Cork Irish

February 26, 2010

Marcus 4

Filed under: An Soisgéal do réir Mharcuis — admin @ 12:48 am

CAIBIDIOL 4.

Parabal an churadóra. An stoirm d’á ciúnadh ag Críost.

Agus do thosnuigh sé airís ar theagasg i n-aice na faraige, agus do chruinnigh sluagh mhór chuige, i dtreó go ndeaghaidh sé ar bórd luinge ar an uisge agus gur shuidh sé ann, agus bhí an tsluagh i n-aice au uisge, ar an dtalamh tirim. Agus thug sé mórán teagaisg dóibh i soluídíbh, agus dubhairt leó sa teagasg:
Éistidh liom: Féach, chuaidh curadóir amach ag cur síl. Agus ag cur an tsíl dó, do thuit cuid de’n tsíol i n-aice an bhóthair, agus tháinig éanlaithe an aéir agus d’itheadar é. Agus do thuit tuille dhe ar áit i n-a raibh iomad cloch, agus ní raibh puínn ithreach aige ann, agus d’fhás sé suas go tapaidh mar ní raibh an ithir doimhinn. Agus nuair a dh’eirigh an ghrian tháinig an brothall air, agus toisg gan an phréamh a bheith aige d’fheóch sé. Agus thuit tuille dhe ins na sgeachaibh, agus d’fhás na sgeacha agus mhúchadar an chuid sin, agus níor thug sé toradh uaidh. Agus do thuit cuid eile dhe ar thalamh fhóghanta, agus d’fhás sé agus d’eirigh sé, agus thug sé toradh uaidh, cuide de fó thríochad, cuid de fó thrí fichid, agus cuid dé fó chéad. Agus dubhairt sé: An t-é go bhfuil cluasa air chun cloisint cloiseadh sé.
Agus nuair a bhí sé i n’aonar d’fhiafruigh an dáréag a bhí i n’fhochair fios na soluíde dhe. Agus dubhairt sé leó: Do tugadh daoibh-se eólus d’fhághail ar rún diamhraibh rígheachta Dé, ach do’n mhuíntir sin atá lasmuigh, deintear gach nídh i soluídíbh; I dtreó ag féachaint dóibh go bhfeicfidís agus ná feicfidís, agus ag éisteacht go n-aireóchaidís agus ná tuigfidís, sar a ndéanfidís choidhche iompáil agus go maithfí a bpeacaí dhóibh. Agus dubhairt sé leó: An amhlaidh ná tuigeann sibh an tsoluíd sin? Má seadh, conus a thuigfidh sibh na soluídí go léir? An t-é a chuireann an síol isé an briathar a chuireann sé. An mhuintir i n-aice an bhóthair, sin iad an mhuintir, nuair a curtar an briathar agus go gcloisid siad é, go dtagann an namhaid láithreach agus go dtógann sé chun siubhail an briathar a cuireadh mar shíol ’n-a gcroidhthibh. Agus mar an gcéadna an mhuintir a ghlacann an síol ins na clochaibh, siniad an mhuintir, nuair a dh’airighid siad an briathar, a ghlacann láithreach é le h-áthas, Agus ní’l an phréamh acu ionta féin, ach seasuighid siad ar feadh tamaill; ansan, nuair a thagann an trioblóid, agus an cath d’á chur ortha mar gheall ar an mbriathar, glacaid siad sgannal láithreach. Agus tá daoine agus glacaid siad an síol ameasg na sgeach; siniad na daoine a dh’éisteann leis an mbriathar, Agus tagann cúram an tsaoghail isteach, agus mealladh saidhbhris, agus ainmhianta i dtaobh neithe eile, agus múchaid siad an briathar, agus curtar ó thoradh thabhairt é. Agus an muintir a ghlac an síol isteach sa talamh fóghanta, siniad an mhuintir a dh’éisteann leis an mbriathar, agus do ghlacann é agus do thugann toradh uatha, duine fó thríochad, duine fó thrí fichid, agus duine fó chéad.
Agus dubhairt sé leó: An chuige thagann an lóchrann soluis chun go gcurfí fé bhéal árthaigh é, nú fé leabaidh? Nách anáirde ar choinnleóir a curtar é? Óir ní’l rud i bhfolach ná tabharfar chun soluis, agus níor deineadh rún de ach i dtreó go nochtfaí é. Má tá cluasa chun aireachtaint ag aoinne airigheadh sé.
Agus dubhairt sé leó: Féach cad a dh’airigheann sibh. An tómhas ’n-a dtómhaisfidh sibh, siné an tómas ’n-a dtómhasfar chúghaibh, agus curfar tuille leis. Óir an t-é go bhfuil aige tabharfar tuille dhó, agus an t-é ná fuil aige tógfar uaidh a bhfuil aige.
Agus dubhairt sé: Sin mar atá rígheacht Dé, fé mar a chaithfeadh duine an síol sa talamh. Agus go mbeadh sé ag dul a chodladh agus ag eirighe gach n-oídhche agus gach lá, agus go mbeadh an síol ag préamhú agus ag fás a gan fhios dó. Óir tugann an talamh a thoradh i n-aisge, a n geamhar ar dtúis, ansan an dias, ansan an t-arbhar iomlán sa déis. Ansan, nuair a thugann sé an toradh uaidh, cuireann seisean an corán ann láithreach mar tá an fóghmhar buailte leis.
Agus dubhairt sé: Cad leis go samhlóchaimíd rígheacht Dé? nó cad í an tsoluíd le n-a gcuirfeam i gcomparáid é? Mar an ngráinne síl mustáird, nuair a curtar é sa talamh gur lúgha é ’ná aon tsíol eile d’á bhfuil sa talamh, Agus nuair a curtar é, agus go n-eirígheann sé, go mbíonn sé níos mó ’ná aon ghlasara eile, agus go dtagann géaga móra air i dtreó go bhféadaid éanlaithe an aeir cómhnuidhe dhéanamh fé n-a sgáth.
Agus i mórán soluídí de’n tsórd san do labhair sé leó an briathar fé mar a dh’fhéadadar éisteacht leis. Agus níor labhair sé leó ach i soluídíbh; ach do mhínigh sé gach aon rud d’á dheisgiobulaibh i leith taoibh.
Agus dubhairt sé leó an lá san, nuair a bhí an déanaighe ann: Téighmís anonn treasna. Agus chuireadar uatha na daoine agus thógadar leó é, mar a bhí sé, isteach sa luing, agus bhí loingeas eile i n’fhochair. Agus d’eirigh stoirm mhór ghaoithe, a bhí ag cur na dtonn isteach sa luing i dtreó go raibh an long d’á líonadh. Agus bhí sé fein i ndeire na luinge, agus é ’n-a chodladh ar adhart; agus dúisighid é, agus deirid: A Mháighistir, an cás leat é go bhfuilimíd d’ár mbáthadh? Agus d’eirigh sé agus do smachtuigh sé an ghaoth, agus dubhairt sé leis an bhfaraige: Éist, bí ciúin. Agus do tháinig ciúnas mór. Agus dubhairt sé leó-san: Cad fá an t-eagla so oraibh? Ná fuil creideamh agaibh fós? Agus bhí eagla ana-mhór ortha, agus deiridís le n-a chéile: Cé h-é seo dar leat, go bhfuil gaoth agus faraige úmhal dó?

No Comments »

No comments yet.

RSS feed for comments on this post. TrackBack URL

Leave a comment

Powered by WordPress