CAIBIDIOL 19.
Críost ghá dheimhniú go bhfuil an pósadh do-sgaoilte: agus ghá chómhairliú dhúinn sgaramhaint le gach nídh ar a shon féin. An contabhairt a leanann saidhbhreas a thaisbeáint aige, agus an tuarastal atá as gach nídh do thréigean ar a shon féin.
Agus do thárla, nuair a bhí na cómhráidhte sin críochnuighthe ag Íosa, gur fhág sé Gaililí agus go dtáinig sé i gcríochaibh Iúdaéa lastall de’n Iórdan. Agus do lean sluagh mhór é; agus do leighis sé iad sa n-áit sin.
Agus tháinig na Fairisínigh chuige ’ghá thriail, agus dubhradar: An dleaghthach de dhuine a bhean do chur uaidh ar gach aon tsaghas cúise? Agus do fhreagair sé iad, agus dubhairt: Nár léigheabhair, an t-é chruthuigh an duine ar dtúis, gur chruthuigh sé iad firean agus bainean, agus dubhairt sé: Mar gheall air sin, fágfaidh dhuine a athair agus a mháthair, agus claoidhfidh sé le n-a mhnaoi, agus beid siad ’n-a mbeirt i n-aoin fheóil. D’á bhrígh sin, ní dhá fheóil iad feasda, ach aoin fheóil amháin. Uime sin, an nídh a cheangail Dia ná sgaoileadh duine é. Dubhradar san leis: Cad chuige, má ’seadh, gur órduigh Maois leitir a díbeartha thabhairt di agus í chur chun siubhail? Dubhairt sé leó: Do cheaduig Maois daoibh-se, toisg an croidhe cruaidh a bheith agaibh, bhúr mná do chur uaibh; ní raibh an sgéal mar sin, ámhthach, ó thusach. Ach deirim-se libh, aoinne chuirfidh uaidh a bhean, ach amháin mar gheall ar dhrúis, agus do phósfaidh bean eile, go ndeineann sé adhaltranas; agus an t-é a phósfaidh an bhean a díbreadh, go ndeineann sé adhaltranas.
Dubhairt a dheisgiobuil leis: Má’s mar sin atá an sgéal ag duine i dtaobh a mhná, ní maith an rud pósadh. Agus dubhairt sé leó: Ní h-é gach aoinne a ghlacann an caint sin, ach an mhuíntir gur tugadh san dóíbh. Óir táid coillteáin do rugadh mar sin ó bhroinn a máthar; agus tá coillteáin gur thug daoine an cor san ortha; agus tá coillteáin a dhein iad féin do choillt ar son rígheachta ná bhflathas. An t-é go dtig leis a ghabháil gabhadh.
Ansan do tugadh chuige aos óg, go ndéanfadh sé a lámh do chur ortha agus guidhe; agus bhí na deisgiobuil ghá gcosg. Ach dubhairt Íosa leó: Leigidh chúgham an mhuintir bheag, agus ná coisgidh iad; óir is le n-a leithéidí sin rígheacht na bhflathas. Agus nuair a chuir sé a lámha ortha, d’fhág sé an áit sin.
Agus féach, tháinig duine chuige agus dubhairt sé: A Mháighistir mhaith, cad í anmhaith a dhéanfad ionus go mbeadh agam beatha shíoruidhe? Agus dubhairt sé leis: Cad é an trácht so agat ar mhaith? Ní’l ach Aon is maith, ’sé sin Dia. Ach má’s maith leat dul isteach sa bheatha, coimeád na h-aitheanta. Deir seisean leis: Cad iad na h-aitheanta? Agus dubhairt Íosa: Ná dein marbhadh; Ná dein drúis; Ná dein guid; Ná dein fiadhnaise bhréige; Tabhair onóir do t’athair agus dod’ mháthair; agus, grádhuigh do chómharsa mar thu féin. Dubhairt an t-óigfhear leis: Choimeádas iad san go léir ó m’óige; cad eile is riachtanach dom? Dubhairt Íosa leis: Má’s maith leat bheith beacht, imthigh agus díol amach a bhfuil agat, agus tabhair dos na bochtaibh, agus beidh stór ar neamh agat; agus tar agus lean mise. Nuair airigh an t-ógánach an chaint sin, ámhthach, d’imthigh sé agus é go buartha; mar fear ab eadh é go raibh mórán saidhbhris aige.
Agus dubhairt Íosa le n-a dheisgiobuil: Go deimhin adeirim libh, is deacair do’n duine saidhbhir dul isteach i rígheacht na bhflathas. Agus deirim airís libh é: Is usa do chamal gabháil tré chró snáthaide ’ná do’n duine saidhbhir dul isteach i rígheacht na bhflathas. Nuair airigh na deisgiobuil an méid sin tháinig árd-iongnadh ortha, agus dubhradar: Má ’seadh, cé fhéadfaidh dul saor? D’féach Íosa ortha agus dubhairt sé: Ní féidir so do dhaoine; ach is féidir le Dia gach nídh.
Ansan d’fhreagair Peadar agus dubhairt sé: Féach, d’fhágamair-ne gach nídh, agus do leanamair tusa: Agus cad a bheidh d’á bhárr againn? Agus dubhairt Íosa leó: Go deimhin adeirim libh, sibh-se do lean mé, sa n-aithgheineamhaint, nuair a shuidhfidh Mac an Duine i gcathaoir a ghradaim, suidhfidh sibh ar dhá chathaoir dhéag ag tabhairt breithe ar dhá threibh déag Israéil. Agus gach duine a dh’fhágfaidh a thigh, nó a dhritháracha, nó a dhriféaracha, nó a athair, nó a mháthair, nó a bhean, nó a chlann, nó a chuid tailimh, ar son m’ainime-se, gheobhaidh sé fó chéad agus beidh an bheatha shíoruidhe aige.
Ach beidh a lán d’á bhfuil ar tusach ar deire, agus d’á bhuil ar deire ar tusach.