CAIBIDIOL 28.
Aiseiríghe Chríost an gnó a thug sé le déanamh d’á dheisgiobulaibh.
Agus i ndeire na sabbóide, nuair a bhí an chéad lá de’n tseachtmhain ag soillsiú tháinig Máire Mhagdalén agus an Máire eile ag féachaint na h-uagha. Agus féach, tháinig luasgadh mór talmhan. Mar tháinig aingeal an Tighearna anuas ó neamh, agus chuaidh sé agus d’iompuigh sé siar an chloch, agus shuidh sé uirthi; Agus bhí a ghnúis mar lasair theintrighe, agus a chuid éadaigh mar an sneachta. Agus le h-eagla roimis tháinig sgannra ar an lucht coimeádta, agus ba chuma iad nó daoine a bhéadh marbh. Agus d’fhreagair an t-aingeal agus dubhairt sé leis na mnáibh: Ná bíodh aon eagla oraibh-se; mar tá fhios agam gur b’é Íosa, do céasadh, atá uaibh. Ní’l sé anso: Mar d’aiseirigh sé, fé mar a gheall sé: tagaidh agus féachaidh ar an áit ’n-ar cuireadh an Tighearna. Imthighidh anois go luath, agus innsidh d’á dheisgiobulaibh gur aiseirigh sé: agus féach, tá sé ag dul rómhaibh go Gaililí: chífidh sibh sa n-áit sin é; féach tá innste agam daoibh roim ré. Agus d’imthigheadar amach go tapaidh ó’n uaigh, agus bhí eagla mór ortha agus áthas mór, agus iad ag ruith chun an sgéil a dh’ innsint dos na deisgiobuil. Agus féach, do bhuail Íosa úmpa, agus dubhairt sé: Slán daoibh. Agus do thánadar agus do rugadar ar chosaibh air, agus d’adhradar é. Ansan dubhairt Íosa leó: Ná bíodh eagla oraibh; imthighidh, agus innsidh dom’ bráithribh, ionus go raghaidís go Gaililí; Chífid siad sa n-áit sin mé.
Agus nuair a bhíodar imthighthe, tháinig cuid de’n lucht coimeádta isteach sa chathair, agus d’innseadar d’uachtaránaibh na sagart cad a bhí tuitithe amach. Agus thánadar-san i bhfochair a chéile, mar aon leis an seanóiríbh, agus chuadar i gcómhairle, agus thugadar cuid mhór airgid dos na saighdiúiríbh, Agus dubhradar leó: Abraidh, tháinig a dheisgiobuil sa n-oidhche, agus ghoideadar é agus sinne i n-ár gcodladh, Agus má airigheann an riaghaltóir an sgéal labharfaimíd-ne leis, agus cuirfimíd sibh-se ó bhaoghal. Agus do ghlacadar-san an t-airgead, agus dheineadar mar a dubhradh leó. Agus tá an sgéal san leathta a measg na n-Iúdach go dtí an lá indiu.
Agus d’imthigh an t-aoinnedéag deisgiobul go Gaililí, go dtí an cnoc mar a raibh ceapaithe ag Íosa dhóibh. Agus nuair a chonacadar é d’adhradar é; ach bhí cuid acu lag-chreideamhach. Agus tháinig Íosa agus do labhair sé leó, agus dubhairt: Do tugadh dómh-sa gach cómhacht ar neamh agus ar talamh. Imthighidh, d’á bhrígh sin, agus múinidh na geinte go léir, agus baistidh iad i n-ainim an Athar, agus an Mhic, agus an Spioraid Naoimh. Agus teagaisgidh iad chun gach ar órduigheas-sa dhaoibh do choimeád: agus féach, táim-se i nbhúr bhfochair tríd na laethanta go léir, go dtí críochnú an tsaoghail.