ar naomh Eóin Baiste, ar na hAspalaibh naofa Peadair agus Pól, agus ar na naoimh uile, guí chun an Tiarna Dia ar mo shon.

Go dtugaidh Dia ’n uilechómhacht grásta agus trócaire agus maithiúnachas im pheacaí dhom ar an saol so, agus an bheatha shíoraí sa tsaol atá le teacht. Amen.

Glóire don Athair

Glóire don Athair, agus don Mhac, agus don Sprid Naomh!

Mar a bhí ar dtúis, mar atá fós, agus mar a bheidh le saol na saol. Amen.

Foclóirín

abhar: ábhar in the CO. WM Irish distinguishes between abhar (originally spelt adhbhar, now pronounced /aur/), “material, cause”, and ábhar (sometimes written ádhbhar, pronounced /ɑ:vər/), “amount”. Ar an abhar san, “for that reason”.
achainím, achainí: “to entreat, petition, beseech”.
amen: “Amen”, or áiméan in the CO. This word is one of many whose spelling in the works of PUL indicates an eschewing of an artificial gaelicisation of a non-Irish word. The pronunciation is given in IWM as /amʹenʹ/.
Ave Maria: “Hail Mary”, or an tÁivé Máiria in the CO. PUL does not shoehorn this Latin phrase into an Irish guise.
baiste: “baptismal”. Eóin Baiste, John the Baptist. In Dinneen’s dictionary, baiste is an adjective meaning “baptismal”, whereas in Ó Dónaill’s dictionary it is a variant of the word baisteadh meaning “baptism”. It is probably to be interpreted as an adjective that derives from the genitive singular of the noun, baistidh, although the spelling Eóin Baistidh is not found.
Caitlicí: “Catholic”, or Caitliceach in the CO. Pronounced /katʹilʹikʹi:/.
cath: “temptation”, often found in the plural, cathaí. Note that in the CO a cognate word cathú is used.
céasaim, céasadh: “to crucify, torment”.
cionta: “sin, crime, guilt”, pronounced /kʹuntə/.
cionntaím, cionntú: “to sin, transgress”, or ciontaím, ciontú in the CO. The double n is given to show the long vowel: pronounced /kʹu:n’ti:mʹ, kʹu:n’tu:/. IWM indicates the first vowel is long in this word, short in the related word cionta, and either long or short in ciontach/cionntach, “guilty”.
Cluain Uamha: Cloyne, Co. Cork. The genitive is given here in Easpag Chluana, Bishop of Cloyne, where PUL’s Mo Sgéal Féin has Dióseas Chluanach agus Rosa, the diocese of Cloyne and Ross.
colann: “body”, with the genitive here colla. The CO has colainn and colainne respectively.
comaoine: “communion”, or comaoin in the CO. Spelt cumaoine in the original, the spelling has been edited to reflect the pronunciation given in the LS edition.
Cré: “creed”.
cruthaitheóir: “creator”. This word is found in the Creed here, but transcribed crunahóir in the LS edition. PUL stated in PUL1926 that he had both seen and heard cruthaitheóir and cruthnaitheóir, but had only seen cruthú in print, but had never heard anything other than cruithniú. Consequently, both cruthaitheóir and cruthnaitheóir are acceptable here, but is likely that the forms with a medial -n- are preferable in Cork Irish. Pronounced /kruhə’ho:rʹ~krunə’ho:rʹ/.
fuiligim, fulag: “to suffer, endure”, or fulaingím, fulaingt in the CO. D’fhuilig in the preterite, where the CO has d’fhulaing.
gabhaim, gabháil: “to be conceived”, among other meanings.
grásta: “grace”. Dinneen’s dictionary shows the nominative singular to be grás, but this word is nearly always found as grásta. PUL seems to use it as a grammatically singular word (cf. grásta mór ó Dhia in PUL’s Sgéalaidheachta as an mBíobla Naomhtha).
marbh: “dead person”. Both maraibh and maraíbh are found in the Creed here. The LS edition indicates a pronunciation maraíbh, reflecting later end-stress of dative plural endings; however, given instability of dative plural forms, maraibh is not incorrect.
ógh: “virgin”, especially Muire Ógh, “the Virgin Mary”. Pronounced /o:/.
páis: “passion”. Páis a dh’fhulag, “to endure suffering”.
peacaím, peacú: “to sin, transgress”. Found in the General Confession here, but peaca a dhéanamh is more common.
uilechómhachtach: “almighty”, or uilechumhachtach in the CO. Pronounced /ilʹi-xo:xtəx/. Similarly, Dia an Uilechómhacht, “Almighty God”.
Uilliam Ó Cathain: William Keane, Bishop of Cloyne 1857-1874.

Nótaí

An Phaidir: “the Lord’s Prayer”. This title is given in the Letiriú Shímplí edition, but not in the 1921 normal-spelling edition.
Go naomhaíthear: “may it be sanctified”. In the Letiriú Shímplí edition, go näfyr is found, indicating an original form, go naofar. However, the preface to the 1921 edition indicates that the language of the text was revised by PUL in line with modern norms, and he may have taken the chance to move this verb into the second conjugation here.
Go ndéantar: “let it be done”. The calcified form go ndéantar is found twice in this prayer, instead of the modern subjunctive autonomous go ndeintear. Calcified forms abound in prayers, and the pronunciation is indicated in the LS edition as /gə nʹe:ntər/; Amhlaoibh Ó Loingsigh’s pronunciation, given in IWM, has a slender medial n,/gə nʹe:nʹtər/, but the form as given by PUL is undoubtedly the correct older form.
Ná léig sinn i gcathaíbh: “lead us not into temptation”. The léig here is calcified, pronounced /lʹe:gʹ/, corresponding to leog in later WM Irish.
Saor sinn ó olc: “deliver us from all”. Amhlaoibh Ó Loingsigh’s version, given in IWM, was saor sinn ón olc, with the definite article.
An tAvé Maria: “the Hail Mary”. This title is given in the Letiriú Shímplí edition, but not in the 1921 normal-spelling edition.
Glóire don Athair: “the Glory Be”. This title is given in the Letiriú Shímplí edition, but not in the 1921 normal-spelling edition.

« Newer Posts

Powered by WordPress