APPENDIX.
C. An bhfuil gach pearsa fé leith, de na trí pearsanaibh, ’na Dhia?
F. Tá, go fíor.
C. Nách sin trí deithe fé leith ann?
F. Ní hea ach trí pearsana fé leith in aon Dia amháin.
C. Conas san?
F. Mar níl in sna trí pearsanaibh ach aon nádúr amháin diaga.
C. An féidir dúinn an ní sin do thuiscint?
F. Ní féidir, ach tá sé ceangailte orainn a chreidiúint gur fíor é.
C. Conas is féidir dúinn a chreidiúint gur fíor é muna féidir dúinn é ’ thuiscint?
F. Is mó rud is fíor nách féidir linn a thuiscint, agus is mó rud a chreidimíd nách féidir linn a thuiscint.
C. Cá bhfios dúinn an fíor go bhfuil trí pearsana i nDia?
F. Mar d’fhoillsigh Dia féin dúinn é.
———
C. Ceoca de na trí pearsanaibh a ghlac colann daonna?
F. An Mac.
C. Cad a ghlac sé?
F. Corp agus anam daonna.
C. Cár ghlac sé colann daonna?
F. I mbroínn na Maighdine Muire.
C. Conas?
F. Le hoibriú ón Sprid Naomh.
C. Cathain?
F. Lá fhéile Muire, an cúigiú lá fichid de Mhárta, naoi gcéad déag blian ó shin.
C. Cathain a rugadh é?
F. Oíche Nollag, trí ráithe ón Márta san.
C. Cad é an ainm a tugadh air?
F. Íosa Críost.
C. An bhfuil an dara pearsa den Tríonóid ’na Dhia agus ’na dhuine ó shin?
F. Tá.
C. Conas is féidir Dia agus duine ’ bheith in aon phearsain amháin?
F. Ní féidir an ní sin do thuiscint.
C. An bhfuil sé ceangailte orainn é ’ chreidiúint?
F. Tá.
C. Cá bhfios duinn an fíor é?
F. D’fhoillsigh Dia dhúinn é.
———
Foclóirín
Lá Fhéile Muire: March 25th, the Feast of the Annunciation. As in all such feast names, fhéile is truncated, and the pronunciation, as shown in the Leitiriú Shímplí version is /lɑ: lʹi mirʹi/.
muna: “if not”. The CO form is found here, but mara or mura are more common in WM Irish.
ráithe: “season, three months, quarter”, pronounced /rɑ:hə/.